Cad déarfadh Béarlóirí leis dá mba i nGaeilge a labhródh Des Cahill agus Tomás Ó Sé ar ‘The Sunday Game’?

Masla don Ghaeilge, do lucht a labhartha agus dóibh siúd atá ag streachailt ag iarraidh í a choinneáil beo ab ea an méid a chonacthas ar Laochra Gael ar TG4 an tseachtain seo

Cad déarfadh Béarlóirí leis dá mba i nGaeilge a labhródh Des Cahill agus Tomás Ó Sé ar  ‘The Sunday Game’?

Faoi Rásaí Cheltenham atá ar leic an tairsigh againn a bhí fúm a dhul ag pápaireacht inniu, ach d’fhág cuthach atá orm ó lár na seachtaine go bhfuil mo phort athraithe agam. An clár Laochra Gael a chraol TG4 in ómós do Rena Buckley ar an gCéadaoin seo caite a fhágann corraithe i gcónaí mé.

Tá an Buachallach dar ndóigh ar dhuine de lúthchleasaithe na tíre is mó a bhfuil gaisce déanta aici – 18 craobh shinsir de chuid na hÉireann idir an chamógaíocht agus pheil na mban, rud nach bhfuil le maíomh ag aon bhean ná aon fhear eile.  I dteanga na Gaeilge go hiomlán a labhair sí agus í ag glacadh le Corn Uí Dhufaigh agus an bua faighte ag Corcaigh ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais 2017, an lá ar bhailigh sí an bonn deireanach de na hocht gcinn déag.

Cúpla mí dár gcionn bhí mé ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh ag ar a raibh roinnt captaen eile a mba i nGaeilge a labhair siad féin agus iad ag glacadh leis na coirn is cáiliúla i spórt na hÉireann – Joe Connolly ar thaobh amháin de Rena agus Dara Ó Cinnéide ar an taobh eile, ina measc.

‘Cumann Lúthchleas Gael agus an Ghaeilge’ a bhí mar théama ag an ócáid, ach ag tráth amháin d’iarr an Conghaileach cead imeacht ón ábhar ar feadh soicind go gcuirfeadh sé in iúl cé chomh mór d’onóir dó a bhí ann deis a fháil suí le hais an laoch a bhí ina aice. Go dtiocfadh Lá an Luain ní bheadh a leithéid arís ann, a dúirt sé. Ní minic a fheicfidh tú Joe ag umhlú roimh aon duine, ach bhí sa gcás seo.

Dé Céadaoin seo caite ghlac TG4 an cúram orthu féin clár ómóis a chraoladh do Ríona – i mBéarla a cuireadh na ceisteanna ar fad cé is moite d’aon cheann amháin agus lasmuigh don bhealach stuama a ndearna Brian Tyers  na míreanna a cheangal lena chéile, ní raibh aon bhlas eile de theanga na nGael le cloisteáil ach amháin giota as óráid an Bhuachallaigh in 2017.

Taobh amuigh de Rena, ba é glór Éamonn Ryan a bhí ina bhainisteoir ar pheileadóirí ban Chorcaí a bhuaigh Craobh na hÉireann deich n-uaire in imeacht 11 séasúr príomhghlór eile an chláir. Tá aithne agam air le bunáite dhá scór bliain agus in imeacht an ama sin níor labhair mé focal Béarla leis. Is maith an geall a chuirfinn nach é a labhródh Éamonn ar ‘Laochra Gael’ ach an oiread ach nárbh aige a fágadh an rogha dáiríre.

Go drogallach agus in aghaidh mo thola a ghlacaim leis an bpolasaí atá ag TG4 an dá theanga a mheascadh sa gcraoladh beo a dhéanann siad ar chluichí – tuigim gurb é a mian mealladh a dhéanamh orthu siúd a bheadh ar bheagán Gaeilge nó dá huireasa amach agus amach. Fós tá col agam leis.

Ach is mór idir sin féin agus an méid a facthas Dé Céadaoin seo caite – clár réamhthaifeadta ar cuireadh agallamh i mBéarla d’aon turas ar thogha na nGaeilgeoirí.

Masla don Ghaeilge, do lucht a labhartha agus dóibh siúd atá ag streachailt ag iarraidh í a choinneáil beo ab ea an méid a facthas – ní áirím an cur amú acmhainní,  ama agus airgid – bunaithe ar a mianta siúd a bhíonn ag lútáil ar fhigiúirí lucht féachana agus ar  fhreastal a dhéanamh ar dhream nach labhróidh focal de theanga ár sinsear fad a mhairfidh siad.

Shroich ‘Laochra Gael’ tóin poill ar an gCéadaoin seo caite ach ní inniu ná inné a thosaigh an clár ag dul faoi uisce.

Coicís roimhe ba é Séamus Darby ar shéan a chúl d’Uíbh Fhailí an cúigiú craobh as a chéile ar pheileadóirí Chiarraí i 1982,  a bhí mar ábhar ag an gclár. I mBéarla a ceistíodh bainisteoir Uíbh Fhailí Eugene McGee agus ionadaí dá gcuid a tháinig chun páirce, Stephen Darby (deartháir le Séamus). Labhraíodar beirt i nGaeilge liomsa ag an am, mar a rinne captaen na foirne Richie Connor agus  Cathaoirleach Bhord Uíbh Fhailí, an tAth. Seán Ó hÉanaigh, atá anois ina shagart paróiste ar an Tulach Mhór.

Dímheas iomlán ar an lucht féachana is dílse dá bhfuil ag TG4  is ea an chaoi a bhfuil ‘Laochra Gael’ leagtha amach faoi láthair.

Gaeilgeoir é Des Cahill. Measann tú cén glacadh a bheadh ag a bhformhór siúd a bhreathnaíonn ar  ‘The Sunday Game’ leis dá mba i nGaeilge ar fad a dhéanfadh sé a chuid cainte le Tomás Ó Sé agus iad i mbun anailíse – thiocfadh púir dheataigh as an lasc-chlár i Montrose le teann glaonna gearáin dá dtarlódh a leithéid.

Nó an gceapfá nuair a dhéanann S4C clár ómóis d’imreoirí rugbaí  an i mBéarla a cheistíonn siad  Shane Williams, Stephen Jones, George North nó aon duine eile de na cainteoirí Breatnaise a imríonn nó a d’imir an cluiche sin? Beag an baol.

Go deimhin tá sé ráite ar shuíomh idirlín an WRU. “All Welsh speaking players, coaches and administratators will be encouraged to offer Welsh language interviews for the relevant television, radio, new media and print.”

Nach mór an peaca nach bhfuil  ‘relevant television’ na tíre seo sásta a leithéid de dheiseanna a thapú nuair a fhaigheann siad an seans.

Fág freagra ar 'Cad déarfadh Béarlóirí leis dá mba i nGaeilge a labhródh Des Cahill agus Tomás Ó Sé ar ‘The Sunday Game’?'

  • Cluain Sceach

    Ceist mhaith!

  • Colmán Ó Raghallaigh

    An ceart ar fad ag Mártan. Ceard a tharla don ‘Súil Eile’ nó an amhlaidh gur TB4 atá i ndán dúinn feasta? Náireach amach is amach.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Níor iarr an Rialtas ar TG 4 ach 20 uair Gaeilge a chraoladh sa tSeachtain (2.38%) fágann seo go gcraoltar an 820 uair atá fágtha i mBéarla.
    Más giollaí reachtaíochta iad lucht oibre Baile na hAmhann sí reachtaíocht atá de dhíth chun líon uaireannta Gaeilge an chraoltóra a mhéadú. Go dtí go bhfuil os cionn 80% des na cláracha agus fógraí i nGaeilge is craoltóir Béarla a bheidhs i TGFour feasta .