Bua Piorrach ag Rialtas na hÉireann agus Príomh-Aire na Breataine náirithe acu

Ní bheadh tír ar bith eile san Aontas Eorpach sásta glacadh leis an gcúlstad gan stad a cuireadh mar dhol roimh an mBreatain

Bua Piorrach ag Rialtas na hÉireann agus Príomh-Aire na Breataine náirithe acu

Bhí bua as an ngnáth ag Rialtas na hÉireann aréir. Den chéad uair ó bhunú an stáit s’againne i 1922, éireoidh le rialtas de chuid na hÉireann deireadh a chur le ceannaireacht Phríomh-Aire na Breataine.

D’éirigh leo cheana féin Príomh-Aire na Breataine a uirísliú leis an gcúlstad ait, dothuigthe sin. Tá ráite go minic nach bhfuil aon fhonn ar Rialtas na hÉireann go mbainfí úsáid phraiticiúil as an uirlis seo a cheanglódh an Ríocht Aontaithe go léir leis an Aontas Eorpach tar éis a himeachta sa chás nach ndéanfaí aon mhargadh trádála nua leis an AE. Cé go ndúirt Rialtas na hÉireann nár theastaigh uathu an cúlstad a chur i bhfeidhm, dhiúltaigh siad cead a thabhairt don Ríocht Aontaithe imeacht as a conlán féin.

Ba leor an méid sin don eite dheis den pháirtí caomhnach diúltú aréir d’achainí Theresa May go dtacófaí lena margadh imeachta. Déarfaidh an Taoiseach agus an Tánaiste gur ar May féin an milleán mar go ndearna sí iarracht í féin imeacht ón aontas custam agus ón margadh aonair.

Pionós cuí, a déarfar i mBaile Átha Cliath, ab ea cliseadh na hoíche aréir.

Ach is léir ó na mionsonraí dlí sa téacs nua a tugadh do May i Strasbourg aréir nach mbeadh tír ar bith eile san Aontas Eorpach sásta glacadh leis an gcúlstad gan stad seo a chuir Roinn Gnóthaí Eachtracha s’againne i dtoll a chéile. Is féidir le gach aon bhallstát san Aontas imeacht as ach sin a chur in iúl do Choimisiún an Aontais Eorpaigh trí feidhm a thabhairt d’Airteagal 50 de Chonradh Liospóin. Bheadh fadhbanna praiticiúla éagsúla le sárú ag an mballstát a bhainfeadh úsáid as Airteagal 50, ar ndóigh, ach níl aon bhac dleathach orthu má tá fonn orthu sin a dhéanamh.

Ní hamhlaidh i gcás an chúlstad. Ní bheadh an Ríocht Aontaithe in ann éalú as. Faoin margadh imeachta bheadh cead ag an Ríocht Aontaithe gearán a dhéanamh faoin gcúlstop le coiste nuabhunaithe a dhéanfaidh cinneadh faoi cad a tharlódh. Bheadh cead ag an Ríocht Aontaithe cuid de na dualgais a bheadh orthu faoin gcúlstad a chur ar fionraí, ach tréimhse shealadach fionraíochta a bheadh ann. Ach dá mbeifí ag iarraidh éalú ón gcúlstad, chaithfí a chruthú don choiste seo go raibh sárú á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ar a ndualgais féin i leith an phrótacail. É sin nó chaithfí a chruthú go raibh iompar mímhacánta nó míchuí ar bun ag an AE.

Fiú dá n-éireodh leis an Ríocht Aontaithe a chruthú go raibh an AE ag caitheamh leis an gcúlstad go mímhacánta, faoi Airteagal 178 (5) ní bheadh cead éalú ón gcúlstad ach ar bhonn sealadach. Ní ghlacfadh an Ghearmáin leis seo, ná an Fhrainc. Ná W.T. Cosgrave, ná Éamonn de Valera ná Seán Lemass fiú.

Ach b’in an dol a chuir Rialtas na hÉireann dár gcomharsa béal dorais. Sin a chuir sa tsáinn iad. Ach dhiúltaigh siad dul sa dol. Faoi mar a dhiúltódh Cosgrave, de Valera agus Lemass. Céard atá i ndán inniu do gheilleagar na hÉireann agus don chaidreamh Angla-Éireannach?

Níl a fhios ag aon duine i Rialtas na hÉireann.

Fág freagra ar 'Bua Piorrach ag Rialtas na hÉireann agus Príomh-Aire na Breataine náirithe acu'

  • coc

    Tá gá leis an gcúlstad mar gheall go gcaithfidh teorainn oscailte a bheith ar an oileán de bharr Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá cearta ag saoránaigh Éireannacha sa Tuaisceart maraon le gach saoránach AE eile bunaithe freisin ar an gComhaontú céanna.

    Mar sin ní bhaineann deacrachtaí na Sasanach le hAlt 50 per se ach leis na dualgais atá orthu i leith Comhaontú Aoine an Chéasta. Sin an fhadhb phraiticiúil ar leith atá ag na Sasanaigh agus níl locht ar bith ar Rialtas na Éireann gurb amhlaidh atá.

    Is ag doras na hamadáin i Londain, a chur Alt 50 i bhfeidhm gan réiteach na faidhbe seo a shocrú roimh ré, ar chóir an locht sin a leagadh.