An TUI ‘go daingean’ in aghaidh pointí breise Ardteiste do chúrsa Gaeilge nua do chainteoirí líofa

Deir ceardchumann múinteoirí gur ‘buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí faoi láthair’ an toradh a bheadh ar phointí bónais do dhaltaí a thabharfadh faoi chúrsa nua níos dúshlánaí

An TUI ‘go daingean’ in aghaidh pointí breise Ardteiste do chúrsa Gaeilge nua do chainteoirí líofa

John MacGabhann

Deir ceardchumann an TUI go bhfuil siad go “daingean in aghaidh” pointí bónais a bhronnadh ar chainteoirí líofa Gaeilge a thabharfadh faoi chúrsa nua níos dúshlánaí san Ardteist.

Leatrom ar dhaltaí i scoileanna Béarla agus “bearna phribhléide ó thaobh na Gaeilge” an toradh a bheadh ar phointí bónais don chúrsa nua T1, a deir an ceardchumann.

Is é Aontas Múinteoirí Éireann an ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Ag labhairt dó ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge inniu, dúirt John MacGabhann, Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Gaeilge, gur “ábhar buartha” é don cheardchumann go raibh “tuairim láidir amuigh ansin” ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag tuismitheoirí agus scoláirí scoileanna lán-Ghaeilge gur chóir pointí breise a bheith ag dul leis an gcúrsa nua.

“Bheimis go daingean in aghaidh a leithéid de mholadh. Bhronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí faoi láthair. I scoileanna nárbh fhéidir leo TI a chur ar fáil, scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí níos faide chun cúil.

“Leathnófaí réimse na míbhuntáistí atá á dtarraingt siar cheana féin. Ina theannta sin, thiocfadh bronnadh pointí breise salach ar pholasaithe an Rialtais agus na Roinne maidir le cuimsiú agus comhionannas i gcúrsaí curaclaim agus measúnachta.

“Níor mhaith linn go n-osclófaí bearna pribhléide den sórt sin ó thaobh na Gaeilge de idir scoileanna T1 agus scoileanna T2.”

Dúirt John MacGabhann gurb í an Ghaeilge “croílár ár gcultúr dúchais” agus “foinse shaibhris ar le gach dalta í”.

Cúrsa nua Gaeilge gan marcanna bónais ‘chomh craiceáilte le pointe amháin do chúl agus cúilín’

“Tá sé de dhualgas orainn í a chur ar fáil dóibh go léir ar bhonn inghlactha, éifeachtach, daonlathach,” a dúirt MacGabhann.

Dúirt sé go gcreideann TUI “go diongbháilte” nach mbeadh sé “ceart ná cóir”  socruithe nua curaclaim a thabhairt isteach “a dhéanfadh leatrom ar aicmí áirithe de dhaltaí na tíre”. Chaithfí, a dúirt sé, “cloí go docht le cothrom na Féinne, mar bhunphrionsabal”.

Dúirt sé gur “iomaí tuairim” a bhí ag daoine faoin bplean dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist, T1 don chainteoir dúchais agus líofa agus T2 don ghnáthdhalta. Bhí “talamh slán” á dhéanamh ag an TUI de, ar sé, go bhfuil sé “de chuspóir ag cách cion agus meas ar an nGaeilge agus cumas sa teanga labhartha a chothú agus a láidriú i ngach aon dalta, is cuma cad as don dalta, cá dtéann sí ar scoil nó cé chomh saibhir nó bocht is atá a muintir”.

Dúirt ionadaithe an ASTI ag an gcruinniú a bhí ar siúl i seomra na Dála inniu nach raibh dóthain “plé” déanta sa cheardchumann faoi cheist na bpointí bónais chun go bhféadfaidís tuairim a thabhairt fúithi.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoi cheist na marcanna bónais.

Gealltar go dtabharfar bearta isteach chun an spreagadh sin a thabhairt do scoláirí ach ní luaitear ar na bearta sin ach scéim sparántachta tríú leibhéal do dhaltaí a bhaineann grád áirithe amach sa chúrsa nua agus an cúrsa nua a bheith riachtanach do chúrsaí áirithe ‘Gaeilge’ ag an tríú leibhéal.

Meastar nach leor sin mar spreagadh chun a chur ina luí ar scoláirí tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí go háirithe nuair atá pointí arda le fáil go héasca ag cainteoirí líofa ar an gcúrsa mar atá.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Fág freagra ar 'An TUI ‘go daingean’ in aghaidh pointí breise Ardteiste do chúrsa Gaeilge nua do chainteoirí líofa'

  • Emer

    Fág acu é ach an oiread le lucht eile an chur i gcéill!

  • Cormac

    Chaithfí, a dúirt sé, “cloí go docht le cothrom na Féinne, mar bhunphrionsabal”……..cúrsa níos deacra ina ndéanfar marcáil ar na scoláirí in aghaidh na scoláirí is fearr sa tír bunaithe ar an tíreolaíocht agus ar an rogha scoile a rinne siad. Tá sé le tarlú do theanga amháin ach ní aon teanga eile. Cá bhfuil an cothrom na féinne?

  • Seán Mag Leannáin

    “Leathnófaí réimse na míbhuntáistí atá á dtarraingt siar cheana féin. Ina theannta sin, thiocfadh bronnadh pointí breise salach ar pholasaithe an Rialtais agus na Roinne maidir le cuimsiú agus comhionannas i gcúrsaí curaclaim agus measúnachta.” Is iomaí buille a tugadh don Ghaeilge ar scáth an chairdis agus an chomhionannais.

  • Dónall

    Dá mbeadh a chuid obair bhaile dèanta aige, thuigfeadh sè go mbeidh rogha ag a chuid scoileanna DEIS ar fud na háite tabhairt faoi T1!

  • Peadar