Bua sealadach ag bundúchasaigh Mheiriceá i gcoinne píblíne ola

Bhí bua mór gan choinne ag pobal bundúchasach na Sioux i gcás píblíne ola a deir siad a dhéanfadh dochar mór dá n-oidhreacht. Ach níl an cath buaite fós…

Bua sealadach ag bundúchasaigh Mheiriceá i gcoinne píblíne ola

Dé hAoine seo caite, thug rialtas feidearálach na Stát Aontaithe ordú gan choinne stop a chur go sealadach leis an obair ar an gcuid sin de phíblíne ola Dakota a bhfuil pobal bundúchasach thearmann Standing Rock, atá suite ar theorainn North agus South Dakota, ag cur ina coinne le dhá bhliain anuas. 

Leis sin, bhí bua mór ag muintir an tearmainn, mar a bhfuil cónaí ar threibh de chuid an phobail Lakota agus ar threibh de chuid an phobail Dakota, nó na ‘Sioux’, mar is fearr aithne ar an dá threibh i mBéarla.

Tá comhlacht príobháideach darb ainm Energy Transfer Partners ag iarraidh píblíne 1,134 míle ar fhad a thógáil chun ola a sheachadadh ó iarthuaisceart North Dakota go taiscumair ollmhóra gar do bhaile Patoka, Illinois.

Faoi láthair, bíonn an ola sin á hiompar i leoraithe agus i dtraenacha ollmhóra lastais, rud, a deir siad siúd atá i bhfabhar an togra, nach bhfuil chomh sábháilte agus a bheadh píblíne.

Lena chois sin, chruthódh an togra postanna tógála sealadacha agus daichead post buan i gceantair ina bhfuil deiseanna fostaíochta gann.

Ach deir pobal thearmann Standing Rock go ndéanfadh an phíblíne dochar ollmhór dá n-oidhreacht chultúrtha agus dá soláthar uisce.

Deir an treibh go bhfuil cuid dá sinsir curtha san áit a bhfuil an phíblíne le tógáil. Lena chois sin, tá siad buartha go gcuirfí Loch Oahe, ar a bhfuil an tearmann ar fad ag brath don soláthar uisce, i mbaol. Tá cuid den phíblíne le tógáil faoin loch.

An samhradh seo, thóg pobal Standing Rock agus a lucht tacaíochta campa puball gar do cheann de na láithreacha tógála. Coicís ó shin, gortaíodh ar a laghad seisear léirseoirí nuair a bhain feidhmeannaigh chomhlacht slándála príobháideach a bhí fostaithe ag lucht na píblíne úsáid as madraí agus sprae piobair chun léirseoirí a choinneáil ó ollscartairí a bhí le dul i mbun oibre.

Cinneadh neamhghnách a bhí in ordú Washington stop a chur leis an obair go sealadach, go háirithe toisc gur cuireadh aguisín leis an ordú. Dar leis an rialtas go bhfuil gá le ‘dianphlé faoi athrú polasaí, ar bonn náisiúnta, maidir leis an luach a chuirtear ar dhearcadh treibheanna bundúchasacha ar thograí infreastruchtúrtha den chineál seo’.

I bhfocail eile, d’fhéadfadh sé go mbeidh níos mó measa ag lucht pleanála ar oidhreacht stairiúil agus ar acmhainní nádúrtha na mbundúchasach amach anseo, ach tógfaidh sé am.

Níl aon tréimhse ama luaite leis an ordú a tugadh Dé hAoine stop a chur leis an obair go sealadach. Mar sin féin, bhí lúcháir ar an treibh faoin gcinneadh.

“Níl an scéal seo thart, ná baol air,” a dúirt David Archambault II, cathaoirleach phobal Standing Rock leis na meáin. “Ach tá lúcháir orm go bhfuiltear ag éisteacht linn.”

Tá pobail bhundúchasacha i Meiriceá Thuaidh agus ar fud na cruinne, mar aon le heagraíochtaí timpeallachta éagsúla, ag tacú le feachtas mhuintir Standing Rock i gcoinne na píblíne.

Fág freagra ar 'Bua sealadach ag bundúchasaigh Mheiriceá i gcoinne píblíne ola'

  • Feardorcha

    Maith thú Alex as díriú ar an scéal seo. Mar is nós le comhlachtaí móra na meán i Meiriceá, tá CNN agus Fox tar éis cluas bhodhar a thabhairt do thaobh na mbundúchasach.
    Chuirfeadh sé masmas ort cuid de na físeáin atá ar an idirlíon de na conraitheoirí “slándála” ramhra siúd ag cur na madraí i lucht na treibhe agus gan gígs ó na póilíní.

    Ní mór idir é is caithréim Shell i Maigh Eo, is annamh nach mbíonn an lá ag an airgead.