‘Gabh anuas den ráille,’ a dúirt mé de shiosarnach leis an mBabaí. Rinne sé miongháire beag liom, loinnir na diabhlaíochta ina shúile. Bhí mé suite do mo phréachadh féin i linn snámha na naíonán is mé ag iarraidh mo chúram a choinneáil ina bheatha.
“Titfidh tú!’ a dúirt mé leis, nuair nach bhfuair mé aon aird. Bhí sé i ngreim sna ráillí thart ar an linn snámha agus é ag iarraidh é fhéin a chaitheamh suas thairis. Trí troithe ar airde a bhí an sconsa. Mórán an airde céanna leis fhéin.
‘Ní thitfidh mé!’ a dúirt sé.
Bhí sé chomh siúráilte de fhéin agus gur bheag nár chuir sé ina luí orm gur cheart dom scaoileadh leis.
‘B’fhéidir gur cheart dom cead a chinn a thabhairt dhó,” a chuimhnigh mé, fealsúnaí linn na lapadán. Sórt mearbhall a bhí orm ag an bhfuacht, sílim, nó ag an ngal clóirín a bhí ag éirí ina cheo aníos as an linn snámha is ag dó isteach i mo chuid polláirí.
“Ach breathnaigh. An bhfeiceann tú an cailín sin thall?” a dúirt mé is mé ag pointeáil anonn ag an ngarda tarrthála a bhí suite ar an mbruach.
Bhreathnaigh sé anonn uirthi go fiosrach. ‘Feicim,’ a dúirt sé de chogar agus a dhá shúil leata. An bhféadfadh go raibh mo phlean ag oibriú?
“Ise an boss ar an áit seo. Beidh sí oibrithe leat,” a dúirt mé agus mé an-dáiríre. Rinne sé staidéar uirthi ar feadh meandair.
“Ní beidh!” a dúirt sé agus a chuid muiníne ina sheilbh arís.
Thug sé a aghaidh ar ais ar an ráille agus shín sé a chos amach agus suas san aer mar a dhéanfadh prima ballerina. Ní raibh sé ag déanamh aon mhaith.
Is éard a theastaigh uaidh dáiríre ná stól beag.
Bhí fear suite lena thaobh agus a dhroim leis agus é ag coinneáil súil ar a bheirt iníonacha. Chonaic mé an babaí ag breathnú anonn ar dhroim an fhir. Bhí a chinneadh déanta aige.
Scaoil sé leis an ráille agus chaith sé é fhéin trasna ar dhroim an fhir. Bhí sé i ngreim ó ghualainn go básta sa bhfear bocht a raibh sé de mhí-ádh air a bheith suite ‘san áit mhícheart ag an am mícheart’.
Bail ó Dhia ar an bhfear, níor baineadh geit ar bith as. Níor thug sé aon chomhartha uaidh a thabharfadh le fios dhuit gur bhraith sé go raibh buachaill beag, nár casadh riamh ina shaol air roimhe sin, greamaithe anois dá dhroim.
Chaithfeá meas a bheith agat ar dhuine as an méid sin. Tá máistrí Búdacha thall sa Tibéid nach bhfuil an leibhéal sin smachta acu orthu féin.
Dá ligfeadh an náire dhom, ghabhfainn buíochas leis as a bheith chomh ‘tuisceanach’ faoi. Ach, tá a fhios ag chuile dhuine nach bhfuil tú ceaptha labhairt le haon duine sa linn snámha. Ná, Dia idir sin agus an anachain, breathnú isteach sa tsúil orthu.
‘Maith a’ leaidín, gabh anuas!’ a dúirt mé leis an mBabaí agus scéin ionam. Ní raibh sé ach ag gáire fúm. Suas leis níb airde nó go raibh sé ar ghuaillí an fhir is a dhá lámh thart ar chúl a mhuiníl agus é i ngreim barróige ann. Cén scal a bhí tagtha air?
Is ansin a thug sé faoi deara go raibh a Dhaidí thall ar an taobh eile den linn snámha.
‘Fan soicind?!’
Bhreathnaigh sé orm agus chonaic mé an scáth ina éadan. Bhí sé ar nós an phíosa sin sna scannáin uafáis nuair a chloiseann siad torann aisteach éicint ag teacht aníos ón siléar.
Stop an gáire go tobann.
Níor dhúirt sé tada, ach bhí barúil agam gurbh éard a bhí ina intinn aige ná, ‘Má tá Daidí thall ansin, cé leis an droim a bhfuil mise ag marcaíocht uirthi?’
Fág freagra ar 'Má tá Daidí thall ansin, cé leis an droim a bhfuil mise ag marcaíocht uirthi?'