Níl droch-chaighdeán ag baint leis an uisce ag aon cheann den bhreis is 20 trá Ghaeltachta a luaitear sa tuarascáil is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).
Ba í Trá na mBan ar an Spidéal i gConamara an t-aon trá Ghaeltachta nár bhain ar a laghad stádas ‘caighdeán maith’ amach sa tuarascáil ar cháilíocht an uisce snámha in Éirinn, Bathing Water Quality in Ireland 2020. ‘Caighdeán sásúil’ a bhí i gceist ar Thrá na mBan.
Rinneadh tástáil ar 21 trá Ghaeltachta anuraidh agus d’éirigh le 17 acu an stádas is airde, ‘caighdeán den scoth’, a bhaint amach.
Tháinig feabhas ar chaighdeán an uisce in dhá thrá Ghaeltachta idir 2019 agus 2020. ‘Caighdeán maith’ a bhí ar Thrá na bhForbacha i gConamara agus ar Thrá Phort Arthur sna Doirí Beaga i nDún na nGall anuraidh, seachas an ‘caighdeán sásúil’ a tuairiscíodh in 2019.
Ba é Trá Phort Arthur an t-aon trá i nGaeltacht Thír Chonaill nár bhain stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Bhain na tránna uile a ndearnadh tástáil orthu i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht Mhaigh Eo stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Chomh maith leis an 21 trá Ghaeltachta a ndearnadh tástáil orthu ó thaobh chaighdeán an uisce snámha, luaitear ceithre thrá eile sa Ghaeltacht nach dtagann faoi na rialacha maidir le huisce snámha, ceann i gCiarraí agus trí cinn i nGaillimh.
Bhain gach ceann acu ‘caighdeán den scoth’ amach, sin iad Béal Bán i gCorca Dhuibhne, Trá na gCaorach in Inis Oírr, An Trá Mhór i nGarmna agus Trá na Reilige ar an gCeathrú Rua.
Déantar tástáil eile ar an uisce ag na tránna seo ar mhaithe le sláinte an phobail.
Bhí Trá an Chlocháin i gConamara agus Cuas Crom gar do Chathair Saidhbín i gCiarraí ar phéire de na ceithre thrá ar fud na tíre a raibh ‘droch-chaighdeán’ uisce iontu.
Ba í seo an cúigiú bliain as a chéile go raibh droch-chaighdeán uisce ar Thrá an Chlocháin agus tá Comhairle Chontae na Gaillimhe le comharthaí a chrochadh ansin a thabharfaidh le fios nár cheart do dhaoine dul ag snámh ann.
Sceitheadh fuíolluisce ó ionad cóireála an Chlocháin is cúis le droch-chaighdeáin uisce na trá. Measadh gur báisteach throm ba shiocair leis an droch-chaighdeán uisce i gCuas Crom agus gur fadhb ghearrthéarmach í.
San iomlán, rinneadh tástáil ar 148 trá in Éirinn anuraidh agus d’éirigh le 142 acu, nó 96%, an bunchaighdeán uisce (‘sásúil’) a bhaint amach. Bhain 75% an stádas ‘caighdeán den scoth’ amach.
Tránna Gaeltachta a luaitear sa tuarascáil
| Ciarraí | |
|---|---|
| Fionntrá | Caighdeán den scoth |
| Baile an Sceilg | Caighdeán den scoth |
| Dún na nGall | |
| Baile Thiarnáin | Caighdeán den scoth |
| An Charraig Fhinn | Caighdeán den scoth |
| Na Dúnaibh | Caighdeán den scoth |
| Droim na Tine | Caighdeán den scoth |
| Trá Phort Arthur | Caighdeán maith |
| Dumhaigh | Caighdeán den scoth |
| Machaire Rabhartaigh | Caighdeán den scoth |
| Gaillimh | |
| Trá na bhForbacha | Caighdeán maith |
| Trá na mBan, An Spidéal | Caighdeán sásúil |
| Céibh an Spidéil | Caighdeán maith |
| An Trá Mhór, Coill Rua | Caighdeán den scoth |
| Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua | Caighdeán den scoth |
| Trá Chaladh Fhínse | Caighdeán den scoth |
| Cill Mhuirbhigh, Inis Mór | Caighdeán den scoth |
| Trá Inis Oírr | Caighdeán den scoth |
| Maigh Eo | |
| Dumha Éige, Acaill | Caighdeán den scoth |
| Cuan Oilí | Caighdeán den scoth |
| An Mallach Rua | Caighdeán den scoth |
| Barr na Rinne | Caighdeán den scoth |
| Tránna eile | |
| Béal Bán (Ciarraí) | Caighdeán den scoth |
| Trá na gCaorach, Inis Oírr (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
| An Trá Mhór, Garmna (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
| Trá na Reilige, An Cheathrú Rua (Gaillimh) | Caighdeán den scoth |
Mairéad Ní Nuadháin
Feicim ‘caighdeán den scoth’ ar Thrá na nDúnaibh. Hmmm. Caithfidh mé é seo a chinntiú. Gach lá an tseachtain seo chugainn!