Cad iad na roghanna atá ag Jeffrey Donaldson?

Is léir ónar tharla le cúpla seachtain gur polaiteoir crua é Jeffrey Donaldson ach ní haon ribín réidh é na faicsin ar fad a shásamh

Cad iad na roghanna atá ag Jeffrey Donaldson?

Ba mhinic Jeffrey Donaldson á lua ag aontachtaithe mar ábhar ceannaireachta ó dheireadh na n-ochtóidí ar aghaidh. Ceapadh áfach go raibh an seans sin imithe le gaoth ó d’fhág sé an UUP le bheith gníomhach san DUP seacht mbliana déag ó shin.

Níos deireanaí an tseachtain seo nuair a thiocfaidh sé i gcumhacht go foirmiúil mar an tríú ceannaire ar an DUP i gcaitheamh dhá mhí fíorófar a aisling agus mianta na ndaoine a ghríos é ina óige. Níl ról an cheannaire éasca in am ar bith ach i bhfianaise na bhfadhbanna inmheánacha san DUP agus an ghuagacht atá cothaithe acu faoin bPrótacal iarBhreatimeachta tá dúshláin as cuimse le sárú ag an gceannaire Donaldson.

Beidh na roghanna a dhéanfaidh sé cinniúnach.

Tá an cinneadh a dhéanfaidh sé faoi Stormont a fheidhmiú go héifeachtach nó é a chur i mbaol mar chuid dá fheachtas in aghaidh an Phrótacail agus sláinte an DUP fite fuaite lena chéile. Nuair a bhí an feisire Donaldson ag stocaireacht sa bhfeachtas ceannaireachta dúirt foinsí gan ainm a bhí báúil leis nach mbeadh leisce air Stormont a scrios (a) chun stop a chur leis an bPrótacal agus (b) chun stop a chur leis an reachtaíocht Ghaeilge. Níor bhagair Jeffrey é féin na céimeanna sin, go poiblí ar aon nós, agus ní chun a leasa a bheidís.

Dúirt Donaldson, áfach, go mbeadh seasmhacht na n-institiúidí i mbaol mura sásófaí aontachtaithe i dtaca leis an bPrótacal. Más é a bhí i gceist aige airí a aistarraingt as Stormont cén tionchar a bheadh ag an rogha sin ar a aidhm chun an tacaíocht atá á cailliúint ag an bpáirtí a mhealladh ar ais? Chomh maith leis an bPrótacal a athrú tá athaontú a pháirtí ionas go mbeidh sé in inmhe do thoghchán an Tionóil an bhliain seo chugainn leagtha amach aige mar cheann dá phríomhchuspóirí.

Tá seans go gcuideodh scrios Stormont leis a áiteamh ar vótóirí a bhí ag bogadh i dtreo an TUV filleadh chuig an DUP ach cén líon a thréigfeadh iad dá bharr le tacú leis an UUP nó Alliance?

Tugadh foláirimh deich lá ó shin go dtarraingeodh an DUP amach as Stormont mura ngabhfadh an Státrúnaí Brandon Lewis siar ar an ngeallúint do Shinn Féin go rithfí an reachtaíocht Ghaeilge (reacht chultúir) in Westminster sa bhfómhar. Dúirt Edwin Poots cúpla lá ó shin gur inis an Státrúnaí dó gur in Uimhir a 10 Sráid Downing a deineadh an cinneadh an dlí a thabhairt isteach in Westminster. Baineadh leas as an raic faoin bplean sin agus cinneadh Edwin Poots glacadh leis is Paul Givan a ainmniú mar Chéad-Aire chun Poots a chur dá chois.

Is cosúil, áfach, go bhfuil glactha ag an DUP agus ag Donaldson leis gur dúnadh an dorais tar éis na foghla a bheadh in aon agóid eile i leith na reachtaíochta sin. Ceist eile ar fad áfach cé na constaicí a chuirfear sa mbealach ar chumhacht agus ar cheapachán an Choimisinéara Teanga.

Nuair a ghlac an DUP leis an bpacáiste cultúir in Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh ba é Jeffrey Donaldson a thairg mar shólás don lucht leanúna atá dubh dóite in aghaidh na Gaeilge go mbeadh ceannas acu in Oifig an Fheidhmeannais (oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire mar a bhíodh) ar chur i bhfeidhm na bhforálacha sa reachtaíocht.

Sula bhfaighidh siad an deis sin beidh roghanna Donaldson do phostanna in Stormont suimiúil, go háirithe ós gá dianchúram leighis chun buíonta éagsúla an pháirtí a thabhairt le chéile. Bhí tuairimíocht áiféiseach, greannmhar agus lán dáiríre, le clos in Stormont faoi cé a gheobhadh ardú nó ísliú céime. Mheas roinnt go raibh seans ag Paul Givan fanacht sa Chéad-Aireacht go dtí go bhfillfeadh Jeffrey as Westminster mar nach dteastódh briseadh eile in oifig an Fheidhmeannais nuair a d’éireodh sé as. Bhí daoine eile deimhin de nach dteastódh ón gceannaire nua ‘faicsean Paisley’ a fhágáil i gceannas agus é féin i Londain.

Ba léir, áfach, go mbeadh sé críonna duine nó daoine as an bhfreasúra inmheánach a bheith in oifig ar mhaithe lena thuilleadh nimhe a sheachaint. Tá scoilt dhomhain sa pháirtí faoi theaicticí, tá nimh sa mhuinchille ag go leor in dhá champa faoi na heachtraí le cúpla mí anuas. Is léir ónar tharla le cúpla seachtain gur polaiteoir crua é Jeffrey Donaldson ach ní haon ribín réidh é na faicsin ar fad a shásamh.

Níor mhór an nimh a bhaint as an mbolscaireacht in aghaidh an Phrótacail freisin. Bhí na léirsithe sráide ina choinne beag go dtí seo – cé is moite de na círéibeacha aimsir na Cásca. Is mionlach glórach iad an lucht agóide a bhailíonn fuinneamh ó ráitis na bpolaiteoirí aontachtacha. I mbéal shéasúr na máirseála tá súil go mbainfidh síneadh ar thréimhse faoisimh ó scrúduithe chustaim d’earraí ar nós ispíní cuid den ghus as an agóidíocht. An áiteoidh Jeffrey Donaldson, mar cheannaire nua an DUP ar lucht feachtais guaim a choinneáil orthu féin – tabharfaidh sé sin léargas dúinn ar an mianach atá ann mar cheannaire.

Fág freagra ar 'Cad iad na roghanna atá ag Jeffrey Donaldson?'