‘Cailín cumasach, cairdiúil a réitigh le daoine’  – ómós léirithe do dhalta as Coláiste Pobail Ráth Chairn a maraíodh i dtimpiste bhóthair

Bhásaigh Caitlín Ní Bhaoill as an Uaimh, a bhí le tosú sa chúigiú bliain i gceann cúpla seachtain, i dtimpiste bhóthair an tseachtain seo caite

‘Cailín cumasach, cairdiúil a réitigh le daoine’  – ómós léirithe do dhalta as Coláiste Pobail Ráth Chairn a maraíodh i dtimpiste bhóthair

Tá ómós léirithe ag lucht Choláiste Pobail Ráth Chairn d’iardhalta dá gcuid a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste bhóthair an tseachtain seo caite.

Cuirfear Caitlín Ní Bhaoill, 17, arbh as An Uaimh di, inniu.

Bhí sí le tosú sa chúigiú bliain sa mheánscoil lán-Ghaeilge i nGaeltacht na Mí i gceann cúpla seachtain.

Dúirt Príomhoide Choláiste Pobail Ráth Chairn, Róisín Ní Dhúshláine, go raibh pobal na scoile “croíbhriste” faoi bhás Chaitlín, “cailín cumasach, cairdiúil” a raibh páirt “lárnach” aici i saol na scoile.

“Is tragóid uafásach é seo do mhuintir Chaitlín, dár scoil agus dár bpobal. Táimid croíbhriste. Tá ár gcomhbhrón agus ár smaointe le muintir Chaitlín agus lena cairde.

“Bhí Caitlín le tosnú sa chúigiú bliain agus is mór an chailliúint í do gach duine a raibh aithne acu uirthi. Cailín cumasach, cairdiúil í a réitigh le daoine agus a bhí lánsásta páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí agus ócáidí scoile,” a dúirt sí.

Tá comhairle agus tacaíocht á gcur ar fáil do mhúinteoirí agus daltaí na scoile ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais.

Carr amháin a bhí sa timpiste bhóthair a tharla i dtrátha 4.40pm Déardaoin seo caite ar bhóthar an R154 ag Pelletstown, Droim Rí, i gcontae na Mí. Ag an láthair a fógraíodh go raibh Caitlín básaithe.

Tugadh beirt eile go dtí an ospidéal. Tá drochbhail ar an tiománaí, fear sna 20idí, i gcónaí ach tháinig fear eile, atá sna déaga, slán ón timpiste.

Tá an Garda Síochána ag achainí ar aon duine a chonaic an timpiste teagmháil a dhéanamh leo. Aon duine a bhí ar bhóthar an R154 tráthnóna Déardaoin seo caite agus a bhfuil aon fhís cheamara nó daischeamara acu iarrtar orthu an t-ábhar sin a chur ar fáil do na Gardaí.

Dúirt comhairleoir áitiúil de chuid Fhianna Fáil, Tommy Reilly, go raibh an ceantar ar fad faoi scamall bróin ag bás Chaitlín.

“Is tragóid uafásach atá ann. Tá aithne agam ar an teaghlach agus is daoine iontacha iad.

“Tá an ceantar ar fad faoi scamall bróin. Scéal brónach a bhain creathadh mór as daoine. Cailín óg í a raibh a saol ar fad amach roimpi. Tá a bás uafásach ar fad.”

Fág freagra ar '‘Cailín cumasach, cairdiúil a réitigh le daoine’  – ómós léirithe do dhalta as Coláiste Pobail Ráth Chairn a maraíodh i dtimpiste bhóthair'