‘Raiméis’ na n-iriseoirí agus cluiche maslach FF agus FG

Cur i gcéill atá sna bréagchainteanna atá ar siúl maidir le bunú rialtais, cur i gcéill a thacaíonn na meáin leis cé go dtuigeann siad gur raiméis atá ann

Rollingnews.ie
Rollingnews.ie

Cén cúram atá anseo againn in aon chor?

Sin í an cheist a chuir an Teachta Dála neamhspleách, John Halligan, faoi sheisiún Dála na seachtaine seo sular cuireadh an Dáil ar athlá arís go dtí an mhí seo chugainn.

Agus ansin amuigh sa domhan mór, tá daoine i mbaol a n-áit chónaithe a chailliúint, tá daoine faoi bhagairt a ndíshealbhaithe ag lucht na gcreach-chistí, is tá na mílte agus fios acu acu faoina bhfuil i ndán dóibh agus dá gclann.

Cur i gcéill, ar ndóigh, atá sna bréagchainteanna atá ar siúl ag Fine Gael agus Fianna Fáil le grúpaí beaga neamhspleách. Bréagchainteanna iad mar is eol dúinn go léir nach féidir aon rialtas a bhunú gan socrú a bheith déanta idir Fine Gael agus Fianna Fáil féin.

Masla do na daoine atá faoi bhagairt is ea an cur i gcéill seo.  Mar, más fíor nach féidir leo aontú faoi chlár rialtais – agus ní fheiceann éinne ón taobh amuigh go bhfuil aon difear mór idir an dá pháirtí sin – níl aon leigheas eile ann ach toghchán eile a reáchtáil.

Agus b’fhéidir mura bhfuil páirtithe na heite deise in ann rialtas a chruthú go ndéanfaidh páirtithe na heite clé an beart an chéad uair eile!

Sea, tá lucht an rachmais sásta gur cosúil go mbeidh an rialtas faoina smacht, ach teastaíonn uathu smacht a bheith acu ar an bhfreasúra – nó príomhghuth an fhreasúra – a bheith acu freisin.

Agus tá ceist mhór le cur: céard is fiú na neamhspleáigh nó na mionpháirtithe murar féidir leo féin clár prionsabálta a aontú agus a chur chun cinn. Nó an amhlaidh gur ag coinneáil súile ar a leas pearsanta féin atá siad?

Dá mbeadh prionsabail i gceist ní faoi rún nó mar chuid de chomhráite príobháideacha a dhéanfaí idirbheartaíocht.  Chuirfidís clár os comhair na Dála, mar atá déanta ar bhealach ag Cúigear na Tuaithe, mar a thugtar orthu.

Ach níl a fhios ag na vótóirí céard iad na ceisteanna sin a bhfuil ‘líne dhearg’ tarraingthe fúthu acu ag na grúpaí neamhspleácha i gcoitinne, nó cén spré polaitiúil – seachas suíocháin sa rialtas! – atá á iarraidh acu ó na páirtithe móra.

Gheall formhór na dTeachtaí Dála le linn an toghcháin, mar shampla, go gcuirfidís deireadh le táillí uisce, mar shampla, ach nuair a dhein Sinn Féin iarracht rún a mholadh sa Dáil a chuirfeadh deireadh leis na táillí céanna, rialaíodh as ord é.

Dúirt an Irish Times – príomhnuachtán na measúlachta dar leo féin – gur bulaíocht é a bheith ag iarraidh ar pháirtithe beart Dála a dhéanamh de réir a mbriathra toghchánaíochta!

Agus tá na polaiteoirí céanna, agus na hiriseoirí céanna, ag caint faoi leasú a dhéanamh ar an gcóras polaitiúil agus gnó na Dála a dhéanamh feasta ar bhealach difriúil, bealach trédhearcach, daonlathach is oscailte.

Ach féach gur go rúnda agus taobh thiar de dhoirse iata a thugann siad faoin trédhearcacht, daonlathas is oscailteacht seo a chur ar bun!

Sea, vótáil móramh an phobail in aghaidh an rialtais a bhíodh ann, ach ’sí an pholaitíocht chéanna atá á tairiscint dúinn i gcónaí.

Tá mí caite anois ó reáchtáladh an toghchán, agus tá sé in am gníomh a dhéanamh nó imeacht ón stáitse.

Agus tá sé thar am díospóireacht cheart a dhéanamh faoi mhianta an phobail maidir le fadhbanna tithíochta, táillí uisce, cúrsaí cánach, seirbhísí poiblí, géarchéim na sláinte is eile.

Ach níl na príomh-mheáin – na meáin Bhéarla ar a laghad – sásta a leithéid de dhíospóireacht a thosú.

In ionad na díospóireachta sin, caithimid altanna a léamh faoi na cainteanna a bheith ag dul go maith idir Fine Gael agus an grúpa seo de neamhspleáigh, nó faoi na cainteanna a bheith ag dul go maith idir Fianna Fáil agus an grúpa siúd de neamhspleáigh.

Mar bharr ar an donais, tuigeann na hiriseoirí a scríobhann an cacamas seo gur raiméis atá ann.

Go bunúsach is ag Fianna Fáil atá seilbh na liathróide mar caithfidh an páirtí sin bogadh beagáinín níos faide amach ar an eite dheis agus socrú a dhéanamh le Fine Gael, nó casadh ar chlé, glacadh le prionsabail an Right2Change, agus socrú a dhéanamh más féidir le Sinn Féin agus dreamanna eile.

Ach is fearr le Fianna Fáil a cheapadh go bhfuil an tseanré pholaitiúil fós i réim, go bhfuil siad féin agus Fine Gael ar thimpeallán na cumhachta i gcónaí. B’fhearr le Fianna Fáil a cheapadh nach bhfuil ach ról imeallach ag na neamhspleáigh agus na mionpháirtithe measúla agus nach bhfuil aon ról ag an gcuid sin den fhreasúra atá ar an eite chlé, Sinn Féin, Daoine roimh Bhrabús  agus na neamhspleáigh a ghlac le Right2Change.

Má tá siad chomh cinnte sin go dtabharfadh toghchán eile móramh dóibh, bíodh againn.

Ach níl siad sásta dul sa bhearna bhaoil, is ní cóir go mbeadh muide, saoránaigh, sásta ligean dóibh leanúint a thuilleadh leis an gcluiche maslach seo atá ar siúl acu.

Fág freagra ar '‘Raiméis’ na n-iriseoirí agus cluiche maslach FF agus FG'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Soiscéal Shinn Féin do réir Eoin! Cuid mhaith cen cheart aige ach céard faoin cur i gcéill atá ag bun ag Sinn Féin atá ag iarraidh FF agus FG a bhrú le chéile le go mbeidh SF ar an bpáirtí is mó sa bhfreasúra? Cén iarracht atá déanta ag Sinn Féin an eite clé a tharraingt le chéile? Seo iad na huimhreacha: SF 23; LO 7; SD 3; CG 2; AAA/PBP 6; Eile Clé; 10+ Sin níos mó vótaí ná mar atá ag FG? Seachas a bheith ag spocadh as FF agus FG faoi a bheith ag dul i leaba le chéile, b’fhearr do Shinn Féin a bheith ag iarraidh na Teachtaí ar an Eite Clé a tharraingt le chéile. An raibh aon chruinniú fós ag Sinn Féin leis na Sóisialaigh Dáonlathacha, leis an AAA/PBP; le leithéidí Séamus Healy, Thomas Pringle, Maureen O’ Sullivan.

    Tá an oiread céanna cur i gcéill ar bun ag Sinn Féin is atá ag Fianna Fáil. An dá dhream ag iarraidh gan an freasúra a ghéilleadh dhá chéile agus dearmad déanta ar na daoine a thogh iad le bheith i rialtas!

  • padraig

    Sea, ‘síscéal de réir Eoin om baiste!’ Dúirt Gerry Adams maidir le hUisce Éireann ‘go nglacfadh SF leis an gcomhairle dlí is fearr dá bhfuil ann’. I bhfianaise a bhfuil ráite ar maidin faoin dlí agus faoi UÉ .i. ‘nach féidir UÉ a chur ar ceal de réir dlí na hEorpa’, cad atá le rá anois ag SF faoin scéal? Nó an lucht bladhmainn agus scailéathain iad sin chomh maith leis an gcuid eile acu? ‘Ní mar a chéile dul go teach na cúirte agus teacht as’ agus b’fhiú do SF cuimhneamh air sin agus na gothaí agus na carúlacha a chaitheamh uathu.

  • Eoin Ó Murchú

    Ag freagairt ar Dhonnacha: Tá SF ag iarraidh an Clé a thabhairt le chéile, agus iad mar chuid den Right2Change. Níl siad dhá mbrú féin ar aghaidh le bheith i gceannas air sin ach glacadh le toradh cainteanna a raibh na forsaí clé ar fad bainteach leó roimhe seo. Maidir le LO, tá ceist mhor ann an féidir páirtí clé a thabhairt orthu go dtí go nglacfaidh siad leis go raibh siad mícheart rialtas déine a chur i bhféidhm. Tá prionsabail an Right2Change ann don Chomhaontas Glas, ach is mó spéis acusan in ualach cánach a chur ar an lucht oibre ná tada eile.

    Ag freagairt do Phádraig: Ní ghlacann SF leis an “gcomhairle” dlí a bhfuil Uisce Éireann ag déanamh bolscaireachta faoi. Chuala mé Lynn Boylan á rá san os comhair na Dala. Níl comhartha da laghad ann go bhfuil SF ag dul siar ar an bpolasaí a d’fhógair siad. I gcás FF ámh, le linn an fheachtais dúirt siad go raibh said I gcoinne taillí uisce ach dhiúltaigh said vótáil ar son ruin a chuir SF os comhair na Dála go gcuirfí deire leo!. Cé aige atá an síscéal?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Chuile dhream mícheart ach Sinn Féin! Níl ach lag iarracht déanta ag SF an eite clé a tharraingt le chéile mar ghrúpa sa Dáil. Is mó iarracht atá déanta acu le FF agus FG a bhrú le chéile. Ní ceannaireacht ar sin ach meatacht: ag bronnadh cumhachta ar pháirtithe na déine, gan aon troid a chur suas!!!

    Maidir le táillí uisce, os rud é gur tharraing tú anuas iad, tá sé áiféiseach gurb é sin an cnámh spairne is mó atá ag an eite clé faoi láthair agus gach ach fíor bheagán á rá acu faoin apartheid atá ar bun sa gcóras sláinte: scuaine amháin do dhaoine le árachas agus scuaine eile don chuid eile. Is faoi sin ar cheart don eite chlé a bheith ag eagrú is ag máirseál, in áit a bheith ag cur in aghaidh méadar uisce.