Botúin mhóra John Bruton agus an Breatimeacht

Ní raibh baint ar bith ag an Aontas Eorpach leis an gcomhoibriú polaitiúil idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann ó 1998 i leith

Botúin mhóra John Bruton agus an Breatimeacht

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Thug John Bruton óráid thábhachtach le déanaí sa Bhruiséil mar gheall ar an mBreatimeacht.

Brexit and the Belfast Agreement: Divergence vs Convergence’ an teideal a bhí ar an léacht aige. Cé go bhfuil lochtanna ar a chuid argóintí, is fiú éisteacht leis i gcónaí. Taoiseach neamhghnách ab ea é idir 1994 agus 1997 nuair a cuireadh Bertie Ahern as oifig tar éis an olltoghcháin shamhradh 1997. Dhiúltaigh Bruton bheith ina ghiall ag náisiúnaithe Thuaisceart Éireann.

Bhí cur chuige aige a bhí an-éagsúil le cur chuige Garret FitzGerald nuair a bhí seisean ina Thaoiseach ó 1982-87. Ba dheacair do Garret FitzGerald diúltú do chomhairle John Hume agus d’fhéadfaí a rá go raibh Hume i gceannas de facto ar pholasaí Rialtas na hÉireann ó thaobh Thuaisceart Éireann de le linn na n-ochtóidí ar fad.

Ghlac Fine Gael agus Fianna Fáil araon chucu féin téarma débhríoch Hume, “an agreed Ireland”, téarma a chur brú mór ar na haontachtaithe. Cheap Bruton go raibh dualgais neamhspleácha ar Thaoiseach na hÉireann toisc gur príomh-aire i bpoblacht neamhspleách é. Níor thaitin ‘Hume-Adams’ in aon chor le Bruton, is é sin an comhrá fada rúnda sin a bhí ar bun idir Hume agus Gerry Adams tar éis an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985. Bhí ardmheas aige ar John Redmond agus an traidisiún náisiúnach bunreachtúil sin a bhí i réim in Éirinn ó ré Parnell sna 1870idí go dtí 1916.

Agus más ea, mhaígh Bruton agus é ina Thaoiseach nach raibh aon suim aige aitheantas speisialta a thabhairt do ghrúpaí seicteacha ó thuaidh. Dhéanfadh sé a chuid machnaimh féin ar a chuid fadhbanna gan cur isteach ón taobh amuigh. Is annamh a rinne Taoiseach ráiteas dá leithéid ó 1969 i leith. Ach ní foláir a rá nach bhfuil an cur chuige neamhspleách, stuama céanna sin le feiscint ina chuid óráidí mar gheall ar an mBreatimeacht. Níl aon difríocht sa chás sin idir smaointe Bruton agus bolscaireacht Shinn Féin.

Rinne Bruton dhá bhotún mhóra ina óráid le déanaí.

Dúirt sé nach gcuirfeadh an cúlstad isteach ar stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann mar réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe. Níl sé ceart faoin méid sin. In alt 13 de Shraith A Dó de Chomhaontú Aoine an Chéasta, ghlac Rialtas na hÉireann le foráil a cheangail comhoibriú thuaidh/theas le cumhachtaí an tionóil nua ag Stormont. Ar mhaithe le taibhsí gruama phraiseach Sunningdale i 1974 a dhíbirt go deo, cuireadh an comhoibriú seo fé smacht an tionóil áitiiúl: “Glactar leis go bhfuil an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Tionól Thuaisceart Éireann idirspleách ar a chéile, agus nach dtig le ceann acu feidhmiú go rathúil gan an ceann eile”.

Ach rinne an Roinn Gnóthaí Eachtracha iarracht an cóimheá bunreachtúil mín seo a athrú sa mhargadh a tugadh do Theresa May. Ar leathanach 319 den chomhaontú sin, cruthaíodh ‘Comhchoiste’ le hionadaithe ón Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, rud éigin úrnua ó thaobh an chomhoibrithe thuaidh/theas de:  

“Beidh dualgas leanúnach ar an gComhchoiste scrúdú a dhéanamh ar chur i gcrích an Phrótacail seo agus beidh dualgas orthu freisin féachaint go bhfuil na coinníollacha atá riachtanach do chomhoibriú Thuaidh/Theas á gcoimeád. Is féidir leis an gComhchoiste moltaí cuí a chur os comhair an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ó thaobh na ceiste seo, agus beidh an Comhchoiste in ann moltaí a fháil ón gCoiste Speisialta agus iad a chur os comhair an Aontais agus na Ríochta Aontaithe freisin.”  

Ní dhéanann Comhaontú Aoine an Chéasta nó an leasú bunreachtúil a cuireadh isteach i mBunreacht na hÉireann tar éis an reifrinn i 1998 tagairt ar bith don choiste nua seo. Ní raibh baint ar bith ag an Aontas Eorpach leis an gcomhoibriú polaitiúil idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann ó 1998 i leith.

Sin athrú suntasach.

Dúirt Bruton freisin ina óráid go bhfuil rogha ag an Ríocht Aontaithe tacú le Comhaontú Aoine an Chéasta nó imeacht ón Aontas Eorpach.

Ní féidir an dá thrá a fhreastal, dar leis.

Sin an botún is measa ar fad ina chuid smaointe. Is léir ó bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i Londain in 2017 nach bhfuil nasc ar bith idir dlí an Aontais Eorpaigh agus Comhaontú Aoine an Chéasta. Mhaígh an chúirt sin nach raibh ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach riachtanach chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm: “in imposing the EU constraints and empowering the devolved institutions to observe and implement EU law, the devolution legislation [sé sin an reachtaíocht a chuir Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm go praiticiúil i dTuaisceart Éireann] did not go further and require the United Kingdom to remain a member of the European Union”. 

Fág freagra ar 'Botúin mhóra John Bruton agus an Breatimeacht'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ní raibh Bruton neamhspleách. Maidrín lathaigh de cuid na hImpireachta a bhí ina Thaoiseach trí thimpiste.

  • Seán Ó Riain

    Sasanachas trí Ghaeilge is ea an t- alt seo!

  • Mary Prior

    Cad é an teideal oifigiúil ar an gComhaontú seo? Nó an bhfuil 2 theideal air? Ní úsáidfinn “The Belfast Agreement” air.