Buanna boga i ndán do Chúige Mumhan agus do Chúige Laighean

Níor cheart go gcuirfeadh na cluichí as baile atá inniu ach mórán stró ar Chúige Mumhan ná Cúige Laighean

Buanna boga i ndán do Chúige Mumhan agus do Chúige Laighean

Imreoir Chúige Mumhan, Jack O'Donoghue. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Fiú má tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan as baile inniu agus iad ag imirt i gcluichí atá ar athlá de bharr Covid-19 le cúpla seachtain, is deacair teacht ar aon duine atá ag tabhairt seans ar bith dá gcuid céilí comhraic.

Beidh na Muimhnigh, foireann atá ar bharr Ghrúpa B san Iodáil tráthnóna, agus iad ag tabhairt faoi fhoireann Treviso, dream atá ag íochtar an ghrúpa chéanna. Ní hamháin go bhfuil ceithre phointe idir na foirne seo ach tá foireann na hIodáile fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo.

Sách dona a déarfá! Ní dóigh go mbeidh ar chumas na nIodálach aon dul chun cinn a dhéanamh i gcluiche an lae inniu. Cé go bhfuil go leor ag tuar bua éasca agus lán mála úd d’fhoireann na tíre seo, is é an cur chuige a bheas ag Cúige Mumhan an fíor-údar spéise. Níl fáil acu ar leithéidí Murray, O’Mahony ná ar Thadhg Beirne, imreoir a fuair gradam laoch na himeartha sa dá chluiche deiridh sa bPro 14 a d’imir sé agus atá sa gcampa idirnáisiúnta faoi láthair. Fágann sin go bhfuil deis iontach ag foireann dara rogha na Mumhan a mianach a léiriú i gceart agus a chruthú go bhfuil an fhorbairt agus an doimhneacht chéanna ina gcampa féin agus atá ag na Laighnigh. Chun é sin a chruthú, caithfidh siad bua ceithre úd ar a laghad a bheith acu. Má theipeann orthu sin a dhéanamh inniu beidh an cháil atá orthu mar fhórsa i measc chlubanna rugbaí an limistéir seo laghdaithe go mór. Ní chreidim go dtarlóidh sé sin.

Foireann Laighean a bhuaigh i gcoinne Chúige Mumhan an tseachtain seo caite. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Anocht, cuirfidh na curaidh chun páirce sa mBreatain Bheag i gcoinne na Scarlets, foireann atá ar thóir a séú bua as dhá iarracht déag. Fiú má bhíonn an lá le foireann na Breataine Bige, níl seans na ngrást acu an bhearna trí phointe dhéag atá eatarthu féin agus na Muimhnigh a dhúnadh, rud a fhágann gan spreagadh iad. Bród amháin atá i gceist do na Scarlets anocht.

Ní hionann an cás do na Laighnigh, foireann atá sa dara háit i nGrúpa A agus iad pointe amháin taobh thiar de na hUltaigh, foireann atá ar barr. Má bhíonn bua ag Cúige Laighean inniu beidh greim acu ar bharr an tábla agus cluiche le spáráil acu freisin ar Chúige Uladh. Fágfaidh sin go mbeidh Cúige Laighean beagnach cinnte gurb iad a chríochnóidh ar bharr Ghrúpa A agus go mbeidh áit acu dá réir sin sa gcluiche ceannais. Nach iontach an spreagadh é sin le cur leis an ullmhúchán a bheas ag leithéidí Thadhg Furlong atá ag filleadh ó thréimhse fhada gortaithe agus é ag iarradh filleadh ar an bhfoireann idirnáisiúnta chomh maith leis na himreoirí dara rogha a chuirfidh Leo Cullen chun páirce.

Sea, bua eile agus cúig pointe b’fhéidir d’fhoireann Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Buanna boga i ndán do Chúige Mumhan agus do Chúige Laighean'