Búm! Pobh! Ca-bleaist!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: scéal a insint go hachoimreach ach é a insint go láidir: d’fhéadfadh scríbhneoirí ficsin go leor a fhoghlaim ón ngreannán

Búm! Pobh! Ca-bleaist!

Den chéad uair le fada (is fearr liom tacaíocht a thabhairt do shiopaí fisiciúla) cheannaigh mé leabhar ar an idirlíon an lá faoi dheireadh: an t-úrscéal Jubiabá, mórshaothar de chuid an údair ón mBrasaíl, Jorge Amado – ach i bhfoirm greannáin, ó pheann an mhaisitheora Spacca.

Chaith mé m’óige ar fad ag léamh greannán. Asterix & Obelix ar ndóigh, Tintin, Gaston agus an tsraith as Flóndras, Suske & Wiske. Fiú sa lá atá inniu ann, piocaim suas cinn Gaston nuair a bhíonn fonn gáire orm. 

Taitníonn na greannáin thuasluaite liom toisc gur scríobhadh iad go sonrach don seánra sin, ach ní raibh mé meallta riamh ag greannáin atá bunaithe ar bhunsaothar éigin eile. Bím mar sin le scannáin freisin. Cén fáth a mbacfá le cóiriú nuair a bhíonn an bunrud ar fáil? Ach rinne mé eisceacht i gcás Jubiabá

Is é Jorge Amado an t-údar is mó a shamhlaítear le Salvador, an chathair mar a bhfuil cónaí orm féin sa Bhrasaíl (go deimhin, chaith sé an chuid is mó dá shaol i dteach nach bhfuil ach scread asail ón áit a bhfuil cónaí orm féin.) Mothaím go bhfuil dualgas orm a chuid leabhar a léamh. Ar an mórgóir, taitníonn ábhar a chuid scéalta agus cuid mhór den chur síos ar charachtair agus ar shuíomhanna liom, ach ar an drochuair is minic a chuireann an stíl sheanchaite, phostúil agus an insint sheachránach soir mé. Gheobhainn an scéal ar fad sa ghreannán – agus cur síos an-fhísiúil, leis – ach ní bheadh orm cur suas le habairtí fada lán clásal, fochlásal agus fo-fhochlásal, ná le seachráin laistigh de sheachráin laistigh de sheachráin.

Scéal a insint go hachoimreach ach é a insint go láidir, sin é rún an ghreannáin. Is baolach nach bhfuil aon mhaith liom ag déanamh léaráidí, ach díreach ar mhaithe leis an gcraic bím ag méiseáil ó am go chéile le haipeanna éagsúla a ligeann duit greannáin a dhéanamh bunaithe ar ghrianghraif. Mar scríbhneoir, an chéad rud a ritheann liom uair ar bith dá mbím ag plé leis na haipeanna sin ná a laghad spáis a bhíonn ar fáil sna bolgáin chainte. Déan dearmad ar fhochlásail, agus go deimhin ar aidiachtaí! Déan dearmad ar a bheith ag déanamh gaisce le stíl agus friotal, agus thar aon aon rud eile, ar rudaí a mhíniú gan ghá! 

Go díreach ar na cúiseanna sin, níor mhiste don scríbhneoir ficsin scéalchlárú a dhéanamh ó am go chéile, is é sin le rá, plota úrscéil nó radharc éigin a thabharfadh deacrachtaí dó a scríobh amach i bhfoirm greannáin.

Ní bhíonn spás sa líon teoranta painéal ach do chnámha an scéil agus ní bhíonn spás sna bolgáin chainte ach do chnámha an chomhrá; beidh brú air abairtí a chumadh a mbeidh an chumhacht chéanna acu agus atá ag leithéidí ‘búm’, ‘pobh’ agus ‘ca-bleaist’!

Fág freagra ar 'Búm! Pobh! Ca-bleaist!'

  • Seán Fennell

    Ag smaointiú fá onomatopoeia as GAEILGE, samplaí,ar bith eile..búm…..
    Plab, plimp, cnag, snag, casacht…trup….osna

    Aon rud eile, tá mé cinnte go bhfuil neart ag na filí, Gabriel Rosenstock nó Pól Ó Muirí