Cad is mo náisiún ann? Cluiche monopoly a dhéanamh den rugbaí

Tá an baol ann sa rugbaí go leanfaidh an cluiche idirnáisiúnta patrún an chluiche club agus go mbeidh a rogha imreoirí ag na náisiúin is saibhre

Cad is mo náisiún ann? Cluiche monopoly a dhéanamh den rugbaí

Bhí an lá ba mhó dá shaol mar imreoir rugbaí ag Semesa Rokoduguni, ó bhaile Nausori in oileáin Fhidsí san Aigéan Ciúin, Dé Satharn seo d’imigh tharainn. Fuair Rokoduguni dhá úd, agus bhuaigh an gradam Laoch na hImeartha, sa chluiche idir Sasana agus a thír dhúchais i Twickenham. B’éachtach an t-aistear a bhí déanta aige, ó bhaile beag iargúlta go staid spóirt ina mbeadh fiche míle cathaoir folamh fós ann dá rachadh gach fear, bean agus leanbh i Nausori isteach ann.

Ach tá aon fhaidhbín amháin leis an scéal seo thuas; ba do Shasana a bhí Semesa ag imirt. Dar le rialacha Chumann Rugbaí an Domhain, tá cead ag imreoir imirt d’fhoireann náisiúnta pé tír ina bhfuil sé ag imirt, chomh fada is nár imir sé d’aon fhoireann shinsir idirnáisiúnta roimhe agus go bhfuil trí bliana caite aige ag maireachtaint sa tír sin. Mar sin, is féidir le leithéid Rokoduguni imirt d’aon fhoireann idirnáisiúnta ar domhan chomh fada is go bhfuil trí bliana caite aige sa tír sin. (Admhaím go bhféadfaí a rá gur eisceacht é Rokoduguni toisc gur chaith sé ana-thamall i bhfórsaí míleata na Breataine agus gur chaith sé seal san Afganastáin leo).

Sa chluiche céanna bhí Fídíseach eile agus Nathan Hughes agus triúr Nua-Shéalannach ag imirt do Shasana chomh maith (Dylan Hartley, Teimana Harrison agus Ben Te’o, a bhfuil oidhreacht Shasanach aige ar thaobh a mháthar). Sa chluiche idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn, bhí CJ Stander agus Jared Payne ag imirt d’Éirinn, beirt a cháiligh chun imeartha trí riail na dtrí bliana, agus beirt (Waisake Naholo agus Malakai Fekitoa) ag imirt don Nua-Shéalainn cé gur saolaíodh i dtíortha eile iad, i bhFidsí agus Tonga. Bhí rudaí dulta thar cailc ar fad sa chluiche idir An Fhrainc agus An Astráil; ba i bhFidsí a rugadh an ceathrar cliathánaithe a bhí ag imirt sa chluiche, bhí triúr eile ag imirt don Astráil a cháiligh ar bhonn na dtrí bliana, agus beirt eile a cháiligh don bhFrainc ar an mbonn céanna.

Patrún róchoitianta é seo i gcóras rugbaí an domhain fé láthair, agus tá sé ag déanamh ceap magaidh de na foirne náisiúnta. Tá imreoirí óga á mealladh óna dtíortha dúchais (go háirithe na náisiúin san Aigéan Ciúin), le himirt do thíortha eile, gan de bhunús go minic leis ach cúrsaí airgid. Ar an leibhéal is bunúsaí, is rian den chóras caipitlíoch idirnáisiúnta é seo; ar an leibhéal is tromchúisí, saghas impiriúlachas é ina bhfuil acmhainní daonna náisiúin amháin á ngoid ag náisiúin eile.

Cuirim an cliathánaí Marika Koroibete i gcás. Fidsíoch eile a d’imir ar an ardán idirnáisiúnta dá thír dhúchais i Rugbaí Sraithe go dtí le fíordhéanaí. D’iompaigh sé ar an rugbaí agus ainmníodh ar phainéal idirnáisiúnta na hAstráile é sara raibh oiread agus cluiche amháin rugbaí imeartha aige fiú ag leibhéal club. Tá an chuma ar an scéal seo go bhfuil údaráis rugbaí na hAstráile d’iarraidh bheith cinnte nach n-imreodh Koroibete d’Fhidsí go deo, mar a luaithe is a bhíonn caipín sinsir náisiúin amháin ar do cheann, ní féidir leat imirt d’aon fhoireann idirnáisiúnta eile go deo aríst.

Tá an baol ann sa rugbaí go leanfaidh an cluiche idirnáisiúnta patrún an chluiche club; beidh a rogha imreoirí ag na náisiúin is saibhre i dtaobh airgid, agus fágfar na náisiúin bhochta, atá saibhir ó thaobh chaighdeán na n-imreoirí óga atá acu, in áit na leathphingine ar an stáitse idirnáisiúnta. Tiocfaidh cuma na mBarbarians ar na foirne idirnáisiúnta, agus é ana-dheacair ag imreoirí óga dúchasacha sna tíortha saibhre deis a fháil ar an bhfoireann idirnáisiúnta de dheasca teacht na n-imreoirí seo.

Is fiú féachaint ar ghné eile den scéal seo chomh maith. Fé mar atá luaite thuas nuair a bhíonn fiú neomat amháin imeartha ag imreoir d’fhoireann shinsir idirnáisiúnta, ní féidir leo imirt go deo aríst d’aon fhoireann eile. I gcás Koroibete thuas, mar shampla, mura bhfuil sé feiliúnach do phleananna na hAstráile in éis cúpla cluiche, beidh sé caite amach sa bhruscar acu agus ní bheidh aon fháil ag Fidsí air. Cás iomráiteach is ea cás an imreora de chuid Chúige Laighean, Isa Nacewa. Rugadh agus  tógadh Nacewa sa Nua-Shéalainn ach d’imir sé cúpla neomat agus é ina fhear óg d’Fhidsí i gcoinne na hAlban ag corn an domhain sa bhliain 2003. Dhein Nacewa gach iarracht an caipín sin a chur ar neamhní chun go mbeadh sé in ann imirt do na hAll Blacks, ach níor éirigh leis.  Ar cheart na rialacha a athrú sa chás is nach mbeadh imreoir ach tar éis dornán cluichí a imirt d’fhoireann, go mbeadh sé in ann filleadh ar a thír dhúchais?

Caithfear rud éigin a dhéanamh fé na rialacha seo má tá sé i gceist cluiche ceart idirnáisiúnta a dhéanamh den rugbaí, seachas cluiche nach bhfuil ach ceithre nó cúig cinn d’fhoirne láidre san iomaíocht. Tá leaschathaoirleach Chumann Rugbaí an Domhain, an tAirgintíneach Agustín Pichot, suite meáite ar an bhfadhb a réiteach, cé go bhfuil leisce ar na náisiúin láidre aon athrú a dhéanamh, ní nach ionadh.

Deir Pichot gur chóir an riail trí bliana a ardú go cúig bliana, rud a chuirfeadh feabhas ar chúrsaí. Deir a thuilleadh gur cheart do dhuine bheith ina shaoránach sa tír sara mbeadh cead aige imirt don bhfoireann idirnáisiúnta. Pé réiteach atá ar an scéal, ba cheart go mbeadh deis ag na himreoirí is fearr in aon náisiún imirt dá náisiún féin.

Caithfear an pháirc imeartha a chothromú do na foirne ar fad; ní saghas cluiche monopoly den spórt atá uainn.