‘Hello, tá brón orm cur isteach ort. Is é an fáth go bhfuilim ag glaoch gur mhaith liom labhairt leat faoin toghchán uachtaránachta.’
‘Ceart go leor. Coinnigh ort.’
‘Níl a fhios agam ar chuala tú caint air, ach tá tú luaite mar dhuine a bheadh thar a bheith oiriúnach mar iarrthóir. Ar iarr duine ar bith ort nó ar mhol siad duit seasamh?’
Mura dtugann an duine ar a gcuirtear ceist mar seo le fios go soiléir láithreach, mar a rinne Emily O’Reilly inné, go ndiúltóidh sí nó sé d’aon iarratas, ní chuirtear as an áireamh iad go hiomlán. De ghnáth, bíonn drogall ar mhórán freagra chomh soiléir sin a thabhairt, go háirithe más ceannaire páirtí atá ar an bhfón.
Tá iriseoirí ag cur ceisteanna mar seo ar dhaoine éagsúla ó d’fhógair an tUachtarán Dé Máirt gur mian leis seacht mbliana eile a chaitheamh san Áras.
Is léir cheana féin go bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí neamhspleácha ag plé an toghcháin, agus gur dóichí ná a mhalairt go n-ainmneoidh scór (mar is gá, de réir an Bhunreachta) iarrthóir éigin.
Is léir freisin nach bhfuil aon easpa iarrthóirí ann. Tá ainmniúchán ó Theachtaí Dála/Seanadóirí á lorg cheana féin ag na seanadóirí Gerard Craughwell, Pádraig Ó Céidigh agus Joan Freeman.
Níor dheimhnigh Seán Gallagher, a bhí sa dara háit agus 28% den vóta céad rogha aige i dtoghchán 2011 (féach an tábla thíos), gur mian leis seasamh arís. Glactar leis mar sin féin gur léirigh an ríomhphost, inar iarr sé ar chomhairlí contae agus baile deis a thabhairt do dhaoine iarratais ar ainmniúchán a chur faoina mbráid, a spéis ar a laghad a bheith ina iarrthóir arís.
Tá sé ráite cheana féin ag Mary Lou McDonald gur chóir go mbeadh toghchán ann, agus tá na feisirí Eorpacha Liadh Ní Riada agus Lynn Boylan agus an Teachta Dála Caoimhghín Ó Caoláin luaite mar iarrthóirí oiriúnacha. Nó d’fhéadfaí iarrthóir ón taobh amuigh a roghnú, mar a rinne Sinn Féin agus John Finucane á ainmniú acu i mBéal Feirste Thuaidh i dtoghchán Westminster anuraidh (theip air suíochán a bhaint d’fheisire an DUP Nigel Dodds).
Is faoi Ard-Chomhairle Shinn Féin a bheidh sé cinneadh a dhéanamh ag cruinniú a thionólfar Dé Sathairn.
Beidh an chúis chéanna imní ag Sinn Féin agus atá ag gach duine a bheidh ag smaoineamh ar ainmniúchán sna laethanta atá romhainn: easpa ama. Níl ach thart ar 12 seachtain fágtha go dtí lá na vótála, má bhíonn toghchán ann, a bhuí leis an moill a chuir an tUachtarán le fógairt a chinnidh faoi sheasamh arís.
Bhí Mícheál D Ó hUigínn (in 2011) agus na huachtaráin a toghadh roimhe, Mary McAleese (i 1997) agus Mary Robinson (i 1990), ag stocaireacht ar feadh leathbhbliana ar a laghad roimh na toghcháin a bhuaigh siad. Is déine mar sin an dúshlán a bheidh le sárú ag iarrthóirí eile seachas an tUachtarán i mbliana.
Ceapann go leor daoine gur fearr i gcónaí go dtoghfaí uachtarán tar éis comórtais, ach céard is fiú toghchán mura mbeidh seans réasúnta ag beirt ar a laghad an gradam is airde sa tír a bhaint amach?
Toghchán Uachtaránachta 2011
An chéad chomhaireamh:
Mícheál D Ó hUigínn | 701,101 |
---|---|
Seán Gallagher NS | 504,964 |
Martin McGuinness SF | 243,030 |
Gay Mitchell FG | 113,321 |
David Norris NS | 109,469 |
Dana R Scallon NS | 51,220 |
Mary Davis NS | 48,657 |
Is ar an gceathrú comhaireamh a toghadh Ó hUigínn agus gach iarrthóir eile seachas Gallagher curtha as an áireamh.
Fág freagra ar 'Cad is fiú an rás don Áras atá romhainn? '