Rinne na Stáit Aontaithe ceiliúradh an tseachtain seo ar Fhéile Mhór an 4ú Iúil, lá neamhspleáchais na tíre. Comóradh atá sa 4ú Iúil ar an ócáid i 1776 nuair a vótáil 12 as 13 coilíneacht ar chósta thoir mhór-roinn Mheiriceá gur theastaigh uathu a bheith neamhspleách ar an mBreatain. Glacadh go hoifigiúil le forógra neamhspleáchais na tíre a scríobh Thomas Jefferson, den chuid is mó, ar an 4 Iúil.
Ó shin i leith, tá an tír, atá anois ar an ollchumhacht is mó ar domhan, ag fás agus ag forbairt. Tháinig daoine ó chuile thír ar fud na cruinne agus glacadh leo sna Stáit Aontaithe, go drogallach go minic. Tugadh daoine as tíortha eile, deineadh sclábhaithe díobh agus tá an tír fós ag dul i ngleic le hoidhreacht an chiníochais atá forleathan. Tá na milliúin fós ag iarraidh dul go Meiriceá gach uile bhliain agus iarrachtaí laethúla, ar an teorainn ó dheas go háirithe, na daoine sin a dhíbirt.
Thugadh mo sheanathair a rugadh i dtús an chéid seo caite ‘An tír is iontaí ar domhan’ ar na Stáit Aontaithe. Níl mé cinnte dá bhfeicfeadh sé an tír sa lá atá inniu ann go mbeadh sé den tuairim chéanna. Tá an tír deighilte. Tá an pholaitíocht sáinnithe in achrann idir dhá pháirtí atá faoi gheasa den chuid is mó ag comhlachtaí móra atá dá réir ag íoc as a gcuid feachtas agus a mbíonn a leas á chur chun cinn níos minice ná leas an phobail.
Níl againn ach breathnú ar an argóint faoi chúrsaí gunnaí. Ciallaíonn cumhacht an NRA nach féidir le polaiteoirí gníomhú mar is ceart in aghaidh an tsléachta atá dá dhéanamh ar bhonn rialta ar shráideanna na tíre.
Gné eile de sin is ea fadhb na ndrugaí. Feictear rian na géarchéime a bhaineann le húsáid drugaí i ngach cathair mhór sa domhan. Ní dóigh liom go bhfaca mise chomh forleathan riamh cheana é agus a chonaic mé sna Stáit Aontaithe le gairid. Eascraíonn fadhbanna eile as drugaí a bheith á n-úsáid in áiteanna poiblí i lár an lae ghléigil. Tá bochtaineacht agus iompar míshóisialta forleathan ar an tsráid agus ar an gcóras iompar poiblí. Tá an pobal ag fanacht amach as lár na gcathracha mar gheall go n-airíonn siad an bhagairt san aer.
Cáintear tú as a bheith liobrálach má deir tú gur cheart breathnú amach do na boicht agus na heasláin. Tá an tuairim gur cheart do dhuine seasamh ar a chosa féin agus gan a bheith ag brath ar an Stát níos forleithne ná riamh.
Sin dearcadh na bpoblachtach sna Stáit Aontaithe. Sin dearcadh Donald Trump. Seo an eite pholaitíochta sa tír atá ag iarraidh cosc a chur ar leabhair ar leith mar go bhfuil intinn a bpáistí á truailliú ag na liobrálaigh.
Is iad seo freisin is cúis le sclaigeanna sna bóithre, foirgnimh phoiblí a bheith lofa agus ar easpa chothabhála agus an pobal a bheith ag faire amach dóibh féin gan cuimhneamh ar a bhfuil ina dtimpeall.
Tá cúrsaí go dona sa tír agus ní léir go bhfuil aon fheabhas i ndán di. Nuair atá bóithre Chonamara níos fearr ná mar atá siad sa ‘tír is iontaí ar domhan’ caithfear an cheist a chur an bhfuil aon duine a fheiceann a bhfuil ag tarlú ar na sráideanna thall agus an bhfuil siad sásta iarracht a thabhairt faoina leigheas?
Fág freagra ar 'Bóithre Chonamara níos fearr ná atá siad sa ‘tír is iontaí ar domhan’…'