Buneolas ar an mBreatnais le bheith riachtanach do phostanna rialtais sa Bhreatain Bheag

Tá spriocanna don chóras oideachais ag rialtas na Breataine Bige freisin agus iad ag iarraidh cur le líon na gcainteoirí Breatnaise sna blianta beaga seo

Buneolas ar an mBreatnais le bheith riachtanach do phostanna rialtais sa Bhreatain Bheag

Beidh buneolas ar an mBreatnais de dhíth ar dhuine chun post a fháil in oifigí rialtais na Breataine Bige amach anseo. Tá an riachtanas sin le tabhairt isteach mar chuid de phlean an rialtais úsáid na teanga a spreagadh i measc an phobail.

Faoin athrú nua seo, beidh ar dhaoine atá ag obair don rialtas ‘Breatnais na cúirtéise’ a bheith acu. I measc na scileanna a luaitear, beidh ar dhaoine a bheith in ann ainmneacha, logainmneacha agus téarmaí Breatnaise a fhuaimniú; an fón a fhreagairt nó fáilte a chur roimh dhaoine i mBreatnais; nathanna cainte coitianta a thuiscint; píosaí beaga Breatnaise a léamh agus a thuiscint; agus feasacht ar an teanga a léiriú.

Beidh ar iarrthóirí ar phost rialtais na scileanna seo a bheith acu nuair a cheaptar iad nó beidh sé mhí acu chun iad a fhoghlaim.

Fógraíodh an riachtanas mar chuid de chlár nua ó rialtas na Breataine Bige faoin bplean Cymraeg 2050. Tá sé mar sprioc sa phlean go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050.

Tá an riachtanas Breatnaise do phostanna leis an rialtas luaite sa chlár is deireanaí den phlean don tréimhse idir 2020-2025.

Cé go bhfuil gearáin déanta faoin riachtanas nua teanga, deir rialtas na Breataine Bige nach mbeidh easpa Breatnaise ina bac ar aon duine atá ag iarraidh post a fháil agus go dtabharfar gach deis d’fhostaithe scileanna teanga a fhoghlaim agus a fheabhsú.

Thart ar 5,500 duine atá fostaithe ag rialtas na Breataine Bige i láthair na huaire.

Anseo in Éirinn, is é príomhsprioc an bhille teanga atá os comhair Thithe an Oireachtais i láthair na huaire go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Tá spriocanna don chóras oideachais leagtha amach ag rialtas na Breataine Bige freisin agus iad ag iarraidh cur le líon na gcainteoirí Breatnaise sna blianta beaga amach romhainn.

An sprioc atá acu go mbeadh 26% de dhaltaí i mBliain 1 (5-6 bliain d’aois) á múineadh i mBreatnais faoi 2026, ardú 3% ó fhigiúirí na bliana seo caite. Chun é seo a bhaint amach, tá sé i gceist ar a laghad 60 naíonra Breatnaise a oscailt taobh istigh de chúig bliana, le cur leis an 40 eile a osclaíodh ó 2017.

Tá sé i gceist freisin plean deich mbliana a ullmhú chun cur le líon na múinteoirí a bhfuil ar a gcumas teagasc trí Bhreatnais agus reachtaíocht don oideachas Breatnaise a thabhairt isteach.

Chomh maith leis an sprioc go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoin mbliain 2050, tá sé mar aidhm ag plean Cymraeg 2050 líon na gcainteoirí laethúla Breatnaise a dhúbailt.

Spreagadh an rialtas chun gnímh agus dul i ngleic le ceist na teanga nuair a tháinig titim 20,000 duine ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa daonáireamh deiridh a rinneadh sa tír — titim ó 582,000 in 2001 go 562,000 in 2011.

Fág freagra ar 'Buneolas ar an mBreatnais le bheith riachtanach do phostanna rialtais sa Bhreatain Bheag'