Tá iarrtha ag feisire parlaiminte in Westminster ar an ollchomhlacht bia gasta Kentucky Fried Chicken leithscéal a ghabháil as cosc a chur ar oibrí sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a labhairt.
Dúirt Arfon Hywel Williams, feisire parlaiminte de chuid Plaid Cymru, gur “violent denial of a basic human right” a bhí i gceist le cás Ceri Hughes, mac léinn ar dúradh léi gan Breatnais a labhairt le custaiméirí sa KFC in Bangor a mbíodh sí ag obair ann.
Tá rún parlaiminte curtha síos ag Hywel Williams ag iarraidh ar KFC leithscéal a ghabháil agus polasaí nua a thabhairt isteach a chinnteoidh go bhfuil ceart ag a bhfostaithe ar cainteoirí Breatnaise iad a dteanga féin a labhairt.
Tá tacaíocht traspháirtí faighte ag an rún.
Dúirt Hywel Williams go raibh “fearg” air go raibh comhlacht amhail KFC den tuairim “in 2019” gur féidir leo lonnú i gceantar Breatnaise agus cosc a chur ar an mBreatnais, arb í teanga oifigiúil na Breataine Bige í chomh maith.
Dúirt an feisire parlaiminte gur “violent denial” ar an gceart daonna “bunúsach” atá ann “do theanga féin a labhairt, i do phobal féin, i do thír féin”.
Dúirt Hywel Williams freisin gur chóir go bhféachfaí ar líofacht sa Bhreatnais mar cháilíocht do phost agus mar bhuntáiste “luachmhar” ag oibrí.
Dúirt Ceri Hughes, arb as Y Felinheli in Gwynedd di gur tharla an eachtra le linn oiliúint a bheith á cur uirthi maidir le hobair ar an scipéad.
D’éirigh Hughes, atá ag staidéar in Ollscoil Bangor, as a post páirtaimseartha sa KFC ó shin.
Dúirt KFC go mbíonn siad ag iarraidh ar a bhfostaithe an teanga a bhfuil siad féin agus a gcustaiméirí “ar a gcompord” léi a labhairt.
“Ag KFC, bíonn an teanga chéanna á labhairt againn go léir- teanga an ghrá atá againn don sicín atá déanta de réir oideas sainiúil s’againne,” a dúradh.
Tá an comhlacht bia gasta cáinte chomh maith ag eagraíochtaí teanga.
In 2016 bhain conspóid mhór le cás Chormaic Uí Bhric, oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí a d’éirigh as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.
Níl aon ní i reachtaíocht comhionannais nó teanga na hÉireann a chuirfeadh bac ar fhostóir cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, níl an teanga atá ag duine nó grúpa i measc na “bhforas idirdhealaitheach’.
De réir na míre san Acht ina leagtar amach na forais sin, bíonn leithcheal i gceist más rud é go ndéantar idirdhealú idir daoine ar bhonn inscne, stádas pósta, teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist.
Fág freagra ar '‘Buncheart é do theanga féin a labhairt i do phobal féin’ – KFC cáinte in Westminster as cosc ar Bhreatnais'