Buaigh nó foghlaim an teachtaireacht do Nás na Rí in aghaidh ríthe Chill Chainnigh

De réir na dtuairiscí, tá súil ag Baile Héil ar dhíoltas as an tslí ar chailleadar i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh

Buaigh nó foghlaim an teachtaireacht do Nás na Rí in aghaidh ríthe Chill Chainnigh

Charlie Sheridan agus Jack Sheridan. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Léigh me alt thar a bheith suimiúil coicís ó shin faoi fhorbairt na hiomána i Nás na Rí i gContae Cill Dara. Is fiú cuid de a insint anseo mar is dea-scéal é agus tabharfaidh sé tuiscint don léitheoir ar chuid d’aistear chlub na háite in 2022 go dtí a gceathrú craobh shinsir sa chontae agus go dtí an cluiche leathcheannais cúige amárach i gcoinne Bhaile Héil. Tá sáriarracht á déanamh le tamall feabhas a chur ar chaighdeán na hiomána sa chlub. Luadh daoine mar John Holmes, Denis Hanly agus Morgan Lawlor agus leas á bhaint acu as tograí éagsúla chun páistí a mhealladh chun na hiomána. I measc na dtograí sin bhí an seans ag bhí ag imreoir óg a d’fhreastail ar dheich seisiún traenála Super Nintendo a fháil mar dhuais (tráth a raibh an-suim san Nintendo). Tháinig an t-uafás ar fad chuig na seisiúin sin.

Uair eile, in 2006, thógadar foireann faoi 10 go Corcaigh chun lá cluichí a imirt i gcoinne na bPiarsach. Tháinig beirt de laochra móra na linne, Seán Óg Ó hAilpín agus John Gardiner amach chun labhairt leo. Uair eile, in 2008, d’eitil foireann óg le Ryanair ó Áth Cliath go Corcaigh ar chostas €10 an duine, chun imirt i gcoinne na Rockies. Diaidh ar ndiaidh chruthaíodar cultúr agus diaidh ar ndiaidh d’fhás an meas ar an iomáint.

Fuaireadar cead imirt faoi aois i gcomórtais Átha Cliath. Ansan fuaireadar an cead céanna i gCill Chainnigh. Agus in 2015 bhí bua thar a bheith stairiúil acu i gcraobhchomórtas sraithe faoi 16. Agus? a deir tú.

Bhuel ba iad Baile Héil an freasúra agus leithéidí Adrian Mullen (imreoir óg na bliana 2019) agus Eoin Cody, (imreoir óg na bliana 2020 agus 2021) ag imirt ina gcoinne. Tá caint sa chlub ar thábhacht an bhua sin i bhfás na muiníne i measc an dreama sin imreoirí.

Agus amárach tá siad tagtha chuig an dúshlán is mó riamh don chlub ó thaobh freasúra agus caighdeáin an chomórtais. Bhuadar craobh idirmheánach na hÉireann níos luaithe i mbliana. Tuigfidh siad i ndiaidh an chluiche amárach cá seasann siad sa ‘comhrá náisiúnta’. Mar a deir an mana ‘buaigh nó foghlaim’, is dócha go bhfoghlaimeoidh siad chuid maith amárach. De réir na dtuairiscí, tá súil amháin ag Baile Héil ar dhíoltas as an tslí ar chailleadar i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Dar ndóigh tá píosa le taisteal fós acu ach bheadh sé an-deacair neamhaird a dhéanamh orthu amárach.

Sa chluiche leathcheannais eile tá íochtarán eile. Bhí bua iontach gan choinne ag iománaithe Naomh Moiling Cheatharlach ar Chumann Naomh Aodán Fearna Loch Garman. Tuairiscítear gur thugadar an-taispeántas coicís ó shin agus an-cheannasaíocht á tabhairt ag na deartháireacha Cavanagh, Jack agus Marty. Beidh siad lán de mhuinín ag teacht isteach sa cluiche seo amárach i gcoinne Chrócaigh Chill Mochuda. Dar ndóigh tá peileadóirí Chill Mochuda neadaithe i gcluiche ceannais an chúige agus caithfidh go bhfuil ardmhuinín sa chlub faoi láthair ach beidh dúshlán mór rompu amárach. Is iad na Crócaigh an rogha agus is dócha ag deireadh an lae go bhfuil an taithí agus na himreoirí acu chun an beart a dhéanamh.

Sa Ghaillimh caithfidh na seaimpíní Naomh Tomás agus Baile Locha Riach dul chun páirce arís amárach chun freagra a thabhairt dúinn ar cá mbeidh corn Tom Callinan ag dul. Thug Baile Locha Riach an-taispeántas an Domhnach seo caite agus do chuid mhaith den chluiche bhí an chuma ar an scéal gurbh acusan a bheadh an corn. An mbeidh siad ábalta cur leis amárach? Beidh freagra na ceiste sin againn i ndiaidh an chluiche a thosóidh ar a haon a chlog i bPáirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá.

Fág freagra ar 'Buaigh nó foghlaim an teachtaireacht do Nás na Rí in aghaidh ríthe Chill Chainnigh'