Cad é fiaile ach planda san áit mhícheart

Bhí Ladybird Johnson chun tosaigh ar go leor eile nuair a cheap sí go mba mhaith an smaoineamh é plandaí agus bláthanna fiáine a chur ar thaobhanna an bhóthair ar fud na Stát Aontaithe

Cad é fiaile ach planda san áit mhícheart

Nuair a thug mé mo chéad chuairt ar North Carolina na blianta ó shin, d’inis mo dheartháir dom faoi scéim a thionscain Ladybird Johnson, bean an iarUachtaráin. Cheap sí go mba mhaith an smaoineamh é plandaí agus bláthanna fiáine a chur ar thaobhanna an bhóthair. Ag an am is dóigh, ní raibh sí ach ag smaoineamh ar bheagáinín dath agus éagsúlacht a chur os comhair na dtiománaithe ar thurais fhada leadránacha trastíre.

B’in sna seascaidí nuair a tháinig Lyndon Baines Johnson i gcomharbacht ar an Uachtarán John F Kennedy. Bíonn go leor cainte faoina bhean siúd, Jackie agus an saol suimiúil a chaith sí. Ach is beag a chloistear faoi Lady Bird Johnson.

Bhí sí mór leis an aisteoir Helen Hayes agus chuadar i bpáirt le plean na mbláthanna a chur i gcrích. Is dócha gur chuidigh sé go raibh cáil an-mhór ar Helen Hayes ag an am – bhí sí ar an dornán beag aisteoirí a raibh gradaim Oscar, Emmy agus Tony buaite aici ar a cuid aisteoireachta ar stáitse agus ar scáileán.

Chuir an bheirt tús lena bplean agus i stát Texas a chuadar i mbun oibre. Sa lá atá inniu ann, tá a n-oidhreacht le feiceáil, ní hamháin ar thaobh an bhóthair, ach i nGairdín na Lus, faoi scáth na hOllscoile, mar chuid de Leabharlann an IarUachtaráin Johnson.

 

Thóg sé achar an-fhada agus géarchéim dhomhanda bhitheolaíochta sular thuig an chuid eile den domhan an tábhacht a bhain le plandáil ar son na bithéagsúlachta. Ón uair a chuir Lady Bird a céad phlanda ar thaobh an bhóthair, níl a fhios cén sléacht atá déanta ar ainmhithe, ar fheithidí agus ar phlandaí nádúrtha, le ceimiceáin, le plandáil mhínádúrtha agus le hinnealra a bhíonn ag síorbhaint an fhéir ar mhaithe le ‘áilleacht’.

Ach cad é fiaile ann ach ‘planda san áit mhícheart’? Nach mór an spórt iad na plandaí a fhágtar ag fás go nádúrtha anois sna páirceanna poiblí, ar thaobh na mbóithre agus fiú in institiúidí a bhíodh an-mhórtasach as a gcuid plásóga féir?

Rinne Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath suirbhé anuraidh agus d’fhiafraigh siad den phobal an mbeidís ar son nó i gcoinne na plásoga féir atá ar aghaidh an choláiste a bhaint agus plandaí fiáine a chur ina n-áit. Vótáil móramh mór – 90% – ar son na mbláthanna fiáine. Agus i mbliana, siúd iad dealbha na ‘máistrí’, Burke agus Goldsmith agus iad timpeallaithe ag nóiníní bána ag damhsa faoin ngrian.

Scríobh mé cheana faoi Ruairí Ó Dúlaing, an fear atá i gceannas ar na gairdíní i bpáirceanna poiblí Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin. Anuraidh a chéad thug mé faoi deara go raibh sé mar pholasaí aige paistí fiáine a fhágáil i ngach páirc phoiblí thart anseo.  Ghlac go leor dreamanna eile lena shampla agus i mbliana thug mé faoi deara go raibh paistí féir fágtha gan bhaint sna heastáit timpeall anseo. Cuirtear suas fógra ag cur bac ar bhaint an fhéir agus ag míniú don phobal go gcuidíonn an obair seo le slánú na mbeach agus na bhfeithidí eile a bhíonn ag brath ar éagsúlacht bláthanna.

Ní bhíonn gach turas gan dris chosáin, áfach. Faoi dhó le seachtain anuas, chuala mé faoi dhaoine a shocraigh a ngarraí féin a scaoileadh chun fiántais agus nach ródhearfach an toradh a bhí ar an obair. D’iarr comharsa ar chara liom féin i nGaillimh an bhféadfadh sí na caisearbháin a bhí ag fás agus ag treisiú ar leic an dorais aici a bhaint, sula ngabhfaidís fiáin amach is amach agus isteach ina garraí féin.

‘Ní féidir,’ a dúirt mo chara go béasach. ‘Tá mé ag tabhairt aire do na beacha.’

Seans gur féidir an iomarca aire a thabhairt do na beacha céanna?

Chuala mé ar na meáin shóisialta faoi litir nó fógra a crochadh ar gheata i gCluain Tarbh, i mBaile Átha Cliath, ag caitheamh anuas ar an gcaoi a raibh an t-áitritheoir ag ligean do na fiailí imeacht ó smacht, os comhair an tí ansin. B’éigean do lucht stiúrtha na mBailte Slachtmara go háitiúil teacht amach go tapaidh agus litir a eisiúint ag rá nárbh iadsan a bhí taobh thiar den fhógra (gan ainm) agus leithscéal a ghlacadh le lucht na bhfiailí.

Chonaic mé i mBóthar na Trá agus mé ar mo bhealach siar an tseachtain seo caite go bhfuil go leor de na plásóga féir ligthe chun fáis le tamall. Ach, ar nós na bplásóg i gColáiste na Tríonóide, tá siad slachtmhar agus réimse tarraingteach plandaí iontu agus cuma dheas, phléisiúrtha ar an tírdhreach áirithe sin anois.

Ní féidir a bheith ar nós ‘cuma liom’ faoin obair seo ar fad. Agus cé nach mbaintear an féar i rith an tsamhraidh, bí cinnte de go mbaintear am éigin é. Agus cé go mbreathnaíonn na paistí ‘fiáine’ ar nós garraí a ligeadh i ndearmad, ní hamhlaidh a bhíonn. Bím ag coinneáil súil ar an toradh i gcuid mhaith de na páirceanna poiblí thart anseo, agus ní haon timpiste ‘nádúrtha’ atá iontu.

Agus ní hé an rud is éasca ar domhan é na plandaí ‘fiáine’ nó ‘nádúrtha’ a fhás as paicéad síolta ach an oiread. Cé go gceapfá go bhfásfaidís gan cabhair ar bith, tógann siad an oiread céanna cúraim, feictear dom féin, is a thógann na cinn ardnósacha a mbíonn cleachtadh againn orthu.

Blianta i ndiaidh di an smaoineamh úrnua sin a bheith aici, tá institiúid Lady Bird Johnson ag dul ar aghaidh go tréan. Bíonn sé oscailte do chuairteoirí, tugann siad gasúir scoile ar laethanta eolais agus caitheamh aimsire ann, agus cuireann siad síolta agus eolas amach chuig dreamanna ar suim leo garraí nádúrtha dá gcuid féin a fhás, sa scoil, i gclub nó a leithéid.

Coinníonn siad beo an t-eolas agus gach a mbaineann leis na plandaí a d’fhás go traidisiúnta sna stáit éagsúla agus tá an iliomad gradam bronnta orthu de bharr na hoibre seo le blianta anuas. Go deimhin chuir an tUachtarán Obama an-suim ann le linn dó féin a bheith ina Uachtarán agus thug aitheantas ar leith dóibh.

Meastar go bhfuil suas le 17 milliún acra de ‘pháirceanna poiblí’ sna gnáthóga ar thaobh an bhóthair i Meiriceá – na gnáthóga ‘líneacha’ is mó ar domhan.

An chéad uair eile a fheicfeas tú caisearbhán nó nóinín, smaoinigh- an fiaile é nó planda san áit mhícheart?

Fág freagra ar 'Cad é fiaile ach planda san áit mhícheart'