Brú le cur ar an Aire Oideachais féachaint ‘go fuarchúiseach’ ar phointí bónais do chúrsa nua Gaeilge

Beidh an tAire os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus cruinniú den choiste ar siúl i seomra na Dála

Brú le cur ar an Aire Oideachais féachaint ‘go fuarchúiseach’ ar phointí bónais do chúrsa nua Gaeilge

An tAire Oideachais, Norma Foley. Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Tabharfar dúshlán an Aire Oideachais Norma Foley inniu a tuairim a thabhairt faoi easpa Gaeilge múinteoirí bunscoile agus faoi cheist na bpointí bónais don chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist.

Beidh an tAire os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus cruinniú den choiste ar siúl i seomra na Dála.

Bhí conspóid mhór ann faoi chruinniú na seachtaine seo caite den choiste Oireachtais nuair a dúirt urlabhraí ó Aontas Múinteoirí Éireann  go bhfuil siad go “daingean in aghaidh” pointí bónais a bhronnadh ar chainteoirí líofa Gaeilge a thabharfadh faoi chúrsa nua atá níos dúshlánaí san Ardteist.

Ceist na bpointí bónais agus caighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe a bheidh faoi chaibidil ag cruinniú an lae inniu.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie roimh an gcruinniú, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go raibh ceisteanna “tromchúiseacha” le freagairt ag an Aire Foley maidir leis an dá cheist sin.

“Níl mórán Gaeilge ag cuid mhaith múinteoirí bunscoile anois agus is í an cheist atá agam ar an Aire ná céard atá sí chun a dhéanamh faoi seo?”

Maidir le T1 agus T2, dúirt Ó Cuív nach raibh “aon bhunús” leis an argóint a rinne an TUI faoi bhuntáiste breise a bheith ag daltaí a thabharfadh faoi T1 agus gur gá don aire breathnú “go fuarchúiseach agus go loighciúil” ar an cheist.

“Argóint pháistiúil a bhí ann mar go mbíonn buntáiste ag daltaí ar go leor cúiseanna…Níl ciall ar bith le cúrsa nach bhféadfaí aitheantas a thabhairt as breis oibre. Caithfidh marcanna breise a bheith ann i gcomhréir leis an obair bhreise agus tá sé chomh simplí agus chomh ‘dubh agus bán’ leis sin.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie gur léir go raibh “fadhb sa chóras” nuair nach bhfuil Gaeilge “maith go leor” ag múinteoirí “leis an teanga féin nó ábhar eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge”.

Tá urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag súil le heolas a fháil ón Aire Foley mar gheall ar an phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil i láthair na huaire maidir leis an dá chúrsa nua, T1 agus T2, atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

“Cuireadh síneadh leis an bpróiseas comhairliúcháin ach ní thuigim cén fáth a bhfuil an tAire chun leanúint leis mar ní bheidh aon fhianaise againn faoinar éirigh nó nár éirigh leis an gcúrsa don Teastas Sóisearach ag deireadh an phróisis,”a dúirt an Teachta de chuid Shinn Féin.

Dúirt Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach ar an choiste Gaeilge, go raibh sé chun cás na mbunscoileanna Gaeltachta in Uíbh Ráthach agus i gConamara atá i mbaol a ndúnta toisc gan dóthain scoláirí a bheith acu a phlé leis an Aire Oideachais chomh maith.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee gur gá don Aire machnamh a dhéanamh ar cheist na bpointí bónais do dhaltaí T1.

“Tá mé ag iarraidh a chur in iúl di go bhfuil gá le daoine a mhealladh isteach chun an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Níl sé maith go leor a rá go bhfuil buntáistí ag daltaí le Gaeilge. 

“A mhalairt atá fíor, tá Béarla chomh lárnach inár saol go bhfuil go leor míbhuntáistí ann don chainteoir líofa Gaeilge.  Arís, i gcomhthéacs na hearcaíochta san earnáil phoiblí, tá sé seo thar a bheith tábhachtach,” a dúirt an Seanadóir.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoi cheist na marcanna bónais.

Gealltar go dtabharfar bearta isteach chun an spreagadh sin a thabhairt do scoláirí ach ní luaitear ar na bearta sin ach scéim sparánachta tríú leibhéal do dhaltaí a bhaineann grád áirithe amach sa chúrsa nua agus an cúrsa nua a bheith riachtanach do chúrsaí áirithe ‘Gaeilge’ ag an tríú leibhéal.

Meastar nach leor sin mar spreagadh chun a chur ina luí ar scoláirí tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí, go háirithe nuair atá pointí arda le fáil go héasca ag cainteoirí líofa ar an gcúrsa mar atá.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Brú le cur ar an Aire Oideachais féachaint ‘go fuarchúiseach’ ar phointí bónais do chúrsa nua Gaeilge'

  • Rossa Ó Snodaigh

    is chun tairbhe an stát chóras féin a bheadh na pointí breise i bhfianaise an easpa fostóirí le líofacht Gaeilge i ngach chuid den stát-chóras, ach go h-áirithe An Roinn Oideachais féin.
    Féach gur polasaí de chuid an rialtas é go n-ardaíonn deontas caipitíochta naíonra gach uair a fhaigheann stiúrthóir nó naíonóir céim níos airde os cionn leibheál a 5 sa teastas cúram leanaí.

  • Peadar

    Ní bheidh an TUI sàsta!!