Brú a chur ar Aire Stáit na Gaeltachta ‘gníomhú de réir a bhriathair’…agus mianta eile Ghaeilgeoirí Thithe an Oireachtais

Agus an obair ar an mBille Teanga críochnaithe acu, tá ábhair nua ar an gclár ag na polaiteoirí a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais

Brú a chur ar Aire Stáit na Gaeltachta ‘gníomhú de réir a bhriathair’…agus mianta eile Ghaeilgeoirí Thithe an Oireachtais

Cur i bhfeidhm an Achta Teanga nua, dul i ngleic le “teip” na nGardaí i dtaobh na Gaeilge agus úsáid na teanga a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais féin.

Sin iad roinnt de na mianta atá ag cuid de na polaiteoirí is mó a bhíonn ag coimeád súil ar chás Gaeilge agus Gaeltachta sa Dáil agus sa Seanad.

Caitheadh cuid mhaith de 2021 ag plé na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cé nach bhfuil deireadh leis an obair maidir leis an bpíosa reachtaíochta sin, tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí an rialtais agus an fhreasúra ag súil le haghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna eile a bhíonn ag cur as do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sna míonna amach romhainn.

Tá an tAcht Teanga a chur i bhfeidhm fós ar cheann dá bpríomhthosaíochtaí i dtaobh na Gaeilge ag na polaiteoirí ar labhair Tuairisc leo.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go mbeadh sé féin ag díriú ar “chur i bhfeidhm iomlán agus éifeachtach” na reachtaíochta nua agus dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go raibh súil aige go ndéanfadh an tAire Stáit Jack Chambers “gníomhú de réir a bhriathair” agus go gcuirfeadh sé na forálacha san Acht leasaithe i gcrích agus go bhfoilseodh sé na Caighdeáin Teanga atá mar chuid de go luath.

Mheas an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go raibh na Caighdeáin, an sprioc earcaíochta agus na cumhachtaí breise atá tugtha don Choimisinéir Teanga i measc na bhforálacha is tábhachtaí san acht agus gur gá iad a chur i ngníomh gan mhoill.

“Ba maith liom dá mbeadh an tAcht níos láidre ach sin an tAcht atá againn. Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh sé ag feidhmiú, in ainneoin an méid bealaí éalaithe atá ann,” arsa Connolly.

D’aontaigh an Seanadóir ó Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee go raibh an sprioc earcaíochta, sin é gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030, ar cheann de na rudaí is tábhachtaí sa reachtaíocht.

“Leis an Acht Teanga, bheadh mé ag iarraidh go rachfaí i ngleic le ceist na hearcaíochta ón tús. Níl aon mhaith í a fhágáil go dtí an bhliain dheireanach agus daoine ag rith timpeall ag iarraidh daoine a mhealladh isteach sa státchóras. Caithfear dul ar aghaidh leis an obair sin anois agus na féidearthachtaí a chur in iúl do dhaoine sna meánscoileanna agus sna hinstitiúidí tríú leibhéal.”

Agus é ag cur síos ar na tosaíochtaí atá aige féin don bhliain seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc go bhfuil súil aige tús a chur le feidhmiú na reachtaíochta teanga nua sna míonna amach romhainn.

An chéad rud a dtabharfaidh sé faoi ná bunú an Choiste Chomhairligh atá le plean earcaíochta náisiúnta a réiteach ar mhaithe le príomhsprioc na reachtaíochta a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí líofa a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Reachtaíocht teanga, athoscailt na gcoláistí samhraidh agus feachtas náisiúnta Gaeilge ar chlár Chambers do 2022

 

Luaigh Clifford-Lee agus Ó Cuív go rabhadar ag iarraidh go ndíreofaí freisin ar dhualgais teanga an Gharda Síochána. Dúirt Ó Cuív go raibh sé ina thosaíocht aige go mbeadh Gardaí le Gaeilge ag freastal ar phobal na Gaeltachta agus mheas Clifford-Lee go raibh “fadhb ollmhór” ann maidir leis an nGaeilge agus na Gardaí agus gur “sárú ar chearta daonna” atá i gceist.

“Ní dóigh liom go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris dáiríre faoin bhfadhb. B’fhéidir nach dtuigeann sé céard atá i gceist againn agus caithfear díriú isteach ar an bhfadhb agus í a réiteach.”

Dúirt Clifford-Lee gur cheart an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais agus gur chóir “an líon beag Gardaí le Gaeilge atá ag teastáil” chun freastal ar na ceantair Ghaeltachta a chur ann gan an dara rogha a thabhairt dóibh.

“Bhí m’athair fhéin ina Gharda ar feadh na mblianta agus nuair a bhí sé faoi oiliúint sna 1970idí, bhí fadhb ollmhór le foréigean ar an teorainn. Nuair a chríochnaigh sé a thréimhse oiliúna, cuireadh chuig an teorainn é agus ní raibh aon rogha aige. Bhí brú ollmhór ar na Gardaí, ar an státchóras, ar pholaiteoirí, bhí fadhbanna ann agus cuireadh Gardaí chuig ceantair ar an teorainn, ní raibh aon dul as. Bhí siad in ann an fhadhb sin a réiteach ag an am agus caithfear an fhadhb leis na stáisiúin Ghaeltachta a réiteach freisin.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh freisin go bhfuil sé ag iarraidh go dtabharfadh an Rialtas toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais, mar atá geallta ag an Rialtas.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers anuraidh go raibh an Rialtas chun bille a chur chun cinn chun an toghchán sin a thabhairt ar ais ach dúirt Ó Snodaigh go bhfuil bille ar an ábhar sin molta os comhair na Dála aige féin agus a chomhghleacaithe,  Pearse Doherty, Donnchadh Ó Laoghaire agus Dessie Ellis ó Shinn Féin agus iad réidh “chun é sin a chur i gcrích mura bhfuil an Rialtas toilteanach”.

Maidir le ceisteanna eile Gaeltachta, dúirt an Éamon Ó Cuív go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfidh an Roinn Tithíochta rialacháin nó dlí nua i bhfeidhm maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltachta “a fheidhmeoidh mar ghléas éifeachtach sa nGaeltacht leis an teanga a láidriú”.

Ar na tosaíochtaí eile atá ag an Teachta do Ghaillimh Thiar teastaíonn uaidh go gcuirfí feabhas ar bhonneagar na Gaeltachta – cuarbhóthar na Gaillimhe, bóithre Chonamara agus forbairtí ar Ché Ros an Mhíl agus ar chéibheanna beaga eile.

Luaigh Ó Cuív cúrsaí oideachais freisin agus dúirt go raibh sé ag iarraidh “méadú mór” a fheiceáil ar líon na gcúrsaí tríú leibhéal atá á seachadadh trí Ghaeilge. Tá ráite ag Ó Cuív cheana go bhfuil seo ag teastáil má táthar chun an sprioc earcaíochta san Acht Teanga nua a bhaint amach.

Ar an ábhar céanna, dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur gá don Rialtas maoiniú a chur ar fáil chun daoine a mhealladh i dtreo gairm an aistriúcháin agus na dlítheangeolaíochta mar go raibh postanna san Aontas Eorpach agus in Éirinn is gá dóibh a líonadh.

An Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal nó i gcomhlachtaí poiblí an sprioc a luaigh formhór na bpolaiteoirí ach an teanga a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais freisin atá mar sprioc ag Teachta amháin.

Ceapadh Catherine Connolly ina cathaoirleach ar ghrúpa stiúrtha nua atá bunaithe faoi Straitéis Ghaeilge Thithe an Oireachtais agus dúirt sí go mbeidh an grúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó na páirtithe uile, ón rannóg chumarsáide i dTeach Laighean agus ó Chonradh na Gaeilge, ag teacht le chéile go luath chun tuarascáil a réiteach a chuirfear faoi bhráid Cheann Comhairle na Dála mí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Brú a chur ar Aire Stáit na Gaeltachta ‘gníomhú de réir a bhriathair’…agus mianta eile Ghaeilgeoirí Thithe an Oireachtais'