Breathnach an t-aon sloinne Gaeilge ar liosta na sloinnte is coitianta ar leanaí in 2025

Chuir an CSO sonraí ar fáil faoi na sloinnte a tháinig chun cinn níos mó ná deich n-uaire ar theastais bhreithe in 2025

Breathnach an t-aon sloinne Gaeilge ar liosta na sloinnte is coitianta ar leanaí in 2025

Ba é ‘Breathnach’ an t-aon sloinne Gaeilge a bhí ar liosta na sloinnte is mó a bhí ar leanaí a rugadh sa bhliain 2025, de réir staitisticí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

Chuir an CSO sonraí ar fáil faoi na sloinnte a tháinig chun cinn níos mó ná deich n-uaire ar theastais bhreithe in 2025. Ba é ‘Breathnach’ an t-aon sloinne Gaeilge a bhí ar an liosta 908 sloinne a d’fhoilsigh an oifig.

Ní raibh oiread is sloinne amháin ann dar thús ‘Ó’, ‘Mac/g’, ‘Ní’, ná ‘Nic/g’ agus ní raibh aon rian de shloinnte Gaeilge eile, amhail ‘Breathnach’, nach bhfuil na míreanna sin mar chuid díobh.

Bhí ‘Breathnach’ sa 624ú háit ar an liosta in 2023 agus sa 651ú háit ar an liosta in 2024. Cé go bhfuil an sloinne le fáil ar liosta na bliana seo caite, ní luaitear áit shonrach leis. Tá an liosta bunaithe ar na sloinnte a tháinig chun cinn ar na teastais bhreithe deich n-uaire ar a laghad anuraidh. Ní luaitear áit ar an liosta do na sloinnte sin nach raibh ar na teastais ach deich n-uaire.

Leaganacha Béarlaithe de shloinnte Gaelacha a bhí i bhformhór mór na sloinnte ar an liosta. Is é ‘Murphy’ (Ó Murchú) a bhí ar bharr an liosta arís eile in 2025, agus ‘Kelly’ (Ó Ceallaigh) sa dara háit. Sa cheathrú háit bhí an leagan Béarla den sloinne ‘Breathnach’ ann – Walsh.

‘O’Brien’ (Ó Briain), sa tríú háit, an sloinne is airde ar an liosta inar caomhnaíodh an mhír Ghaelach ‘Ó’. Tá an chéad ‘Mac’ ar an liosta sa deichiú háit, agus an sloinne mór Muimhneach ‘McCarthy’ (Mac Cárthaigh) ann.

Sa 13ú háit tá an chéad sloinne a tháinig ó theanga eile, Burke (de Búrca i nGaeilge), a tháinig anall ón bhFrainc leis na Normannaigh – de Burgo an bunleagan a bhí ar an sloinne sin.

An sloinne Turcach ‘Khan’ (taoiseach) an chéad sloinne ar an liosta nár thosaigh amach san Eoraip agus é sa 38ú háit. Tá an chéad cheann eile i bhfad níos faide síos an liosta ag uimhir 107 – is é sin an sloinne Indiach ‘Singh’ (leon).

I measc sloinnte ag bun an liosta, agus gan ann ach deichniúr páistí ar tugadh na sloinnte sin orthu, bhí leithéidí Aherne, Begley, Chambers, da Silva, Earley, Frawley, Gibney, Hartnett, Imran, Jose, Keaveney, Lambert, Magee, Norris, Osbourne, Plunkett, Reddy, Scanlan, Taaffe, Uddin, Watters, agus Zhang.

Fág freagra ar 'Breathnach an t-aon sloinne Gaeilge ar liosta na sloinnte is coitianta ar leanaí in 2025'

  • Bríd

    Agus cén áit is féidir linn teacht ar an liosta sin?