Bua Le Pen sa bhFrainc – dúshlán don Eoraip agus don eite chlé…

Léiríonn na torthaí toghcháin seo ón bhFrainc nach leor don eite chlé lucht an chiníochais nó páirtithe na heite deise a cháineadh: caithfear freagraí a thabhairt ar a gcuid argóintí

Marine-le-Pen

Baineadh siar as daoine sa bhFrainc, agus ar fud na hEorpa, nuair a d’éirigh leis an bhFront National de chuid Mharine Le Pen, an chéad áit a bhaint amach i dtoghcháin reigiúnda na tíre sin ag an deireadh seachtaine.

Den chéad uair, tá seans láidir ann go mbeidh an Front i gceannas i gceithre réigiún (as trí cinn déag), rud a fhágfaidh Marine Le Pen agus gaoth ina seolta roimh thoghchán na huachtaránachta atá le reáchtáil i 2017.

Baineadh creathadh as an bpobal bunaidh polaitíochta, ní hamháin mar gheall ar an séasamh láidir frith-Mhoslamach is frith-inimirceach atá ag an bpáirtí, ach freisin toisc go dteastaíonn ó Le Pen cumhacht na Fraince a bhaint ón Aontas Eorpach, imeacht ón Euro agus stop a chur leis an bhfiontar Eorpach ar fad.

Dúshlán don Eoraip atá sa bhua seo aici, mar sin, ach níos tábhachtaí fós, dúshlán don eite chlé atá ann. Mar thoradh ar pholasaithe ciníocha an Front agus an dímheas atá acu ar chearta daoine, bíonn Le Pen ag iarraidh comhlachtaí stáit a fhorbairt le tabhairt faoi fhadhb na dífhostaíochta agus ag iarraidh córas leasa shóisialaigh níos fearr a thabhairt isteach – do Fhrancaigh amháin, ar ndóigh, agus ní d’inimirceóirí.

Tá a lorg fágtha ag na polasaithe sin ar dhaoine i gceantair lucht oibre thuaisceart na Fraince atá buailte go dona ag an ngéarchéim eacnamaíochta agus ag fadhbanna eacamaíochta fadbhunaithe. Seo ceantair a mbíodh an Páirtí Cumannach agus an Páirtí Sóisialach láidir iontu tráth, ach ceantair anois iad ina n-éistíonn daoine go fonnmhar le caint Le Pen faoi stop a chur le smacht an Aontais Eorpaigh ar an bhFrainc agus cumhacht a thabhairt ar ais don tír.

Go deimhin, ag tús ama, bhíodh an eite chlé an-amhrasach faoin bhfiontar Eorpach, agus in Éirinn agus sa mBreatain bhí ról láidir ag páirtithe an lucht oibre i gcoinne an chomhargaidh nuair a chuaigh muid isteach ann.

Ach d’éirigh le Jacques Delors dearcadh cheannairí na bpáirtithe sin a athrú lena chaint siúd faoin Eoraip Shóisialach is eile. Ghéill Pairtí Lucht Oibre na hÉireann go hiomlan dó seo, cé gur fiú a thabhairt faoi deara go raibh Jeremy Corbyn i Sasana ina measc siúd a d’fhan naimhdeach don Chomhargadh.

Agus bíodh sé fíor nó ná bíodh, creideann a lán oibrithe go bhfuil fonn ar fhostaitheóirí daoine atá sásta dul i mbun oibre ar bheagán airgid a thabhairt isteach i dtreo is gur féidir a mbillí tuarastail a laghdú. De ghnáth ní bheadh an oiread sin tábhachta lena leithéid de dhearcadh a bheith ann, ach ag tráth a bhfuil fostaíocht gann is féidir le tuairimíocht mar seo ciníochas a ghiniúint.

Léiríonn na torthaí toghcháin seo ón bhFrainc nach leor don eite chlé lucht an chiníochais nó páirtithe na heite deise a cháineadh: caithfear freagraí a thabhairt ar a gcuid argóintí.

Thairis sin ar fad, tá ceist bhunúsach ann nach gcuirtear ar chor ar bith, is é sin céard atá i ndán don Aontas Eorpach, nó cén cineál Aontais is cóir a bheith ann. Bó bheannaithe atá san Eoraip do na polaiteoirí seanbhunaithe abhus, agus do na meáin, ach ní chuirfear na ceisteanna seo de dhroim seoil fad is atáimid dall orthu.

Tá an fiontar Eorpach á roiseadh as a chéile os comhair ár gcuid súl. Mar gheall ar fhadhb na sceimhlitheoireachta agus na dteifeach sa Mheán-Oirthear, tá deireadh nach mór le haontú Schengen agus tá na seansrianta teorann á gcur i bhfeidhm arís ag na ballstáit.

Tá pleananna le córas aontaithe baincéireachta a bhunú curtha ar an méar fhada, agus is ar chúiseanna eacnamaíochta seachas cúiseanna polaitíochta atáthar ag cloí leis an Euro.

San Iodáil mar shampla, bhí fás geilleagrach ann nó gur ghlac siad leis an Euro, agus tá an Fhionnlainn ag gearradh pá mar fhreagra ar an ngéarchéim acu siúd toisc nach bhfuil an chumhacht acu a thuilleadh díluachála a dhéanamh ar a gcuid airgeadra.

Sa Danmhairg, tá an pobal i ndiaidh diúltú (arís) páirt a ghlacadh sa chomhpholasaí dlí in ainneoin sceimhlitheoireacht Phárais.

Agus mar fhreagra ar na deacrachtaí coitianta seo, toisc nach bhfuil páirtithe na heite clé sásta an fód a sheasamh, tá an dream is faide amach ar an eite dheis ag teacht i dtír ar an scéal.

Pé cruth a bheidh ar chúrsaí amach anseo, ní mhairfidh an seanfhiontar Eorpach mar a bhí.

Mar a dúirt an t-iriseoir Wolfgang Muenchau sa Financial Times, ní bheidh fágtha ach ‘limistéar galánta saorthrádála’.

Ach an féidir aon rud a dhéanamh faoi seo? Mar a dúirt Muenchau freisin, dá mba rud é gur stát daonlathach feidearálach ab ea an tAontas Eorpach, ní bheadh an comhrá seo ar bun againn. Ach ní stát daonlathach feidearálach an tAontas Eorpach, agus i bhfianaise thoghchán na Fraince – gan trácht ar Brexit ná eile – ní stát daonlathach feidearálach a bheidh ann ach oiread.

Fág freagra ar 'Bua Le Pen sa bhFrainc – dúshlán don Eoraip agus don eite chlé…'