Tá Breandán Delap le ceapadh ag RTÉ mar Eagarthóir Léiriúcháin Nuacht agus Cúrsaí Reatha agus is é an príomhchúram a bheidh air ná féachaint i ndiaidh an leagain nua de 7 Lá atá le tosú an bhliain seo chugainn.
Fógraíodh i rith an tsamhraidh go gcuirfidh RTÉ an clár seachtainiúil cúrsaí reatha ar fáil do TG4 feasta.
Roimhe sin ba léiriú inmheánach de chuid TG4 a bhíodh ann. Dúradh go mbeadh Eagarthóir Léiriúcháin le fostú chun féachaint i ndiaidh an chláir agus fógraíodh an post cúpla seachtain ó shin.
Tá nach mór cúig bliana déag caite ag Breandán Delalp mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4. Roimhe sin bhí sé ina eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003, an chéad eagarthóir a bhí ar an nuachtán sin. Tá blianta fada caite aige freisin mar eagarthóir páirtaimseartha le Seacht Lá.
Bhuaigh sé Gradam ESB ‘Iriseoir na Bliana’ in 2003 de bharr obair iriseoireachta a rinne sé mar gheall ar chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí. Bhuaigh sé gradam IFTA don chlár Mad Dog Coll sa bhliain 2000 agus ghnóthaigh sé príomhdhuais an Oireachtais don iriseoireacht chlóite i 1998 agus in 2010.
Tá leabhar scríofa aige faoi na meáin Ghaeilge – Ar an Taifead – agus ba é a chuir an saothar Scéal Scéil in eagar sa bhliain 2014. Bíonn altanna dá chuid i gcló go rialta ar Tuairisc.ie chomh maith leis an Irish Times agus Comhar.
Dúirt Delap inniu go raibh áthas air a bheith ceaptha sa phost nua seo: “Níl aon amhras ach gur dúshlán mór a bheas i gceist ach tar éis dom cúig bliana déag a chaitheamh ar an deasc nuachta, tá lúcháir orm go mbeidh deis agam tabhairt faoi thogra úr.”
Tuigtear do Tuairisc.ie go rachaidh sé i mbun a chuid cúraimí nua go luath san athbhliain.