Bunreacht nua á ullmhú in Iamáice nach mbeadh aon áit ann do Rí Shasana

Bíodh is go bhfuil neart daoine i Sasana atá ag cumadh dóibh féin go bhfuil impireacht acu i gcónaí níl mórán fágtha atá ar aon fhocal leo

Bunreacht nua á ullmhú in Iamáice nach mbeadh aon áit ann do Rí Shasana

Níl amhras ar bith nach ndearna Sasanaigh rí agus banríon de Shéarlas agus dá ghrá geal Camilla go breá spleodrach le déanaí. Bí ag caint ar phoimpéis, ar mhustar, ar fhuilibiliú agus ar liútar léatar.

Bhí formhór na Sasanach an-sásta leis an searmanas ach bhí cuid mhaith daoine in Albain agus sa mBreatain Bheag nach sceitimíní a bhí orthu mar gur dream iad a cheapann gur cheart deireadh ar fad a chur leis an ríogacht.

Tá neart dár muintir féin i dTuaisceart Éireann a bheadh ar an intinn chéanna leo, cibé tuairim atá ag Michelle O’Neill as Sinn Féin.

Is beag aird atá ag a lán de na daoine óga i Sasana ar an ríogacht. Go deimhin tá sciar maith den phobal iomlán ag ceapadh gur cheart poblacht a ghairm thall.

Maidir le tíortha a bhíodh dílis do Rí Shasana tá siadsan freisin ag caint ar phoblacht. Féach Iamáice, mar shampla.

Sa mbliain 1655 a ghabh na Sasanaigh Iamáice ó na Spáinnigh. Siúcra a chuaigh siad a onnmhairiú agus iad ag brath go mór ar na sclábhaithe a thug siad as an Afraic le dhul ag obair ar na plandálacha. Thug siad 600,000 sclábhaí ar fad isteach in imeacht na mblianta.

Sa mbliain 1962 fuair muintir na tíre neamhspleáchas ón mBreatain ach fós féin sé Rí Shasana atá ina rí orthu i gcónaí.

D’fhéadfadh sé nach fada eile a bheas an scéal sin amhlaidh mar go bhfuiltear ag tuar poblachta in Iamáice anois aríst.

B’fhéidir aríst eile nach dtarlóidh sé ar chor ar bith. I bpobalbhreith a rinneadh sa mbliain 2011, léiríodh go raibh 60% de phobal na tíre a cheapadh go mbeidís i bhfad níos fearr as dá mba rud é gur fhan siad faoi cheannas Shasana.

Mar sin féin dúirt Aire Dlí agus Cúrsaí Bunreachta na hIamáice Marlene Malahoo Forte, an lá faoi dheireadh go bhfuil súil aicise go ndealóidh an tír ó Rí Shasana luath go leor. Tá siad ag obair ar bhunreacht nua, a dúirt sí, agus ní bheidh aon áit sa mbunreacht sin do Rí Shasana.

Caithfear dul i gcomhairle leis an bpobal agus bille a chur os comhair na parlaiminte. Tá súil aici go dtabharfar isteach an bille sin roimh dheireadh na míosa seo.

Caithfidh reifreann a bheith ann ansin faoin gceist.

D’admhaigh Marlene Malahoo Forte go raibh gean ag cuid mhaith de mhuintir a tíre ar an mBanríon Eilís ach feictear di nach é sin an dearcadh atá acu ar an Rí Séarlas.

Maidir leis an gComhlathas Briotanach tá corraíl sna tíortha atá páirteach ansin faoin gceangal leis an mBreatain freisin. Tá easaontas eatarthu faoi chuid mhaith ceisteanna. Tharraing an phaindéim neart díospóireachta eatarthu. Ní mar a chéile a caitheadh le chuile thír acu lena linn.

Níl tíortha an Chomhlathais ar aon fhocal ach an oiread faoin gcogadh san Úcráin.

Tá rud amháin soiléir faoi na cúrsaí seo ar fad agus is é sin go bhfuil neart daoine i Sasana atá ag cumadh dóibh féin go bhfuil impireacht acu i gcónaí. Mar a dúirt an t-iriseoir cáiliúil Claud Cockburn fadó ‘England is a country too small for its boots’.

Níor cheart dúinne in Éirinn iomarca cainte a dhéanamh faoi Impireacht na Breataine. Is breá linn a mhaíomh gur muid a chuir an chéad bhearna san impireacht sin ach céard faoi na mílte móra Éireannach a throid in arm na Breataine le gníomhartha gránna a chur i bhfeidhm ar fud an domhain?

Cúis náire dhúinn go deo é sin.

Fág freagra ar 'Bunreacht nua á ullmhú in Iamáice nach mbeadh aon áit ann do Rí Shasana'