Brú breise ar May teacht ar réiteach eile faoi cheist theorainn na hÉireann

Thug ceannairí na hEorpa le fios i Salzburg inniu nach bhfuil aon ní cóir i ndán do phlean Rialtas na Breataine don Bhreatimeacht mura ndéanfar athrú ó bhonn air

Brú breise ar May teacht ar réiteach eile faoi cheist theorainn na hÉireann

Tá ag méadú ar an mbrú atá ar Phríomh-Aire na Breataine Theresa May teacht ar réiteach eile faoi cheist na teorann in Éirinn agus locht mór faighte ag ceannairí na hEorpa ar mholtaí Chequers faoin mBreatimeacht.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk inniu nach mbeidh aon ghlacadh ag an AE le plean May don Bhreatimeacht.

Ag labhairt dó i Salzburg, i ndiaidh chruinniú mullaigh cheannairí bhallstáit an AE, dúirt Tusk go raibh na ceannairí uile ar aon intinn faoi phlean Rialtas na Breataine, nó ‘plean Chequers’.

“D’ainneoin go bhfuil rudaí dearfacha i moltaí Chequers, bhí gach duine ar aon intinn nach n-oibreodh an cur chuige atá molta ann don chomhoibriú eacnamaíochta, go háirithe mar go gcuirfeadh sé isteach ar an margadh aonair,” arsa Tusk.

Dúirt Therese May go ndéanfaí moltaí nua go luath maidir leis an gcúlstop agus ceist theorainn na hÉireann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá molta ag an Aontas Eorpach go bhfanfadh Tuaisceart Éireann go praiticiúil sa mhargadh aonair agus san aontas custaim i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach tá diúltaithe ag May agus a Rialtas don mholadh sin toisc, a deirtear, go gcuirfeadh sé as do stádas eacnamaíochta agus bunreachta na Ríochta Aontaithe.

Chuir caint Tusk inniu a thuilleadh brú ar May agus rabhadh tugtha aige go gclisfeadh ar na cainteanna faoin mBreatimeacht mura mbeidh réiteach aici ar cheist na teorann in Éirinn roimh mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Tusk chomh maith gur mhaith leis clabhsúr a chur ar na cainteanna faoi lár mhí na Samhna ach nach bhféadfadh sé sin tarlú mura mbeadh réiteach “beacht agus soiléir” ag Rialtas na Breataine a sheachnódh teorainn chrua in Éirinn.

“Gan aon finale mór i mí Dheireadh Fómhair…níl aon chúis go n-eagrófaí cruinniú speisialta i mí na Samhna. Seo an t-aon choinníoll a bhaineann le cruinniú mullaigh sin na Samhna,” a dúirt Tusk.

Dúirt May leis an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin nár mhór a dóchas go bhféadfaí teacht ar réiteach faoin scéal faoin gcéad mhí eile. Is don 17-18 Samhain atá an cruinniú mullaigh faoi chás na hÉireann beartaithe.

An Taoiseach Leo Varadkar le Donald Tusk. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Rinne Tusk beag is fiú de mholtaí phlean Chequers, go háirithe na moltaí ann i dtaobh cúrsaí eacnamaíochta.

“Ní mór a bheith soiléir go bhfuil rudaí áirithe nach bhfuilimid sásta aon chomhghéilleadh a dhéanamh fúthu, agus is é an chéad cheann acu sin ná ár saoirse bhunúsach agus an margadh aonair agus sin an fáth go bhfuil amhras orainn faoin gcuid seo de mholtaí Chequers agus go bhfuilimid cáinteach orthu,” a dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

Ghéaraigh a thuilleadh inniu ar an aighneas faoin mBreatimeacht nuair a thug Uachtarán na Fraince Eammnuel Macron “bréagadóirí” orthu siúd a mhaíonn go mbeidh “chuile shórt togha” ina dhiaidh.

“Iadsan a deir go mbeadh sé éasca maireachtáil d’uireasa na hEorpa, go mbeidh chuile shórt togha agus go dtabharfar neart airgid abhaile, is bréagadóirí iad,” a dúirt Macron.

Dúirt Macron gur “céim mhaith agus chróga” ag Theresa May moltaí Chequers a chur chun cinn ach go raibh ceannairí na mballstát ar fad “ar aon fhocal” nach bhféadfaí glacadh leis na moltaí “mar atá faoi láthair”.

Dúirt Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel go raibh “go leor oibre” le déanamh fós faoi cheisteanna trádála ach go raibh gach ballstát aontaithe nach bhféadfaí géilleadh faoin margadh aonair.

“Ní fhéadfadh aon dream a bheith sa mhargadh aonair mura bhfuil siad ina gcuid den mhargadh aonair,” arsa Merkel.

Fág freagra ar 'Brú breise ar May teacht ar réiteach eile faoi cheist theorainn na hÉireann'