Bronnadh gradam Nobel na litríochta ar Bob Dylan, amhránaí na haoise seo. An bhfuil cúis ar bith ann nach mbronnfaí an gradam céanna ar John le Carré, úrscéalaí na spiadóirí comhaimseartha? Ní ardlitríocht atá ina chuid leabhar, a deir tú, ach ní filíocht mar a thuigfimis filíocht atá in amhráin Dylan ach an oiread?
Is é A Legacy of Spies (Penguin) an leabhar is déanaí ó pheann le Carré , scéal bríomhar eile a leanann dá thochailt i ndomhan rúnda sin na spiadóirí. Peter Guillame atá i lár an aicsin an iarraidh seo, seanspiadóir ar a phinsean sa Bhriotáin ach fear nach n-éalaíonn ar an am atá thart nó ní thart atá an t-am; maireann cuimhní daoine agus, níos measa arís, comhaid oifigiúla!
Tá iaróg i Londain na linne seo, i measc a iarmháistrí, raic a baineann le beart faisnéise dá chuid féin lá den tsaol, beart a thugann an léitheoir siar go The Spy Who Came in from the Cold, ceann de na leabhair spiadóireachta is cáiliúla a scríobh le Carré ariamh. Tugann scéal seo Guillame an léitheoir siar go hAlec Leamas – spiadóir Éireananch as Corcaigh a maraíodh agus é i mbun spiadóireachta san Oir-Ghearmáin. (Lemass, is dócha, an litriú a bheadh againn air sin.)
Ceann de na buanna is mó atá ag le Carré mar scríbhneoir go dtuigeann sé don tsíceolaíocht. Cruthaíonn sé daoine a chasfaí ort, daoine sona, daoine santacha, daoine gránna, daoine uaisle, daoine nach mbíonn gan locht. Ní féidir an focal ‘laoch’ a thabhairt ar Guillame ná ar a chomrádaithe mar tá an obair a bhfuil siad sáite inti róghránna le laochas a thuilleamh. Mar sin féin, ní diabhail dhéanta iad; is daoine iad atá i mbun cogaidh in éadan daoine eile a thabharfadh a mbás. Filleann an feall ar an fheallaire? Sea, ach cad is feall ann?
Tosaíonn an scéal mar is ceart thiar sna 1950í/1960í nuair a shocraíonn dochtúir san Oir-Ghearmáin gur mhaith leis eolas a thabhairt do lucht an Iarthair. Tá déistin air leis an chóras ‘chóir’ Chumannach agus baisteann lucht bailithe an eolais i Londain “Operation Windfall” ar an scéim. Diaidh ar ndiaidh, mealltar daoine eile le páirt a ghlacadh sa ghnó ach ní i bhfad uathu atá an teip agus an t-urchar in am ar bith. Tagann críoch mhíshona ar an ghnó ar fad agus sin deireadh an scéil ar feadh na mblianta go dtí go dtosaíonn dlíodóirí a chur spéise ann as an úr. Tá comhaid an Stasi, póilíní rúnda na hIar-Oir-Ghearmáine, anois ar oscailt agus barúil ag na dlíodóirí go raibh rialtas na Breataine freagrach as dúnmharú.
An teip agus an tubaiste sin is cúis le Guillame bheith ar ais i Londain. Tá na húdaráis ar lorg ceap milleáin agus tá eagla ar Guillame gurb é a bheas ann. (An spiadóir atá thuas, óltar deoch air. An spiadóir atá thíos, caitear dlíodóir leis.) Níl Guillame toilteanach a chloigeann a ligean leo agus tosaíonn an dara cluiche, ficheall na feille, Guillame ag comhobair leis na húdaráis agus ag obair ina n-éadan ag an am chéanna.
Faoi cheilt faoi scáileanna atá fírinne an scéil – sa mhéid is go mbíonn an fhírinne le fáil in am ar bith in úrscéal le Carré. Leanann an damhsa ar aghaidh go deireadh, gach aon duine ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile agus imeachtaí na haoise seo caite á scrúdú as an úr. Cé aige an ceart, an t-éigeart?
Tá le Carré eolach ar stair, is léir, agus tá míreanna breise le fáil anseo fosta, míreanna a léiríonn a chuid eolais ar an Eoraip ar fad. Is de bhunadh na Briotáine é Guillame ach tuigeann le Carré nach ionann an Bhriotáin agus an Fhrainc, go bhfuil stair chasta idir an dá thír. Is strainséir é Guillame ina thír féin – oiread chéanna le Leamas, an tÉireannach. Tá scáil eile anseo, scáil an dara cogadh domhanda agus an cinneadh a rinne roinnt Briotánach comhoibriú leis na Naitsithe agus tá caint aige ar chreideamh fosta: ‘In Les Deux Eglises, as in all of Brittany, we are Catholic or we are nothing. I am nothing’.
Níl aon spéis agat san ábhar, ní bhaineann sé leat, a Ghaeil uasail? Tá a fhios agat go bhfuil ceannáras ag MI5 in Ard Mhic Nasca, Co an Dúin? Leoga, ní fada ó bhí siad ar lorg oifigeach airgeadais – £46,860 sa bhliain – le bheith ag obair leo sa Tuaisceart. Ná bíodh eagla ort – níl mé ag sceitheadh rún ar bith. Is ar nuachtán áitiúil i mBéal Feirste a bhí an fógra. Tá clann Guillame inár measc i gcónaí!
Fág freagra ar 'Bronnadh gradam Nobel ar Bob Dylan, cad faoi John le Carré?'