Bunsmaoineamh maith ag ‘A Simple Favor’ ach ní dhéanann sé aon sochar dó féin leis an áiféis

Bogann scannán nua Paul Feig ar aghaidh ar bhogstróc go dtí an leathuair an chloig dheireanach nuair atá sé i dtaobh leis an mugadh magadh ar fad

Bunsmaoineamh maith ag ‘A Simple Favor’ ach ní dhéanann sé aon sochar dó féin leis an áiféis

A Simple Favor

Stiúrthóir: Paul Feig

Cliar: Anna Kendrick, Blake Lively, Henry Golding, Andrew Rannells

Tá sé deacair léamh ar an saothar seo, táirge a bhíonn ag imeacht ó philéar an scéinséara go posta na háiféise. An greann is an t-aor á gcniotáil le tréithe den scannán uafáis agus tráchtaireacht shollúnta ar shaol an teaghlaigh chomhaimseartha. Ba mhinic nach raibh a fhios agam an rabhas ag teacht nó ag imeacht.

Cinnte tá faobhar, gearradh agus leibhéal sa scríbhinn agus tá seo le feiscint ón tús mar a chímid tuismitheoirí ag cúlchaint is ag saighdeadh a chéile fad is atá na leanaí á mbailiú acu ón scoil in Connecticut. Is anseo a chímid Stephanie (Kendrick) máthair shingil atá ag strácáil léi go huaigneach, bean chineálta leamh a bhfuil coimhthíos aici le daoine eile. Cailleadh a fear go tragóideach agus címid níos faide anonn go bhfuil uisce faoi thalamh maidir leis seo, fophlota atá áiféiseach go maith. Tá cúpla pingin aici ón bpolasaí árachais agus déanann sí an chuid eile dá crústa a thuilleamh óna cuid oibre mar fhísbhlagálaí.

Lá de na laethanta castar máthair chara a mic (Lively) uirthi. Bhean shofaisticiúil dhea-ghléasta ghéar í a bhfuil post mór aici sa gcathair. Bean í Emily ná feileann saol bruachbhailteach Connecticut di in aon chor. Eascraíonn cairdeas eatarthu agus bogann an scannán ar aghaidh ar bhogstróc. Éiríonn linn aithne a chur ar an mbeirt agus déantar tráchtaireacht shollúnta ghéarchúiseach ghreannmhar ar an leadrán agus an obair chrua a bhaineann le saol an teaghlaigh. Taispeántais ábalta ag teacht ón mbeirt agus splanc bhreá eatarthu.

De réir a chéile feictear dúinn go bhfuil sochar á bhaint ag Emily as a cara cúthail, bean a bhíonn ag iarraidh daoine a shásamh an t-am ar fad. Diaidh ar ndiaidh bíonn uirthi aire a thabhairt do mhac Emily níos minice agus níos minice agus gan de chúiteamh aici ach babhtaí cúlchainte fad is atá diúgadh ar na martinis.

Ní raibh go maith agus ní raibh go holc go dtéann Emily ar iarraidh agus go dtéann an scannán ar bhóthar an scéinséara. Fuaireas an-bhlas ar an gcuid seo agus fios maith againn go bhfuil uisce faoi thalamh ann. Léiríonn Stephanie a diongbháilteacht agus a dintiúirí bleachtaireachta is í ag iarraidh teacht ar an bhfírinne. Bíonn ról lárnach ag a blag sna cúraimí seo, go mórmhór agus í ag teannadh ar an bhfírinne.

Ar an drochuair tosaíonn rudaí ag imeacht amach ón gcairt ar fad agus sinn ag déanamh ar cheann scríbe. Don leathuair an chloig dheireanach nó mar sin táimid i dtaobh leis an áiféis agus an mugadh magadh.

Cor in aghaidh an chaim agus cor in aghaidh an choir i rith an ama. Faoi dheireadh bíonn sé deacair a dhéanamh amach cé atá i mbun comhghuaillíochta lena chéile.

Bhí an bunsmaoineamh agus na carachtair anseo do scannán le dealramh ach deineadh iad a bhá san áiféis.

Fág freagra ar 'Bunsmaoineamh maith ag ‘A Simple Favor’ ach ní dhéanann sé aon sochar dó féin leis an áiféis'