Bríd an tseanchais agus na staire á comóradh ag Scoil Gheimhridh Merriman

Tráthúil go maith is í Bríd agus a háit sa seanchas agus sa traidisiún a bheidh á ceiliúradh ag Scoil Gheimhridh Merriman atá ar siúl i Nás na Rí an deireadh seachtaine seo

Bríd an tseanchais agus na staire á comóradh ag Scoil Gheimhridh Merriman

Sáraithe ag an doineann agus ag fógraí stoirme, nach breá an t-ardú croí é an t-earrach a bheith ag déanamh orainn, agus deis againn misneach a shú as Imbolc, Lá Fhéile Bríde agus ‘an lá ag dul chun síneadh’.

Tráthúil go maith is í Bríd agus a háit sa seanchas agus sa traidisiún a bheidh á ceiliúradh ag Scoil Gheimhridh Merriman 2024, scoil a thosóidh an Aoine bheag seo. Is deas gur i gContae Chill Dara a bheidh an comóradh seo ar siúl, an áit ar bhunaigh sí a mainistir agus é againn cúpla lá roimh an bhféile féin.

Tá Cumann Merriman ar an bhfód ó 1967 agus éacht déanta ag na coistí cumasacha ó shin ag cothú agus ag ceiliúradh saíocht agus traidisiúin na Gaeilge agus na tíre. Ní haon eisceacht é biaiste an earraigh seo.

Le faobhar a chur ar an ngoile tráthnóna Dé hAoine, tabharfaidh an Dr Edel Bhreathnach agus an Dr Billy Mag Fhloinn leo muid sa tóir ar an mbean ilghnéitheach fhéin faoin teideal spéisiúil ‘Ar thóir Bhríde: Bríd an Mhiotais, Bríd na Staire agus Bríd an Traidisiúin’.

Mura n-éalaíonn an deireanas ort ag Club Merriman, beidh siompóisiam ar siúl maidin Dé Sathairn ar ábhar a sheachnaítear go minic mar go mb’fhéidir nach róshásta a bheadh sí linn, ‘Dá mbeadh Bríd linn inniu?’ Is maith go bhfuil beachaire agus údar Ráth Chairn, Simon Ó Cróinín, ar an bpainéal ó tharla cáil na mbeach a bheith ar Bhríd agus an teitheadh céanna curtha ar an beacha dúchais agus a cuireadh ar shoiscéal Bhríd. Ag caint chomh maith beidh Daithí de Faoite, Cill Dara le Gaeilge agus an Dr Róisín Á. Costello, as Coláiste na Tríonóide.

Tar éis lóin aon duine a chuireann an turas eagraithe go Cill Dara in áirithe roimh ré ar chostas €15, tabharfar iad ar thuras ar Chill Dara go bhfeicfear Solas Bhríde agus Ardeaglais Bhríde.

Tráthnóna, mar is dual don chumann seo, seolfar dhá leabhar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock agus Gasúr de chuid Bhaile na nGrág le Tadhg Ó Rabhartaigh.

An oíche sin taispeánfar scannán faoi Bhríd – Lorg Bhríde An Bhladhm Bheo: Mná Chill Dara le Bríd – agus é á chur i láthair ag Cill Dara le Gaeilge. Ní bheidh aon easpa ceoil, próis ná filíochta ann ó aíonna éagsúla.

Maidin Dé Domhnaigh beidh léiriú físiúil ann faoi Naomh Bríd i dtraidisiún na muintire ón Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Más ón tsúil a fhaigheann tú do lón anama tabhair aghaidh ar Halla an Bhaile i Nás na Rí agus téigh go dtí an leabharlann ansin mar a mbeidh taispeántas ealaíne leis an healaíontóirí Mary Fahy agus Frances Bermingham, atá bunaithe ar Thobar Bhríde i Lios Ceannúir i gContae an Chláir.

Ar ndóigh ní fhéadfaí Brian Merriman a cheiliúradh i gceart gan Club Merriman agus an pléaráca agus an chabaireacht a bheith ina lár. Castar na daoine ar a chéile ag an scoil bhliantúil seo agus is iomaí sin scéal is eachtra spéisiúil a bheidh á ríomh i Nás na Rí an deireadh seachtaine beag seo, ón 26-28 Eanáir.

Gach eolas agus clár na féile anseo.

Fág freagra ar 'Bríd an tseanchais agus na staire á comóradh ag Scoil Gheimhridh Merriman'

  • Ciarán Ó Maitiú

    Ag súil go mór leis an ócáid mheidhreach seo. Ciarán Ó Maitiú.

  • Sibéal

    A Merrimen & Merriwomen.
    Éistigí.
    Ar chuala sibh go dteastaíonn tarbh le craiceann ollmhór arís i gCill Dara (mar a bhí ag Naomh Bríghid) chun stráice talún don chéad comharchumann tithíochta lánGhaeilge a bhunú sa Deisceart?