Alt a bhí ar shuíomh an BBC a chuir a mhachnamh mé. Na chéad línte a bhí faoi thrácht ann – leithéidí ‘The past is a foreign country; they do things differently there’ (The Go-Between) agus ‘Last night I dreamt I went to Manderley again’ (Rebecca). Is geall le cuireadh chun léitheoireachta na línte sin. Ní hamháin go spreagann siad fiosracht an léitheora; tá filíocht iontu a fhógraíonn gur seal i gcuideachta ceardaí atá i ndán duit má leanann tú ort ag tiontú na leathanach.
Cad iad na chéad línte is ansa le léitheoirí na Gaeilge? Seo cúig mholadh le tús a chur leis an phlé.
1. An tús pléascach ceart
Is doiligh dúinne a thuigbheáil cad é an chonspóid a bhain leis an ‘tús pléascach’ a chuir an Piarsach le ‘Íosagán’: ‘Bhí sean-Mhaitias ina shuí le hais a dhorais.’ Maith go leor, d’fhuascail sé scríbhneoirí na Gaeilge ó na deachúna a bhí orthu riamh – na chéad deich leathanach a thabhairt suas do chuntas ar an tírdhreach nó ar an aimsir. Ach b’éigean dúinn fanacht le Pádraig Standún leis an ghnó a dhéanamh mar is ceart, i dtosach Súil le Breith: ‘Bhí Paddy McEvilly pléasctha lena chuid uisce, ach bhí sé róchompoirteach le broinn dheas the na pluide a fhágáil.’ Tuigim duit, a Phaddy. Sé phionta an oíche roimh ré – mo thrua do leatrom is do leatra.
2. An tús is fearr a chuireann ábhar an scéil i láthair
Is ar Mháirtín Ó Cadhain (nó ar Chaitríona Pháidín?) a bhronnaim an churadhmhír sa chatagóir seo: ‘Ní mé an áit ar Áit an Phuint nó na Cúig Déag atá mé curtha?’ Siúd iad na chéad fhocail in Cré na Cille agus is deas an réamhbhlaiseadh iad ar 350 leathanach de sciolladh, spíd agus sáraíocht. An phingin ag amharc anuas ar an leathphingin.
3. An tús is fearr a chuireann carachtar i láthair
‘Bhí Agnes Uí Ruairc ag dustáil Leanbh Phrág nuair a shíl sí gur chuala sí bícearnach.’ Sin agaibh tús an ghearrscéil ‘An Spideog’ le Brighid Ní Mhonacháin (An Teachta Dála agus Scéalta Eile). Is ea, tá aithne againn uilig ar Agnes.
4. An líne a shíl tú riamh í a bheith ina céad líne
‘Bhí fear ann fadó agus is é ainm a bhí air ná Séadna.’ Ba ar an nóta béaloideasúil sin a chuir an tAthair Peadar tús leis an chéad úrscéal Gaeilge is fiú a léamh. Ach fan… tá leathanach go leith mionchainte idir Nóra, Peig, Síle, Cáit agus Gobnait sula luaitear Séadna ar chor ar bith.
5. An ráiteas dána fealsúnta
‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach, creid mise, ní searbh atá sí ach garbh, agus sin an fáth a seachantar í.’ Leag do mhéar ar leathanach ar bith in Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna agus tiocfaidh tú ar sheoid éigin is fiú a ghreanadh i gcloch, ach mo dhúshlán fút an líne áirithe sin a shárú ar shearbhas.
Tiarnan de Fréine
Sean bhean is mé anois agus cos amháin san uaigh – Peig. Tá fhios agam, ní úrscéal atá ann, ach tá cuimhne agam ar an líne sin le breis is dhá scór bliain, agus ní sé léite arís agam ó shin!!
Rita Ní Chatháin
‘I gCinn Mhara bhíos nuair a chuir mé aithne ar m’asal beag dubh i dtosach ‘. Ceann eile as gearrscéal is cuimhin liom : “Marbh a rugadh an lao.” as Dúil le Liam Ó Flaithearta.
Helen
Cá raibh an fear gurbh fhiú do chailín luí leis ar an mbaile? ‘Ar aon chuma’ dúirt Bríde, cá bhfuil an fear go bhfuil an fonn air? Níl sé ann. Nuair a thagann saesúr na móna féin anois ní raghaidís chun cnoic leat. Eagla chúchu teacht orthu’
Bríde Bhán. Le Pádraig Ua Maoileoin
Muiríoch (Albanach)
”Leor nimh mo theanga gan í a ghríosadh.”
An Fear Dána le Alan Titley (1993).
Dónall ó Cnáimhsí
Nuair a tháinig mise ar an tsaol (is truagh a thàinig riamh, ach chan mo mhian a bhí) cé bith mar ata Toraigh anois (agus is furast a mholadh) bhí sé seacht n-uaire is trí fichid níos boichte is níos leatromaí an t-am sin.
Seamus Mac a Bhaird (1879 -1951)
Eachtraí Mara Pháidí Pheadair as Toraigh