Cad a déarfadh cleas óg na bhfón cliste faoin maoithneachas maoth gan chiall seo go léir?

Agus an bhéim ar fad anois aimsir na Nollag ar chaiteachas, ar charnadh, ar cheiliúradh agus ar dhul thar fóir, is beag áit a bhíonn ag an taobh spioradálta ná traidisiúnta sa rud go léir

Cad a déarfadh cleas óg na bhfón cliste faoin maoithneachas maoth gan chiall seo go léir?

Ní hionann Nollaig an lae inniu agus Nollaig an lae inné. Seo é ré an tomhaltachais agus is í an Nollaig buaicphointe na bliana tomhailte. An bhéim ar fad ar chaiteachas, ar charnadh earraí tomhaltais, ar cheiliúradh agus ar dhul thar fóir. Is beag áit a bhíonn ag an taobh spioradálta sa rud go léir. De bharr go raibh daoine níos boichte san am atá caite, chloígh siad leis na seantraidisiúin agus na seannósanna. Mhair cuid mhaith de na cleachtais sin go dtí deireadh sheachtóidí an chéid seo caite in áiteanna áirithe, go háirithe sna ceantair iargúlta faoin tuath.

Tosnóidh mé le nós a bhí coitianta go leor i gceantair éagsúla ag tús an chéid seo caite. Ba chuimhin le m’athair féin an nós a bheith á chleachtadh le linn a óige i mbailte fearainn éagsúla sa cheantar. An nós atá i gceist ná ‘Bloc na Nollag’. Seo a leanas an cur síos a dhein an Seabhac air:

Nós ab ea é ar fud na tíre ar fad blianta éigin ó shin bloc do sholáthar i gcomhair Oíche Nollag agus é a chur laistiar den tine an oíche sin. ‘Bloc na Nollag’ a tugtaí ar an mbloc san. Bloc breá mór go mbíodh leithead an tinteáin ar faid ann. Chaithfeadh sé bheith an-mhór, téagartha, ar chuma go seasódh sé ar feadh dhá lá déag na Nollag, agus níor mhór dó bheith glas, leis, smut de chrann a bheadh ag fás, i dtreo is ná rithfeadh an tine ró-mhear tríd. Nuair a bheadh laethanta na Nollag imithe, agus go mbeadh smut den bhloc spártha, cuirfí an smut san i gcoimeád in áit éigin go dtí Oíche Nollag arís, chun mí-ádh agus easpa agus ganntanas a choinneáil ón dtigh. Pé áit ina bhfágfaí ‘Bloc na Nollag’ caithfí é sholáthar, ach anois (1930/31) is fánach duine a chuireann an méid sin trioblóide air féin, agus is dóigh liom nach leisce is cúis leis an neamhspéis.

(An Seanchaí Muimhneach”, An Seabhac, Institiúid Bhéaloideas Éireann, 1932)

Tá cuntas breá ag Peig Sayers ar Oíche Nollag i nDaingean Uí Chúis nuair a bhí sí ag obair mar chailín aimsire i dtigh Shéamais Uí Chorráin:

‘Dúrt féin le Neil go raghainn féin agus Séamaisín agus Eibhlín don tSéipéal ag féachaint ar an gCrib.

‘Ná fanaig’ i bhfad ann!’ ar sise. Rugas ar láimh orthu. Bhuaileamar siar. Do bhí an oíche dorcha, ach má bhí féin do chífeá fríd ar an tsráid ag lóchrann na gcoinneal go léir sna fuinneoga. Nuair a chuamar don tséipéal, moladh le Rí na Naomh! Dob álainn an radharc é, lampaí solais ar lasadh agus an altóir déanta suas fé bhrat choinneal ar dearglasadh. Do bhí an crib ag taobh den altóir, agus do chuirfeadh sé Flaitheas Dé i gcuimhne dhon té is daille dár mhair riamh. Bhí na Mná Rialta ag seinnt duanta binne diaga. Is ar mo chroí a bhí an gliondar agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht leis an gceol san, mar nár chuala riamh roimhe sin a leithéid.

(Peig, eagrán scoile, le Peig Sayers, Comhlacht Oideachais na hÉireann)

Nuair a bhíos féin fós óg, bhíodh an nós coitianta go raghadh buachaillí an dreoilín thart agus dreoilín marbh ar crochadh as craobh cuilinn acu. An rann a chantaí go coitianta, de réir dealraimh, ná an ceann anseo thíos cé nár chuala féin riamh é mar phort nuair a bhíos óg:

Dreoilín a fuaras-sa thíos ar an Inse

Fé bhráid charraige agus carabhat síoda air;

Thugas-sa chugaibh é, a lánúin an tí seo,

Agus go mba seacht bhfearr um an dtaca so arís sibh.

Is cuimhin liom freisin an nós a chleachtaí ar Oíche Chinn Bliana (Oíche Chaille) maidir le béile mór a ithe mar gurbh í Oíche na Coda Móire’ nó Oíche an Dóthain Mhóir’ a ghlaotaí ar an oíche chéanna. Mhair sé sin inár dtighne go dtí tús na seachtóidí. Deirtí dá n-íosfá do dhóthain an oíche sin ná beadh easnamh bia ort ina dhiaidh sin go dtí deireadh na bliana nua!

Bhíodh nós coitianta go maith ann freisin ina ndeintí bollóg mhór aráin agus bhuailtí i gcoinne an dorais í agus le linn a buailte deirtí:

Fógraím an gorta go tír na dTurcach

Go bliain ó anocht agus anocht féin go fírinneach.

Chuala mé faoin nós agus dúirt mo thuismitheoirí go gcleachtaí é sa cheantar go dtí lár na dtríochaidí.

Nós eile a chleacht mo mháthair féin suas go dtí deireadh na seascaidí, más buan mo chuimhne, ná buicéad uisce a fhágáil ag tóin na cistine Oíche Nollaig na mBan (Oíche Nollag Beag). Chreid sí go ndéanfaí fíon den uisce ag uair an mheán oíche ach go n-aistreofaí thar n-ais go huisce arís é roimh ghiolcadh an ghealbhain. Chreid sí go diongbháilte go dtarlódh sé sin. Ait liom anois nár chuireas an cheist: cén sórt fíona – geal nó dearg? Freagra simplí ar an gceist san – níorbh eol dom ag an am gurbh ann don bhfíon geal!

Bhíodh rún agam éirí as an leaba agus dul síos go dtí an chistin féachaint ar tháinig an tuar faoin tairngreacht ach bhínn im shámhchodladh i gcónaí agus, ar aon chuma, bhíos ró-óg chun an ghrúdaireacht mhíorúilteach a bhlaiseadh. Bréag! Bhíos sceimhlithe i mo bheatha an leaba a fhágaint agus cad a dhéanfainn dá mba rud é go mba fhíon seachas uisce a bheadh romham agus go mbeadh an té a dhein an mhíorúilt folaithe in áit éigin sa dorchadas faram?

Nach saonta, ainnis, spadánta a bhíomar go léir ag an am sin?

‘Táim ag fáil sean’, mar a dúirt an té a dúirt, ‘muna bhfuilim fachta sean cheana féin!’

Agus cad a déarfadh cleas óg na bhfón cliste faoin maoithneachas maoth gan chiall seo go léir?

Fág freagra ar 'Cad a déarfadh cleas óg na bhfón cliste faoin maoithneachas maoth gan chiall seo go léir?'

  • léitheoir

    Álainn!

  • Derry O'Sullivan

    Gheibhim m’óige i mBeanntraí anseo, a Mhichíl! Míle buíochas!