Caiféanna, bialanna, agus tábhairní bia á n-athoscailt inniu

Cé go bhfuil ‘dul chun cinn an-mhór déanta’ ó mhí Dheireadh Fómhair, deir NPHET go rabthas ag súil go mbeadh na figiúirí trí nó ceithre oiread níos ísle faoin tráth seo

Caiféanna, bialanna, agus tábhairní bia á n-athoscailt inniu

Beidh caiféanna, bialanna, agus tábhairní bia ag athoscailt inniu agus cead acu béilí a chur ar bord laistigh.

Tá an dara céim de phlean díchuibhrithe trí chéim an Rialtais ag teacht i bhfeidhm tráth a bhfuil rabhadh tugtha ag NPHET go bhfuil an galar fós á scaipeadh trí nó ceithre oiread níos tréine ná mar a bhí siad ag súil.

Cuireadh srianta leibhéal 3 i bhfeidhm arís sa tír ag tús na seachtaine nuair a bhí cead athoscailte ag siopaí, gruagairí, leabharlanna agus ionaid aclaíochta.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET, dá rachadh ráta atáirgthe an ghalair os cionn ‘2’ seachtain na Nollag go mbeadh idir 800-1200 cás ann faoi lár mhí Eanáir. Meastar gur idir 0.8 agus 1 atá an ráta atáirgthe faoi láthair.

Caithfear a bheith “stuama agus cúramach”, a dúirt an Dr Nolan.

Dúirt an leas-Phríomhoifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn nárbh amhlaidh go rabhthas ag moladh do dhaoine gan casadh le daoine eile go sóisialta ach go rabhthas ag iarraidh orthu teorainn a chur le líon a dteagmhálaithe agus bualadh le daoine ar bhealach “sábháilte”. Mhol sé do dhaoine bualadh le duine amháin eile ag an am agus é sin a dhéanamh taobh amuigh.

“Ní foláir dúinn a bheith ag smaoineamh an-mhór ar ár muintir féin sna seachtainí romhainn amach,” a dúirt an Dr Glynn.

183 cás nua den Covid-19 dheimhnigh an Roinn Sláinte inné. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go bhféadfadh go raibh 100 cás níos mó i gceist inné ná an 183 cás a fógraíodh ag brath ar an tionchar a bhí ag botún IT ar chúrsaí.

Tá ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine tite faoi bhun 80, i gcomparáid le 307 ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Measann an HSE go bhfuil contúirt ar leith ag baint le trí thréimhse – an deireadh seachtaine seo agus bialanna agus tábhairní bia ag athoscailt, an tseachtain seo chugainn agus daoine ag cuartaíocht ar a chéile, agus seachtain na Nollag agus na hathbhliana.

Dúirt Paul Reid go gcoinneodh an HSE “súil an-ghéar” ar an tríú céim, seachtain na Nollag, mar gur sa tréimhse sin “is mó an chontúirt don HSE agus do na seirbhísí sláinte”. B’amhlaidh an scéal a dúirt sé mar go mbeidh “na glúnta éagsúla” i gcuideachta a chéile ag ceiliúradh na féile le linn na tréimhse sin.

Maidir leis na bialanna agus na tithe tábhairne bia a bheidh ar oscailt arís inniu, tá go leor de na srianta céanna i bhfeidhm agus a bhí an uair dheiridh ach tá roinnt srianta breise ann an uair seo in iarracht scaipeadh an víris a cheansú.

Ní mór do thábhairní bia “béile téagartha” luach €9 ar a laghad a chur ar fáil más leo custaiméirí a ligean isteach faoina ndíon agus an uair seo caithfidh siad an béile sin a réiteach ina gcistin féin sa tábhairne.

Mar a bhí an uair dheiridh, beidh uair is 45 nóiméad ag custaiméirí le sásamh a bhaint as a mbéile agus dúnfar na gnóthaí ar fad ag 11.30pm. Ach aon duine atá ina shuí níos mó ná dhá mhéadar ón mbord is gaire dó féadfaidh sé fanacht ansin níos faide.

Ní féidir níos mó ná seisear a chur ina suí ag aon bhord agus ní ceadmhach bualadh le níos mó ná seisear as dhá theaghlach eile.

Níl cead aon chuairteoirí a bheith agat i do theach ná i do ghairdín ach duine atá i do nead shóisialta. Caithfidh daoine fanacht ina gcontae féin go dtí go scaoilfear a thuilleadh srianta idir an 18 Nollaig agus an 6 Eanáir.

An tráth sin beidh cead ag daoine taisteal ar fud an stáit agus cead acu dhá theaghlach eile a thabhairt chun an tí cé go moltar do dhaoine mascanna aghaidhe a chaitheamh agus cloí leis an scaradh sóisialta sa gcás sin.

Fág freagra ar 'Caiféanna, bialanna, agus tábhairní bia á n-athoscailt inniu'