Buaicphointí agus ísealphointí na craoibhe go dtí seo

Tá cuid de na cúilíní is ealaíonta riamh i stair na hiomána agus cuid de na taispeántais aonair is fearr riamh feicthe cheana féin againn an samhradh seo

Buaicphointí agus ísealphointí na craoibhe go dtí seo

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé in am againn súil siar a chaitheamh ar na cluichí a bhí againn sna cúigí le mí anuas agus cuid de na buaicphointí agus na hísealphointí a phlé. 

Dar ndóigh tharraing caint Paul Coady Cheatharlach roinnt conspóide. Bhí sé an-bhuartha faoin gcóras a thugann seans amháin dá chontae imirt sa phríomhroinn agus a thugann bata agus bóthar dóibh ansin i ndiaidh ceithre chluiche.

Tá an ceart aige mar ní féidir dul chun cinn a dhéanamh taobh istigh de mhí amháin d’fheachtas craoibhe. Ní mór cúpla bliain a thabhairt do na contaetha is fearr sa dara roinn chun iad féin a thástáil  i gcoinne na bhfoirne is fearr. Rinne Ceatharlach dul chun cinn iontach i mbliana. Níor cheart bac a chur ar an dul chun cinn sin trí gan dóthain ama a thabhairt dóibh.

Is dócha gur fíor a rá go raibh craobh Laighean níos fearr ná craobh na Mumhan i mbliana. Agus cad é mar oíche a bhí againn Dé Sathairn seo caite agus an dá chluiche deireanach idir dhá ceann na meá go dtí an fheadóg dheiridh. Bhíos ag éisteacht leis an tráchtaireacht ar an raidió agus mé ag taisteal sa charr agus bí ag caint ar lústar flústar a bhí ann ó thús deireadh sa dá chluiche.

I gcúige Mumhan is iad na Tiobraid Árannaigh is mó a léirigh dúil sa bhua ón tús. Óna gcéad chluiche, ba léir an méid oibre a bhí déanta acu ar an pháirc traenála ar an chomhobair, ar dháileadh na liathróide agus ar conas an freasúra a dhúnadh síos.

Bhí na seanfhondúirí go léir ar ais ar a seanléim agus i ndiaidh an chéad bhua san i gcoinne Chorcaí, bhí na leantóirí thar a bheith sásta leis an taispeántas. Bhí caint go leor faoi thionchar Liam Sheedy agus Éamonn Ó Sé agus an obair atá déanta acu chun go mbeadh muinín ag na himreoirí astu féin agus chun go mbeadh muinín ag daoine as iomáint Thiobraid Árann.

Agus a leithéid de churiarracht scórála ón bhfoireann – 125 cúilín agus 95 díobh sin ón imirt!

Buaicphointe eile ón gcéad cheithre chluiche sa dá chúige ná na héachtaí scórála a rinne na tosaithe iontacha a imríonn an spórt speisialta seo. Ar bharr an liosta sin, tá TJ Reid Chill Chainnigh agus 5-42 faighte aige i gceithre chluiche; Patrick Horgan Chorcaí le 4-42 agus Aaron Gillane Luimnigh le 2-37. Chonaiceamar cúpla ceann de na cúilíní is ealaíonta riamh i stair na hiomána ó Patrick Horgan, chomh maith le cuid de na taispeántais aonair ab fhearr riamh, sa ré órga seo, ó TJ Reid.

Is ceart ainm Marty Cavanagh Cheatharlach a lua anseo freisin, iománaí a chuir trí chúilín is tríocha ar chlár na scór sna ceithre chluiche.

Más iad na Tiobraid Árannaigh ba chumasaí sa Mhumhain is iad na Dubs is mó a bhí i mbéal an phobail i Laighin agus na Gaillimhigh díbeartha as craobh 2019 acu. Bhí Áth Cliath chun tosaigh sa chéad chluiche anuraidh agus na Cait gan ach saol amháin dá naoi saol fágtha acu. Theip ar Áth Cliath in am cúitimh gortuithe an uair sin, áfach. Bhí an-díomá orthu i ndiaidh an tsárthaispeántais sin. ach bhí sé soiléir an lá sin go raibh mianach i bpainéal na foirne seo cois Life. Ó shin i leith is beag atá déanta mícheart acu agus iad ag iarraidh an chéad chéim eile a thógáil. Tá sé déanta acu anois agus iad ag fanacht ar thánaistí Chorn Mhic Dhonncha agus sceitimíní ar lucht leanta na hiomána in Áth Cliath.

Tá craobh na hÉireann ar tí tosú anois agus seaimpíní 2017 curtha de dhroim seoil cheana féin. Tá Craobh na hÉireann buaite uair amháin ar a laghad ag Corcaigh i ngach tréimhse deich mbliana ó 1890. Seo an seans deireanach acu! Agus ar ndóigh tá dhá chluiche ceannais cúige thar a bheith suimiúil amach romhainn.

Fág freagra ar 'Buaicphointí agus ísealphointí na craoibhe go dtí seo'