Boris Johnson ag moladh reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach le Stormont a shlánú

Tá a chuid ráite ag Príomh-Aire na Breataine faoi sháinn Stormont agus é ag áiteamh gur chóir na geallúintí go léir sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh an Feidhmeannas a chomhlíonadh

Boris Johnson ag moladh reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach le Stormont a shlánú

Tá Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, ag moladh go dtabharfaí isteach reachtaíocht don Ghaeilge chun Feidhmeannas Stormont a shlánú.

Dúirt Johnson gur chóir do pháirtithe an Tuaiscirt na geallúintí go léir sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont a chomhlíonadh.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine i dTeach na Parlaiminte in Westminster go raibh feidhmeannas “seasmhach, feidhmiúil agus críonna” ag teastáil sa Tuaisceart.

Bhí ceist á freagairt ag Johnson faoin tsáinn pholaitiúil faoi chás na Gaeilge in Stormont. Iar-státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith, a chuir an cheist ar an bPríomh-Aire. Dúirt Smith go raibh sé riachtanach go gcomhlíonfaí na gealltanais sa chomhaontú New Decade, New Approach.

Mura bhféadfadh Sinn Féin agus an DUP fuascailt a fháil ar an tsáinn, ba chóir do Rialtas na Breataine “feidhmiú” mar “chúlstop” chun Stormont a thabhairt slán, arsa Julian Smith.

Tá a bhfuil i ndán don bhFeidhmeannas idir dhá cheann na meá mar gheall ar easaontas faoin reachtaíocht Ghaeilge.

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster agus tá ráite ag an Státrúnaí Brandon Lewis go bhfuil “gach rogha á mbreithniú” aige.

Deir páirtí an DUP gurb amhlaidh a chuirfeadh sé todhchaí Thionól Stormont agus an déabhlóid i mbaol dá gcuirfeadh Rialtas na Breataine a ladar sa tsáinn faoin reachtaíocht chultúir agus teanga.

Dúirt an tAire Eacnamaíochta, Paul Frew ón DUP, go raibh an baol ann go gcuirfeadh Lewis comhaontú roinnt na cumhachta in Stormont dá chuid bonn.

“Tá déabhlóid againn agus ní mór don Státrúnaí a bheith cúramach nach ndéanann sé dada a chuirfeadh as don déabhlóid ag an tráth seo.”

Tá sé dearbhaithe ag Sinn Féin nach n-athainmneoidh siad leaschéad-aire mura dtabharfaidh an DUP gealltanas go rachaidh siad ar aghaidh leis an reachtaíocht don Ghaeilge.

Thitfeadh an Feidhmeannas déabhlóidithe sa chás nach n-ainmneofaí ceachtar de na céad-airí.

Sa chás go ndiúltóidh ceann de na páirtithe ainmniúchán a dhéanamh roimh a 1.00pm Dé Luain seo chugainn, ní bheifear ábalta Feidhmeannas feidhmiúil a cheapadh. Sa chás sin bheadh freagracht dlí ar Rialtas na Breataine toghchán Feidhmeannais tobann a ghairm laistigh d’am “réasúnta”.

Tá ceist na reachtaíochta cultúir agus teanga a gealladh i New Decade, New Approach ina hábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP.

Deir Sinn Féin nach féidir leo muinín a chur i ráitis Edwin Poots, ceannaire an DUP, faoi chomhlíonadh na ngealltanas faoin nGaeilge i New Decade, New Approach.

Tá ráite ag Edwin Poots go dtacóidh sé leis an reachtaíocht chultúir agus teanga, ach dúirt sé go n-inseodh an aimsir an gcuirfear i bhfeidhm í le linn téarma an tionóil seo, mar atá á éileamh ag Sinn Féin.

Ina hóráid deiridh mar Chéad-Aire, d’iarr Arlene Foster an tseachtain seo ar bhaill Thionól Stormont an reachtaíocht chultúir agus teanga atá geallta don Tuaisceart a chur i bhfeidhm.

Dúirt sí go raibh an reachtaíocht sin, a bhfuil an reachtaíocht don Ghaeilge ina cuid mhór di, ina dlúthchuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Fág freagra ar 'Boris Johnson ag moladh reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach le Stormont a shlánú'

  • Poraic o'hEipicín

    Beannacht Dé air.

  • Gearóid de Grás

    An é go bhfuil sé níos tiomanta don Ghaeilge ná formhór na ndaoine atá ag plé le 27 bunscoil sa Ghaeltacht mar sin?