Cad is cairdeas ann? Tá sainmhíniú chomh maith is atá ann ag Hanya Yanagihara

Tháinig tromluí ar léitheoirí áirithe i ndiaidh dóibh a ‘A Little Life’ a léamh, ach tá níos mó ná sin i gceist le saothar Hanya Yanagihara

201504-spring-books-1-little-life-949x1356I gclár teilifíse iontach David Milch, Deadwood (HBO), déanann baintreach iarracht faoiseamh a thabhairt do dhílleachta beag agus í ag gol tar éis bhás a carad. Molann an bhaintreach di údar a bróin a roinnt léi chun an t-ualach a mhaolú: ‘Can you look to me now, Sofia? Can you try? I will be so grateful if you will trust me with your sadness, and I will trust you with mine, so that even when we are sad we will be grateful for how much we love each other, and know that we are in the world as much in our pain as in our happiness’. Achainí den chineál seo atá lárnach do leabhar corraitheach Hanya Yanagihara, A Little Life (Picador, 2015).

Cé gur ghlac Sofia bhocht le comhairle na baintrí in Deadwood, a mhalairt de scéal atá anseo. Baineann A Little Life le cairdeas idir cheathrar cairde i Nua Eabhrac nuair a chastar ar a chéile iad ar dtús san ollscoil; an t-ealaíontóir homaighnéasach JB, an t-ailtire Malcolm, an t-aisteoir Willem agus an dlíodóir bacach, Jude. Rithfeadh sé leis an léitheoir sara fada gurb é Jude an duine is tábhachtaí anseo, cé go mba dheacair é sin a shamhlú ar dtús. Cuireann a chosa isteach air go fíochmhar, ach diúltaíonn sé aon eolas a thabhairt dá chairde mar gheall ar an bpian seo, ná aon rud a rá mar gheall ar a shaol roimh bhlianta na hollscoile.

Diaidh ar ndiaidh déanann Yanagihara cúlra taibhsiúil Jude a shoilsiú. Dílleachta ab é a cuireadh go dtí mainistir inar  caitheadh go neamhthrócaireach leis. Deineadh ionsaithe gnéis ansiúd air agus leanadh dá ionsaí ar feadh deich mbliana i ndiaidh do Bhrother Luke é a thógaint amach as an mainistir chun a chorp óg a dhíol le ‘cliaint’ ar fud na Stát Aontaithe.

Tar éis do Luke lámh a chur ina bhás féin nuair a thagann na póilíní air i motel suarach, tagann diabhal eile an treo chun Jude a chrá, Dr. Traylor. (Buaileann Jude san aghaidh é le cóip de Dubliners James Joyce le linn iarracht amháin ar éalú óna thigh). Cineál comórtais atá ar bun idir an t-údar agus an léitheoir sna leathanaigh seo: an mbeidh ar chumas an léitheora leanúint ar aghaidh agus céasadh mall Jude á chur ina láthair? An mbeidh éinne in ann an fear séimh seo a tharrtháil ón olc? Seo príomhbhua an leabhair shuntasaigh seo.

Ní cheiltear aon chuid den fhírinne mar gheall ar an bhfulaingt, ach úsáidtear í chun téamaí uilíocha daonna a chur in iúl dúinn amhail an cairdeas, uaigneas, caidreamh collaí, faoiseamh agus an mhuinín a bhíonn againn as ár muintir agus as ár ndlúthchairde.  Má dhéanann Yanagihara cur síos sainiúil uafásach dúinn ar impleachtaí ionsaithe gnéis leanúnacha do phearsantacht pháiste ar leith – ‘he knew he was ruined’, ‘No law said he had to keep living’, ‘His brain was vomiting memories…’, ‘His system was compromised; he would drown in his memories’ – éiríonn léi chomh maith raidhse téamaí uilíocha eile a cheiliúradh go ceolmhar.

Nuair a shroicheann Jude a thearmann san ollscoil fé dheireadh, glacann sé obair mar mhúinteoir ag páiste leochaileach uaigneach. Agus é ag caint sa rang leis, tugann Jude sainmhíniú chomh breá céanna le sainmhíniú cáiliúil Aristotle sa Nicomachean Ethics ar choincheap an chairdis: ‘the only trick of friendship, I think, is to find people who are better than you – not smarter, not cooler, but kinder and more generous, and more forgiving – and then to appreciate them for what they can teach you, and to try to listen to them when they tell you something about yourself, no matter how bad – or good – it might be, and to trust them, which is the hardest thing of all. But the best as well’.

Ní léir, áfach, an bhfuil Jude féin in ann glacadh lena chomhairle féin agus cead a thabhairt don triúr eile cabhrú leis. Tháinig tromluí ar léitheoirí áirithe i ndiaidh dóibh an leabhar seo a léamh, ach ní foláir a rá go dtugann an t-údar aghaidh sa leabhar seo ar fhearainn spioradálta nua, agus ar na ‘mechanics of a shared existence’ mar a samhlaítear di iad.               

Fág freagra ar 'Cad is cairdeas ann? Tá sainmhíniú chomh maith is atá ann ag Hanya Yanagihara'