Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl á phlé ar chlár plé na Nollag

Tá cruinniú speisialta de Chomhairleoirí Chonamara glaoite don lá inniu agus gan ach ábhar amháin ar an gclár oibre – bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl

Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl á phlé ar chlár plé na Nollag

Má tharlaíonn sé go gcuirfear tús le réiteach ar fhadhbanna pleanála bhóthar dheisceart Chonamara i ngearróga dubha na míosa seo, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí Bóthar na Nollag air amach anseo.  Tiocfaidh Comhairleoirí thoghcheantar Chonamara le chéile i nGaillimh seachtain roimh Lá Nollag agus iad ag iarraidh athmhúscailt a dhéanamh ar an iarracht le bóthar nua a fhorbairt siar le cósta.

Beagnach dhá bhliain ó shin – Feabhra 2019 – a caitheadh i dtraipisí an iarracht dheireanach le bhóthar nua a fhorbairt as Bearna go Scríb.   Ní fhéadfaí a theacht ar réiteach faoi chúrsa feiliúnach agus bhí daoine i gCois Fharraige a bhí ag iarraidh cead pleanála le haghaidh tithe cónaithe sáraithe.

Níorbh fhéidir leo cead forbartha a fháil mar go raibh réimsí móra talún curtha as an gcomhaireamh de bharr go raibh siad ag síneadh le ceann den cheithre chúrsa a bhí san áireamh don bhóthar nua.  Bhí 250 méadar ar chaon taobh den cheithre cinn a raibh staidéar á dhéanamh orthu ‘reoite’ ó fhorbairt de chineál ar bith.

Tráth a raibh sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe in 2018 agus 2019, bhí an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg as Indreabhán – tá sé éirithe as an bpolaitíocht ó shin – den bharúil gurbh fhearr éirí as an iarracht mar nach raibh aon chosúlacht réitigh ann faoi chúrsa don bhóthar nua théis breis agus leathscór blianta cainte agus caiteachas airgid.

B’fhearr cead pleanála a thabhairt do mhuintir phobal Chois Fharraige ná a bheith ag coinneáil le hiarracht a bhí marbh, dar le Seán Ó Tuairisg.

Bhí glacadh ag a sheisear comhghleacaithe taobh thiar den Choirib leis an moladh sin, a bheag nó a mhór (seachtar Comhairleoirí a bhí i dtoghcheantar Chonamara san am sin).

Chuir Stiúrthóir Sheirbhísí Bóthair na Comhairle Contae, Jim Cullen, comhairle ar na Comhairleoirí Contae in earrach na bliana 2019.  B’fhacthas dósan gur bheag seans a bheadh ann an uair sin go bhféadfaí an bóthar nua a fhorbairt ar chuid ar bith de na cúrsaí a bhí leagtha síos as Gaillimh amach go Cois Fharraige agus Ros an Mhíl.

Bhí na blianta caite ag an gcomhlacht RPS, comhairleoirí innealtóireachta a bhí fostaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ag plé leis an scéal. Chosain an obair thaighde agus phleanála ar fad thart ar €3 milliún.

Ach, beag beann air sin uilig, bhí bóthar nua Chonamara buailte ar an mullach.

Níos túisce i mbliana chuir innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe comhairle ar Chomhairleoirí thoghcheantar Chonamara agus mhol gurbh fhearr scéal an bhóthair a fhágáil marbh go fóilleach.  B’fhacthas d’innealtóirí na Comhairle nach gcuideodh dúiseacht cheist an bhóthair ó dheas aríst leis an iarracht le cead pleanála a fháil do chuarbhóthar chathair na Gaillimhe.

Tá an t-iarratas seo ar chuarbhóthar na cathrach á scagadh ag an mBord Pleanála faoi láthair.  Ceapadh go spreagfadh caint as an nua ar bhóthar dheisceart Conamara, agus an ceangal a dhéanfaí le ceann thiar chuarbhóthar na cathrach (dá bhfaighfí cead pleanála lena aghaidh), tuilleadh agóidí in aghaidh phlean an chuarbhóthair.  Sin é a dúradh ag cruinniú sa gComhairle Contae.

Ach, bhí cuid mhaith de Chomhairleoirí Chonamara den bharúil go gcaithfí rud éigin a dhéanamh faoin mbrú tráchta agus an tranglam síoraí a bhíonn ar bhóthar Chonamara Theas, an R336.  Anois, tá cruinniú speisialta de Chomhairleoirí Chonamara glaoite don lá inniu, Dé hAoine, agus gan ach ábhar amháin ar an gclár oibre: bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl.

Díol spéise a bhí ann ag cruinniú d’ionadaithe Chonamara níos túisce sa mbliain go raibh an Comhairleoir ón gComhaontas Glas, Alastair McKinstry, chomh  báúil le duine ar bith eile leis an mbóthar nua.  Ach mheabhraigh sé go gcaithfeadh an bóthar a bheith ardaithe aníos go maith ar fhaitíos fuarlaigh farraige amach anseo agus an domhan ag téamh.  Sin ceist a bheadh le réiteach lá níos faide anonn ach cén chaoi – tar éis a bhfuil de chaint déanta le hos cionn leathscór bliain – go dtiocfar ar chúrsa anois a bheadh feiliúnach do mhórán chuile dhuine agus nach dtiocfaidh salach ar choinníollacha timpeallachta?  Ansin atá na driseacha cosáin.

Bhí an Comhairleoir de chuid Fhine Gael, Pádraig Mac an Iomaire ar dhuine acu siúd a chuir teannadh leis an iarracht go dtarraingeofaí ceist bhóthar Chonamara anuas aríst.  Feictear dó nach féidir éalú ón ábhar.  Beidh sé féin agus an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin – agus b’fhéidir tuilleadh Comhairleoirí – ag caitheamh súil ar an gceantar ó thuaidh de Bhearna agus de na Forbacha sula reáchtálfar an cruinniú ar an 18ú Nollaig.  Tá an Curraoineach in aghaidh aon chúrsa a mbeadh leagan tithe mar thoradh air.

“Ba mhaith linn go mbeadh na Comhairleoirí in ann cúrsa a mholadh iad féin sa gcaoi agus go bhfeicfeadh muid cén glacadh a bheadh ag an bpobal leis,” a deir Pádraig Mac an Iomaire.

Ach, ní gá gurb í toil na gComhairleoirí ná toil an phobail a n-éireodh léi.  Is cosúil go raibh glacadh sách forleathan ina measc siúd uilig leis an gcúrsa ó thuaidh sa sliabh anoir as Bearna i dtreo Ros an Mhíl – cúrsa a bhí ar cheann de na roghanna a tugadh cúpla bliain ó shin.  Ach bhí driseacha cosáin go leor ansin; bhí talamh caomhnaithe ann faoi scáth an bhranda Eorpaigh, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC).

Beidh driseacha cosáin rompu aríst agus saothrófar an scéal má tá dul chun cinn le déanamh.  Ach tá práinn ag baint leis an scéal, agus sin sa mhullach ar chúrsaí tráchta uilig an cheantair.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil scrúdú agus anailís iomlán le déanamh ar na bealaí a bhféadfaí tionscal an fhuinnimh inathnuaite – fuinneamh gaoithe agus farraige – a lonnú thimpeall ar Chalafort Ros an Mhíl.  Theastódh infreastruchtúr agus bóithre ar ardchaighdeán le haghaidh na forbartha sin.

Mar a tharlaíonn sé, Gaillimh go Ros an Mhíl atá luaite leis an mbóthar nua ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.  Údar iontais ann féin é seo mar gur as Scríb  go Gaillimh a bhí ceaptha don bhóthar nuair a tosaíodh na staidéir ba dheireanaí leathscór bliain ó shin.

Ach, tá níos mó ná sin le cur san áireamh le cur san áireamh má tá infreastruchtúr maith do Ghaeltacht Chonamara le cur i gcroílár an scéil seo. 

I gcáipéis maidir le Plean Forbartha Nua Chontae na Gaillimhe a chuir an Coiste Comhairleach do Phlean 5 Bliana Iorras Aithneach ar aghaidh, moladh go n-athrófaí plean an bhóthair go dtí “bóthar nua as Carna go Gaillimh”.  Tá an Coiste seo ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta sna hiarrachtaí atá ar bun le súil agus go gcuirfear borradh eacnamaíochta agus sóisialta faoi cheantar Chill Chiaráin agus Charna.   Má tá rath le bheith ar thionscail mhara – Páirc na Mara mar shampla – tionscal na feamainne agus a leithéid, teastóidh bóithre ar ardchaighdeán sa gceantar.

Feicfimid linn an athróidh Comhairleoirí Thoghcheantar Chonamara na téarmaí tíreolaíochta, ar an gcéad iarraidh, i gcomhráite seo na Nollag.

Fág freagra ar 'Bóthar as Gaillimh go Ros an Mhíl á phlé ar chlár plé na Nollag'