Bua do Bhaile Átha Cliath agus an cuarbhóthar do Ghaillimh

Ón méid a chonaic ár gcolúnaí den dá fhoireann i mbliana, ceapann sé go bhfuil Baile Átha Cliath ábhairín níos fearr ná an Ghaillimh

Cathal Mannion agus Peter Kelly. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Cathal Mannion agus Peter Kelly. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Téann dhá cheann d’fhoirne móra iomána Chúige Laighean chun páirce amárach i gceanncheathrú CLG, mar a gcasfaidh an Ghaillimh agus Baile Átha Cliath ar a chéile. Is cluiche thar a bheith tábhachtach é seo don dá fhoireann. Caithfidh go bhfuil an-bhrú ar bhainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham. Seo an ceathrú bliain aige i gceannas agus cé go raibh a chuid imreoirí thar barr sa chéad bhliain aige, ní féidir an méid céanna a rá fúthú ó shin. Cad is féidir a scríobh nach bhfuil scríte fúthu ó 1988, an bhliain dheireanach a thug na Gaillimhigh Corn Liam Mhic Cárthaigh leo thar Sionainn siar? Cad is féidir a scríobh nach bhfuil scríofa fúthu ó 1988, an bhliain dheireanach a thug na Gaillimhigh Corn Liam Mhic Cárthaigh leo thar Sionainn siar ? Gan dabht beimid ag cur na ceiste céanna i mbliana faoin nGaillimh is atá curtha ag pobal na hiomána ó 1988: cé acu ‘Gaillimh’ a fheicfimid? An ‘Gaillimh’ iontach a chonaiceamar i i gcluiche ceannais Laigheann i 2012 nó an ceann a chonaiceamar go rímhinic roimhe agus ina dhiaidh sin. Maidir le Baile Átha Cliath, bhuel b’fhéidir go bhféadfaimis an cheist chéanna faoi bhuanseasmhacht a chur orthu siúd. Ó thosnaigh ré Anthony Daly leo, lean bliain mheasartha drochbhliain. Thosnaigh ré faoi stiúir Ger Cunningham amach le dhá thaispéantas sraithe an-spreagúil i gcoinne Thiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus chríochnaigh sé lag go leor agus farasbarr dhá chúilín dhéag curtha amú acu i gcoinne Chorcaí sa chluiche leathcheannais.

Táim bréan de bheith ag léamh nach bhfuil iománaithe ‘nádúrtha’ ag Baile Átha Cliath. Cad is brí le sin? An ciallaíonn sé go bhfuil crómosóm éigin in easnamh orthu? Tosnaíonn gach páiste amach i ngach contae ag foghlaim na mbunscileanna. Dar ndóigh, tá béim faoi leith ar an iomáint i contaetha áirithe. Caithfear a admháil go bhfuil an-obair déanta ag bord Bhaile Átha Cliath chun an iomáint a chur chun cinn sa chontae. Tá líon mór cótseálaithe ag obair leo. Tá an traenáil agus an t-eolas ceart, nua-aimseartha faighte ag na daoine seo. Mar sin ó thaobh ullumhucháin de, tá i bhfad níos mó á dhéanamh i mBaile Átha Cliath ná mar atá á dhéanamh in a lán contaetha eile. Ceann des na fadhbanna atá acú ná go gcailleann siad an chuid is mó de na himreoirí is fearr toisc go mbíonn fonn orthu peil a imirt don chontae.

Amárach rachaidh siad chun páirce, (mar a rachaidh foireann na Gaillimhe) agus cuid mhaith ceisteanna fúthu. Cén fáth ar thit an tóin astu i gcoinne Chorcaí? Cén áit is fearr ar an bpáirc a oireann do Liam Rushe agus Paul Schutte, beirt de na himreoirí is cumasaí acu? Cé a chuirfear ag faire Joe Canning? An bhfuil sé sa phlean scuabadóirí a bheith acu? 

Ag tosach na seachtaine fógraíodh go mbeidh Joe Canning réidh le n-imirt i ndiaidh an drochghortú láimhe a bhí ag cur isteach air. Ach beidh an Ghaillimh gan an bheirt Búrcach.

Tá sé thar a bheith deacair léamh ceart a dhéanamh orthu. An uair nach mbíonn súil leis, tugann siad ardtaispéantas uathu, ach tarlaíonn a mhalairt go minic. 

Ón méid a chonaic mé den dá fhoireann i mbliana, ceapaim go bhfuil Baile Átha Cliath ábhairín níos fearr. Ach tá fhios againn go léir gur ar an lá, taobh istigh de na línte bána sin, a bhuafar agus a chaillfear na cluichí.

Baile Átha Cliath an uair seo domsa agus an cuarbhóthar don Ghaillimh.

Fág freagra ar 'Bua do Bhaile Átha Cliath agus an cuarbhóthar do Ghaillimh'

  • padraig o donnchu

    Canathaobh nach gcuireann na hiomanaithe in iul don lucht bainistiocht cen ait ar an bpairc is ansa leo? Is fearra thuigeann an t-imreoir e sin na einne eile! Ta’s agam nach bhfeadfai gach duine a shasamh ach da mba bhainsiteoir mise labhroinn le gach imreoir chun an cheist sin a phle leis> Ceist an-tabhachtach go deo mar beidh deimhniu ansan agat go bhfuil an t-imreoir/na himreoiri sin ‘istigh leo fein’ sa bhall airithe sin den bpairc (mas ann a chuirtear e!).
    Buafaidh an Ghaillimh an ceann seo, cacfaidh na Blea Cliathaigh ina mbristi aris. Bionn nios mo na scil ag teastail chun bheith id iomanai cumasach.