Buille mór buailte ar fhoireann na hÉireann agus Ferguson gortaithe

Ní bheidh Evan Ferguson, a scóráil trí chúl i bPríomhroinn Shasana Dé Sathairn agus gan é ach 18 bliain, ar fáil do na cluichí móra cáilithe in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre

Buille mór buailte ar fhoireann na hÉireann agus Ferguson gortaithe

Tá buille mór buailte ar fhoireann sacair na hÉireann agus an naoscaire óg Evan Ferguson gortaithe don dá chluiche cáilithe in Euro 2024 in aghaidh na Fraince agus na hÍsiltíre.

Gortaíodh glúin an ghaiscígh óig agus é ag imirt do Brighton agus Hove Albion in aghaidh Newcastle United Dé Sathairn, cluiche inar scóráil Ferguson na trí chúl a thug an bua dá fhoireann, 3-1.

Tháinig Ferguson go dtí campa na hÉireann Dé Domhnaigh ach cuireadh scrúdú leighis air agus cinneadh nach mbeadh ar a chumas imirt sa dá chluiche mór, in aghaidh na Fraince i bPáras Déardaoin agus in aghaidh na hÍsiltíre i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh.

Is iad na tosaithe eile atá ag Stephen Kenny do na cluichí cáilithe cinniúnacha Adam Idah ó Norwich City, Chiedozie Ogbene ó Luton Town, Will Keane ó Preston North End agus Aaron Connolly ó Hull City.

Rachaidh an chuid eile de scuad na hÉireann chun na Fraince inniu.

Tá sé ina imní chomh maith nach mbeidh John Egan ar fáil agus scanadh curtha ar chaptaen Sheffield United a ghortaigh a chos in aghaidh Everton Dé Sathairn.

Agus amhras ann faoi Egan tá Andrew Omobamidele, atá ceannaithe ag Nottingham Forest,  tugtha isteach sa scuad ag Stephen Kenny.

Fág freagra ar 'Buille mór buailte ar fhoireann na hÉireann agus Ferguson gortaithe'