Deir Éamonn Ó Dónaill, stiúrthóir Gaelchultúr, go bhfuil ‘brain drain’, nó imirce daoine oilte, ann i saol na Gaeilge a fhágann go mbíonn deacrachtaí móra ag eagraíochtaí daoine a bhfuil “ardscileanna teanga acu” a fháil le folúntais a líonadh.
Tá borradh faoi líon na bhfolúntas i saol na Gaeilge le tamall agus dar le Ó Dónaill go mbaineann dúshláin éagsúla le daoine oilte a fháil, ina measc ‘brain drain’ chun na Bruiséile agus an Aontais Eorpaigh.
“Tá daoine a bhfuil ardscileanna teanga acu, go háirithe ó thaobh na Gaeilge scríofa de, ag teacht i dtír anois ar na deiseanna fostaíochta den chéad scoth atá ag teacht chun cinn in institiúidí de chuid an AE – rud a fhágann nach bhfuil siad ar fáil leis na folúntais a líonadh atá ar fáil i saol na Gaeilge anseo in Éirinn.
“Tá sé seo ag cothú deacrachtaí d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí Gaeilge ach, mar sin féin, níor cheart dúinn a bheith ag gearán – nach iontach an rud é go bhfuil poist mhaithe a bhfuil stádas ard ag baint leo ar fáil dóibhsean a bhfuil Gaeilge fhíormhaith acu,” a dúirt Éamonn Ó Dónaill le Tuairisc.ie.
Mar sin féin, dúirt Ó Dónaill go bhfuil gá le straitéis nua chun go mbeadh soláthar ceart daoine le hardscileanna teanga ar fáil d’fhostóirí abhus.
Dúirt sé go ndéanann Gaelchultúr iarracht “tuarastal maith” a íoc ach gur “dream beag” iad nach féidir leo dul in iomaíocht leis an státseirbhís ná le hinstitiúidí an AE.
Dar le stiúrthóir Ghaelchultúr gur fadhb eile í go mbítear ag súil go mbeadh daoine óga in earnáil na Gaeilge sásta obair ar phá íseal ar son na cúise.
“Uaireanta, nuair a bhíonn rogha le déanamh ag duine óg idir post linne agus post in eagraíocht mhór de chuid an AE, roghnaíonn siad an post thar lear mar gheall ar an tuarastal a bhíonn ar fáil. Agus cé a thógfadh orthu é?
“Tá go leor ‘Gaeilgeoirí gairmiúla’ ann atá ina suí go te ach tá go leor leor daoine óga ann a bhfuil tuarastal an-íseal go deo acu agus a ndéantar iarracht cur ina luí orthu go bhfuil an dúshaothrú atá á dhéanamh orthu go breá de bhrí go bhfuil siad ag obair ar son na cúise.”
Dúirt Ó Dónaill nach mbíodh sé deacair “ar chor ar bith” fostaithe a aimsiú le linn na géarchéime eacnamaíche, ach go raibh athrú mór tagtha ar an scéal ó shin.
“Gach uair a d’fhógair Gaelchultúr post, cuir i gcás, fuair muid breis is scór iarratas. Ceithre nó cúig cinn a fhaighimid anois de ghnáth agus sin laghdú an-suntasach. Le bliain anuas, tá cúpla duine i ndiaidh diúltú do phost a thairg muid dóibh – dúirt beirt go raibh siad tar éis cinneadh a dhéanamh dul chun na Bruiséile agus luaigh duine eile an costas maireachtála an-ard i mBaile Átha Cliath.
“Tá deiseanna ag teacht chun cinn sa státseirbhís anois fosta dóibhsean a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus is cinnte go mbeidh tionchar aige sin ar líon na n-iarrthóirí a bheidh ar fáil do phoist Ghaeilge i nGaelchultúr agus in áiteanna eile. D’éirigh le duine cumasach a bhí ag obair linn féin go páirtaimseartha post dá leithéid a fháil le gairid. B’in cailliúint mhór dúinne ach tá sé ar fheabhas go raibh deis ag an bhean óg seo post maith a bhaint amach di féin.”
Dar le Ó Dónaill go mbíonn deacracht ar leith ag eagraíochtaí a bhíonn ag lorg daoine a bhfuil “Gaeilge chruinn, dhúchasach acu” agus a mbíonn “an dearcadh cuí acu”.
Éiríonn le Gaelchultúr a leithéid a earcú, a dúirt sé, ach bíonn orthu poist a fhógairt faoi dhó nó faoi thrí uaireanta agus leas a bhaint as bealaí éagsúla chun teacht ar dhaoine oilte.
“Le gairid, cuir i gcás, scríobh mise suas le 150 teachtaireacht ríomhphoist aonair chuig daoine i saol na Gaeilge, léachtóirí tríú leibhéal ina measc, agus d’iarr mé orthu an scéal a scaipeadh faoin dá phost atá ar fáil faoi láthair.”
Dar le Ó Dónaill go gcaithfear iarracht a dhéanamh cur ar a súile do dhaoine óga go bhfuil “deiseanna iontacha” ar fáil dóibhsean a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus “eolas a thabhairt dóibh maidir leis na cúrsaí tríú leibhéal a chuideoidh leo an caighdeán sin a bhaint amach”.
Is é an locht atá ar na cúrsaí sin ná a laghad, dar leis.
“Tá cúrsaí áirithe tríú leibhéal ann cheana féin a bhfuil taithí oibre mar chuid éigeantach díobh, tá ceann ag UCD, mar shampla, ach tá i bhfad níos mó cúrsaí dá leithéid ag teastáil.
“Tá cúrsaí ina bhfuil an bhéim ar an litríocht tábhachtach agus luachmhar ach ní mór freastal chomh maith orthusan atá ag iarraidh díriú ar an teanga amháin agus na scileanna a fhoghlaim a bheidh luachmhar dóibh sa mhargadh saothair.”
Níl “amhras ar bith” ar Ó Dónaill ach gur gá straitéis nua a fhorbairt.
“Is cinnte nach bhfuil go leor daoine ar fáil faoi láthair a bhfuil na scileanna cuí acu le tabhairt faoin obair atá ar fáil in institiúidí an AE agus in Éirinn féin agus ní mór dul i ngleic leis an fhadhb sin. Is dóigh liom go bhfuil an fhadhb inréitithe ach an cur chuige ceart a úsáid.
“Castar daoine óga tiomanta, cumasacha orm an t-am ar fad atá inchurtha le duine ar bith ar chas mé leis agus mé ag obair sa tríú leibhéal le beagnach daichead bliain anuas. Déanann go leor den dream sin cúrsaí Gaeilge sa tríú leibhéal ach ba cheart go mbeadh deiseanna eile ar fáil dóibh le cur lena gcuid Gaeilge. D’fhéadfaí cúrsa a fhorbairt, cuir i gcás, le daoine a ullmhú do scrúduithe an tSéala Creidiúnaithe – sin bearna amháin atá le líonadh.”
Dúirt Stiúrthóir Gaelchultúr go bhféadfadh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar shampla, tús a chur le próiseas a mbeadh straitéis nua mar thoradh air a rachadh i ngleic leis an easpa daoine le hardscileanna teanga atá ar fáil faoi láthair.
Tá dhá phost bhuana le líonadh ag Gaelchultúr faoi láthair, post mar Bhainisteoir Forbartha Curaclaim agus post mar Chúntóir Riaracháin.
Lillis Ó Laoire
Costas maireachtála san Ardchathair an-ard fosta idir cíos is deireadh. Luach níos fearr ar do thuarastal faoin tuath.
Seán Ó Floinn
Deir an t-uasal Ó Dónaill go bhfuil sé ar thóir duine éigin a bhfuil Gaeilge mhaith aige/ aici agus leis an ‘dearcadh ceart’. Cén dearcadh atá i gceist aige, ní fheadair éinne?
Seosamh Ó Beirgin
Pointe maith, a Sheáin Uí Fhloinn. B’fhéidir go mbeadh an tUasal Ó Dónaill toilteanach cur le seo, anseo.
Seosamh Ó Beirgin
Pointe maith, a SÓF.
Cordelia Nic Fhearraigh
B’fhéidir go mba cheart cúrsaí a chuir ar fáil sa Bhruiséil áit go dtig an Ghaeilg a fhoghlaim le cois dhá theanga Eorpach eile?
“…agus na scileanna a fhoghlaim a bheidh luachmhar dóibh sa mhargadh saothair.”
Cá bhfuil an mhargadh saothair i dtaca leis an Ghaeilg de???
Aine Ni Fhiannusa
Go dtí go mbeidh meas ag an Rialtas ar an dteanga agus go gcuirfear ar aon luach leis na teangacha eile, beidh leanúint ar an ‘brain drain’ seo. Ní scéal nua é seo . Tá stádas ag an nGaeilge san Eorap – ach níl sa bhaile!
Pádraig
áibhéil agus seafóid is ea é ‘brain drain’ a thabhairt air sin agus tarcaisne