Brú damanta cheana ar chuid d’fhathaigh na fuinseoige

Níl anseo ach an dara deireadh seachtaine den chraobh ach beidh deireadh an chomórtais ag bagairt ar roinnt foirne móra mura ndéanfaidh siad an t-aicsean amárach

Brú damanta cheana ar chuid d’fhathaigh na fuinseoige

Imreoir Chorcaí, Anthony Nash. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Beidh an chraobh iomána arís againn an deireadh seachtaine seo agus Luimneach agus Loch Garman ag cur tús lena n-aistear. Tá Luimneach sa bhaile i gcoinne Chorcaí ach tá na Carmanaigh as baile agus Baile Átha Cliath mar fhreasúra acu. Ar an drochuair do Loch Garman beidh siad as baile arís an tseachtain seo chugainn agus seampíní an chúige, an Ghaillimh, rompu. Tarraingt an-dian í sin ar Loch Garman.

Anuraidh bhuadar ar Bhaile Átha Cliath sa bhaile sa chéad chluiche agus dhá chúilín le spáráil acu ach as baile a bheidh siad amárach.

Ach tá foireann na hardchatrach faoi bhrú damanta cheana féin toisc gur chaill siad an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh Chill Chainnigh.

Cluiche thar a bheith tábhachtach don dá chontae é an cluiche seo amárach agus beidh an-teannas i bPáirc Pharnell. Tuigeann an dá champa cad atá i ndán dóibh má chailleann siad. Is maith is eol dóibh chomh maith an dúshlán ollmhór atá rompu an deireadh seachtaine deireanach nuair a bheidh Cill Chainnigh roimh Loch Garman agus an Ghaillimh roimh Áth Cliath.

Ach is amárach a thosnóidh feachtas craoibhe Loch Garman. Tá de bhuntáiste ag Áth Cliath go bhfuil cluiche imeartha acu agus ceachtanna foghlamtha acu ón gcluiche sin, fiú má chailleadar. Is deacair tuar a dhéanamh ar an gcluiche seo mar nach bhfuil na Carmannaigh feicthe againn le tamall. Tabharfaidh mé an nod do Bhaile Átha Cliath más é nod an amhrais féin é.

Tá an-bhrú freisin ar Corcaigh i ndiaidh dhrochthaispéantais an Domhnaigh seo caite. Bhíodar leamh ó thús deireadh agus Tiobraid Árann i bhfad níb fhearr ar fud na páirce ar fad. Tá sé ráite agam cheana anseo go bhfuil easpa ceannairí ag cur isteach ar fhoirne Chorcaí le blianta beaga anuas.. Seachas Patrick Horgan, a bhí ina rí, an t-ógánach Niall O’Leary ( ina chéad chluiche craoibhe) Tim O’Mahony agus Eoin Cadogan, ní dóigh liom go mbeadh aon imreoir eile acu sásta lena dtaispéantas.

Ach tuigeann an fhoireann anois go bhfuil baol mór ann go mbeidh a bport seinnte i gcraobh 2019 má chailleann siad amárach.

Agus a leithéid d’fhoireann atá rompu i bPáirc na nGael. Bhuaigh Luimneach craobh na hÉireann anuraidh le himirt fhíorshlachtmhar agus bhí feachtas sraithe thar a bheith sásúil acu i mbliana (cé gur chailleadar i gcoinne Chorcaí) agus dár ndóigh bhuaigh siad an comórtas sin chomh maith.Bunaithe ar an méid atá feicthe againn le beagnach bliain nuas, tá an painéal is láidre sa tír acu i láthair na huaire. Amhail Áth Cliath, tá sé de bhuntáiste ag Corcaigh go bhfuil cluiche imeartha acu, más buntáiste é sa chás seo.

Ach fiú más buntáiste é níor leor é agus neart, luas comhimirt agus díocas fhir John Kiely le sárú.

Is deacair a dhéanamh amach conas is féidir Corcaigh an dá phointe a bhuachan.

Comhscór a bhí eatarthu anuraidh ach bheadh ionadh agus áthas orm dá n-éireodh le Corcaigh an comhscór féin a fháil amárach. Bheadh a leithéid go diail.

Ach oiread le Corcaigh agus Áth Cliath tá brú mór ar Phort Láirge.

Bhíodar trína chéile sna cúil go luath sa chluiche i gcoinne an Chláir seachtain ó shin agus níor chuidigh gortú Noel Connors leis an bhfadhb. Cé go raibh seans fós acu ag druidim i dtreo dheireadh an chluiche, bhí tréimhse i bhfad rófhada ar fad sa dara leath nuair nár scóráladar ach cúilín amháin.

Beidh foireann Phort Láirge ag tabhairt a n-aghaidh ar Dhurlas Éile agus murar samhradh fada díomhaoin atá uathu agus gan aon iomáint idirchontae acu, caithfidh siad a bheith ar a míle dícheall ar feadh seachtó nóiméad.

Níl anseo ach an dara deireadh seachtaine den chraobh ach beidh deireadh an chomórtais ag bagairt ar roinnt foirne móra mura ndéanfaidh siad an t-aicsean amárach.

Fág freagra ar 'Brú damanta cheana ar chuid d’fhathaigh na fuinseoige'