Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir agus smaointeoir ildánach ilteangach, ar shlí na fírinne

Tá Breandán Ó Doibhlin áirithe i measc na scríbhneoirí agus na gcriticeoirí Gaeilge ba chumasaí agus ba nuálaí lena linn

Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir agus smaointeoir ildánach ilteangach, ar shlí na fírinne

Tá an scoláire, scríbhneoir agus smaointeoir ildánach ilteangach Breandán Ó Doibhlin ar shlí na fírinne.

Bhí sé 92 bliain d’aois.

Ba as Tír Eoghain do Bhreandán Ó Doibhlin atá áirithe i measc na scríbhneoirí agus na gcriticeoirí ba chumasaí agus ba nuálaí lena linn.

Fairsinge a chuid smaointeoireachta agus a chuid eolais a d’fhág gur duine de mhórscoláirí na tíre é, ach ba go humhal a roinn sé an tsaíocht sin.

Ar na réimsí a shaothraigh sé, bhí an litríocht, cúrsaí teangacha agus foclóireachta, cúrsaí diagachta agus staire, réimsí ar fhág sé a rian orthu lena chuid foilseachán agus a chuid teagaisc.

Chum sé úrscéalta agus drámaí agus aistritheoir den scoth ab ea é a chuir Gaeilge ar chuid de mhórscríbhneoirí na Fraincise. Tá a chnuasaigh aistí áirithe ar chuid de na cinn is tábhachtaí agus is mó léargas sa teanga.

Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Cholm Cille i nDoire, agus chuaigh sé ar an ollscoil i Maigh Nuad, sa Róimh agus sa Sorbonne i bPáras.

Ceapadh ina Ollamh le Nua-Theangacha in Ollscoil Mhá Nuad é i 1958, post a bhí aige go dtí 1996. Bhí sé ina Leas-Uachtarán san ollscoil chéanna ó 1979 go 1982. Ceapadh ina Recteur ar Choláiste na nÉireannach i bPáras é i 1984, agus bhí sé ina Rúnaí-Ginearálta ar an Fondation Irlandaise ó 1991 go 2001.

Bhí suim ar leith aige sa 17ú haois, tréimhse inar bearnaíodh saíocht na hÉireann agus inar briseadh ar institiúidí an tsaoil Ghaelaigh.

Deir a iar-chomhghleacaí in Ollscoil Mhá Nuad, Éamon Ó Ciosáin gurbh é atógáil na saíochta sin agus líonadh na bearna sin ceann de mhóraidhmeanna an Doibhlinigh.

Cion deichniúir a rinne sé sa mhéid sin, a deir Ó Ciosáin.

Rinne sé machnamh fealsúnta ar chás an duine agus an chultúir Ghaelaigh ina chuid úrscéalta, aistí agus léirmheasanna. Mura dtáinig an fhealsúnacht chun cinn sa Ghaeilge san 18ú ná san 19ú aois ar chúiseanna stairiúla, rinne an Doibhlineach a chion chun í a thabhairt isteach sa Ghaeilge sa 20ú agus sa 21ú haois.

Chuir sé uirlisí foclóireachta nua-aimseartha ar fáil le foclóirí diagachta agus foclóirí comhfhocail (Gaoth an Fhocail, 1998) agus le gluaiseanna de théarmaí litríochta.

Chuir sé Gaeilge ar mhórshaothair ó litríocht na Fraincise agus chuir sé Fraincis ar dhíolaim litríochta Gaeilge ón 16ú aois (sa tsraith Patrimoine Littéraire Européen). Comhrá a chothú idir na litríochtaí Eorpacha, ceann de na móraidhmeanna eile a bhí aige.

Chuir sé Gaeilge ar Rabelais, Montaigne, Pascal, La Fontaine, agus Saint-Exupéry agus d’aistrigh sé cuid d’fhilíocht liriciúil na Fraincise do dhíolaim eile.

Chuidigh sé le Gaeilge a chur ar chaiticeasma na heaglaise agus cuid den Bhíobla. D’aistrigh sé Leabhar Íseáia Fáidh ón Eabhrais go Gaeilge do Bhíobla Mhá Nuad.

Ar na mórshaothair leis, tá a Manuail de Litríocht na Gaeilge ina bhfuil sé imleabhar.

Bhronn Poblacht na Fraince gradam Chevalier de l’Ordre National du Mérite air i 1979, agus gradam Officier de la Légion d’Honneur in 2001 as a shaothar ar son caidreamh cultúrtha a chothú idir an Fhrainc agus Éire. Rinneadh Pearsa den Teaghlach Pápúil de i 1997.

In 2013, ba é an príomhcheiliúraí é ag Aifreann sochraide an fhile Seamus Heaney.

Foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí dá chuid, Sliocht ar Thír na Scáth in 2018, scéal atá lonnaithe ina cheantar dúchais féin le linn Chogadh Uí Néill agus Uí Dhomhnaill in aghaidh na nGall.

Tugadh léargas ar ilghnéitheacht a shaothair sa chnuasach As Tobar an Doibhlinigh (Coiscéim, 2015).

Dúirt Éamon Ó Ciosáin gur bheag comhrá a bheadh agat le Breandán Ó Doibhlin gan rud éigin a fhoghlaim.

Duine é nár lig do chúrsaí riaracháin dul in uachtar mar atá tarlaithe sna coláistí anois. Ach bhí sé in ann páipéarachas agus taidhleoireacht íogair a láimhseáil agus d’éirigh leis féin agus dornán dá chairde Coláiste na nGael i bPáras a thabhairt ar ais i seilbh mhuintir na hÉireann.

Dúirt Éamon Ó Ciosáin gur éirigh le Breandán Ó Doibhlin cor a chur i gcinniúint shaíocht na tíre.

Beidh Breandán Ó Doibhlin á fhaire i Séipéal an Choláiste in Ollscoil Mhá Nuad amárach, Déardaoin ón 5pm go dtí 7.30pm.  Beidh Aifreann a shochraide ar siúl ansin ag 10am Dé hAoine sula n-aistreofar a chorp go dtí Séipéal Mhuire ina bhaile dúchais, An Goirtín i gcontae Thír Eoghain.

 

  • Alt le Tuairisc agus Éamon Ó Ciosáin

Fág freagra ar 'Breandán Ó Doibhlin, scríbhneoir agus smaointeoir ildánach ilteangach, ar shlí na fírinne'

  • Alan Titley

    Ní féidir dóthain a rá faoi ghaisce ildánach an duine iontaigh shainiúil ardmheabhraigh ealaíonta seo. Baintear an iomad leasa gan chéill as an bhfocal ‘dochreidte’, ach baineann go daingean leis an bhfear míorúilteach seo.

  • Séamus

    Ar dheis Dé go raibh a anam. Tá go leor le foghlaim óna shraith leabhair – Manuail de Litríocht na Gaeilge. Molaim go mór iad d’éinne ar spéis leo an Ghaeilge. Táim díreach théis ‘Gargantua’ le Rabelais agus arna aistriú aige a cheannach agus ag súil go mór lena léamh.

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Ár n-éigse ar neamhní anois,
    Ó tháinig tásg Uí Dhoibhlin,
    Scing na haiféala di is dleacht,
    Ba bhean chéile í dár n-ollamh.
    Pádraig Mac Fhearghusa

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Is iomaí bua atá fágtha ag Breandan mar oidhreacht luachmhar dúinn ar fad.
    Thug sé spreagadh nach beag dom mar scoláire blianta ó shin
    Comhbhrón

  • Micheál ó Máirtín

    Léirigh sé an bealach dóibh siúd a bhí ag iarraidh saothrú i ngort na litríochta. Suaimhneas síoraí aige.