Cáineadh déanta ar Fáilte Ireland agus turasóirí á mealladh acu chuig Gweedore, Dunquin agus Spiddal

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh níos mó Gaeilge le feiceáil ar shuíomh Discover Ireland

Cáineadh déanta ar Fáilte Ireland agus turasóirí á mealladh acu chuig Gweedore, Dunquin agus Spiddal

Is bocht an scéal é gur i mBéarla amháin atá an suíomh idirlín Discover Ireland, mórshuíomh turasóireachta Fáilte Ireland.

B’in a bhí le rá ag Conradh na Gaeilge faoi shuíomh aonteangach bhord turasóireachta na hÉireann, discoverireland.ie.

Díol trua é chomh maith, a dúradh, go bhfuil tús áite tugtha do logainmneacha Béarla cheantair Ghaeltachta ar an suíomh.

Níl leagan Gaeilge ar bith den suíomh ar fáil agus tá tús áite tugtha do na logainmneacha Béarla a bhaineann le ceantair agus bailte Gaeltachta.

Cé go bhfuil logainmneacha i nGaeilge agus i mBéarla úsáidte in áiteanna ar an suíomh Discover Ireland, is i mBéarla amháin atá na leathanaigh a dhéanann cur síos ar cheantair aitheanta Gaeltachta ar nós Gaoth Dobhair, Dún Chaoin agus An Spidéal. Gweedore, Dunquin agus Spiddal atá le feiceáil ar na leathnaigh sin agus na blúiríní eolais faoi na bailte i mBéarla amháin freisin.

Dheimhnigh Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc nach bhfuil aon dualgas reachtúil ar Fáilte Ireland leagan Gaeilge den suíomh a chur ar fáil toisc nach bhfuil aon scéim teanga daingnithe ag an mbord turasóireachta le hAire na Gaeltachta.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur léiriú an méid sin ar an bpráinn a bhaineann le deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus an córas atá luaite sa reachtaíocht teanga nua a thabhairt isteach.

Faoi na leasuithe a rinneadh anuraidh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, tabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur “bocht an scéal” é nach raibh an suíomh ar fáil i nGaeilge.

“Chomh maith leis an easpa measa, is léir nach bhfeiceann Fáilte Éireann ach oiread an luach a bhaineann leis an teanga agus cultúr na Gaeltachta ó thaobh na turasóireachta cultúrtha de. Is mór an t-easnamh ar an suíomh é,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Mura mbíonn gealltanas ina scéim teanga ní bhíonn dualgas ar chomhlachtaí poiblí logainmneacha oifigiúla Gaeltachta a úsáid ach amháin i gcásanna áirithe – in achtanna agus ionstraimí reachtúla, ar léarscáileanna áirithe agus ar chomharthaí bóthair nó sráide de chuid na n-údarás áitiúil.

Mar sin féin thug RTÉ treoir i mbliana d’iriseoirí nuacht an Bhéarla ar RTÉ úsáid a bhaint as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta amháin ina gcuid tuairiscí.

Tugadh gealltanas i scéim teanga a d’aontaigh RTÉ in 2018 go n-úsáidfí logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta ina gcuid craoltóireachta agus cumarsáide go léir, gealltanas nár comhlíonadh.

Tá ráiteas maidir leis an gcur chuige teanga ar shuíomh Discover Ireland lorgtha ag Tuairisc ó Fáilte Ireland ach níor cuireadh a leithéid ar fáil dúinn go fóill.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar Fáilte Ireland agus turasóirí á mealladh acu chuig Gweedore, Dunquin agus Spiddal'