Bob Dylan, Shakespeare, Minóy agus ainmhithe eile

Tá ar léirmheastóir faoi gheasa ag foilseacháin Punctum Books, a bhfuil na leabhair go léir acu ag preabadh le smaointe

Bob Dylan

Ba mhaith liom tacú le foilsitheoirí na hÉireann – agus le foilsitheoirí na Gaeilge go háirithe – ach is ag Punctum Books thall i mBrooklyn atá na teidil a bhfuil spéis agam iontu faoi láthair – agus anuas air sin, iad ar fad saor in aisce. Inhuman Nature, cuir i gcás (i gcomhar le Oliphaunt Books) in eagar ag Jeffrey Jerome Cohen. Is féidir é a léamh anseo.

An rud a bhaineann le Punctum Books ná go bhfuil na leabhair go léir ag preabadh le smaointe, smaointe a eascraíonn as staidéar idirdhisciplíneach. Bíonn sé deacair achoimre a dhéanamh orthu, nó léirmheas a scríobh orthu, toisc iad a bheith lán de smaointe nach dtugtar le chéile de ghnáth; sin an bua a bhaineann leo, nach féidir iad a rangú go héasca.

Tá leabhair ann – agus tá daoine ann – agus is féidir iad a rangú go héasca. Ach seans gur leisciúlacht faoi deara é sin agus nach féidir – agus nach ceart – leabhar ná duine a rangú mar sin sa chéad áit. Tagraíonn Steve Mentz anseo don longbhriseadh. Ní rud é an longbhriseadh atá ar tí tarlú. Tharla sé. Tá cónaí orainn sa long bháite, deir sé.

An chéad rud eile, tugann sé cuntas dúinn ar an scannán Titanic. An script agus an aisteoireacht ann lofa, dar leis. Bhí sé ag súil go mbuailfeadh an long an cnoc oighir. Nuair a bhuail, bhí sé gafa. Agus gan a thuilleadh moille, pléann Mentz amhrán Bhob Dylan Tempest, amhrán breá agóide faoi long úd Harland & Wolff, amhrán fada a mhaireann ceathrú uaire agus a thagraíonn do scannán James Cameron.

Deir Mentz:

It is typical of Dylan’s obliquity that he might respond to 9/11 by way of the Titanic. The song performs a time-knot of multiple historicities, gesturing at once toward 1912, 2001, and 2012. The careful balancing of the album’s American release date of 9/11/12 reaches back in its day and month to the early twenty-first century terror attack while its calendar year recalls the century that has passed since the Titanic voyage.

Cíortar gnéithe eile den amhrán. Mar shampla, luaigh iriseoir le Dylan gurbh é The Tempest dráma deireanach Shakespeare. An é seo albam deireanach Dylan? D’fhreagair Dylan, á mheabhrú don iriseoir gur Tempest a bhí ar an albam ach The Tempest a bhí ar an dráma. Deir Mentz sna fonótaí nach é dráma deireanach Shakespeare é, dála an scéil. Mura mbeadh spéis agat in Dylan nó in Shakespeare (nó iad araon), d’fhéadfadh nach gciallódh sé sin mórán duit, admhaím.

Mar sin féin, tá sásamh éigin le baint as míreanna áirithe a cheangal le chéile sa chluiche seo míreanna mearaí ar a dtugaimid an saol. Scoláirí is mó a bhainfeadh sásamh as an gcuid eile d’aiste Steve Mentz – agus, go deimhin, as an gcuid eile den leabhar seo.

An buntáiste a bhaineann le leabhar atá saor in aisce ná seo: ní gá duit é go léir a léamh. Ní chosnaíonn sé faic, mar sin is féidir an méid atá uait a léamh agus bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leabhar eile más mian leat. Rud a dheineas-sa.

Níor chuala mé trácht ar an gcumadóir ceoil Minóy cheana. Scanrúil, a léitheoir – a éisteoir! Scanrúil amach is amach.

An ceol in aon chor é? Ó ‘sea, cinnte! Minóy teideal an leabhair, in eagar ag Joseph Nechvatal. Stanley Keith Bowza (1951 -2010) ab ainm dó, cumadóir a chruthaigh ceol ealaíne agus fuaimdhreacha casta ar chaiséid. Bhíodh clúdaigh lámhdhéanta orthu agus sheoladh sé amach iad óna thigh féin in Torrance, California.

Ceol torainn a thugtar ar an gceol leictreonach seo, nó gleo-cheol – noise music. Níl an téarma againn go fóill sa Ghaeilge cé go bhfuil ‘noisy music’ sna foclóirí ceart go leor! Ní hionann iad, go baileach. Ceol seo Minóy, mheabhródh sé saol eile duit; táim ag éisteacht leis anois agus an léirmheas seo á scríobh agam ach níl fhios agam i gceart cad leis a bhfuilim ag éisteacht; an gcloisim cloig ó ardeaglais i gcéin; an bhfuil deamhain de shaghas éigin, nó éin mhire, ag magadh faoi na cloig chéanna sin.

Cloisim guthanna; táim ar thonnta ceoil – an ceol do mo chaitheamh in airde, ach mé ag titim arís sula n-ardaítear arís mé. Nílim in ann seasamh siar on gceol seo; tá beirthe aige orm; tá druga ann; táim istigh ann, an ceol ag tarlú ionam ar chuma aisteach éigin. Tromluí! An bhfuilim básaithe?

Táim fiosrach anois. Cérbh é an boc sin Minóy? Is féidir léamh faoi anseo

Bhí uamhan sráide ag cur as dó, an fear bocht. Bhuel, is léir óna chuid ceoil go raibh rud éigin ag cur as dó. Go mór. Insíonn a chara Ambar Sabri a lán dúinn ina thaobh: is annamh a chodlaíodh sé, é ag plé leis an ealaín agus leis an gceol an t-am ar fad; ag breathnú ar scannáin, Bergman agus Tarkovsky go háirithe. An ceol a chruthaigh sé, tháinig sé ina bhéic uaidh; ceol a fáisceadh as an bpian a bhí á fhulaingt aige; pian uafásach idir chorp is anam. É i gcathair rothaí, eagla air an tigh a fhágaint, é faighte ró-ramhar ar fad, gan de theagmháil aige leis an saol ach a ríomhaire agus comhfhreagras.

Bhí níos mó ná ainm cleite amháin ar Stanley Keith Bowza. Thug se ‘Haint’ air féin chomh maith, mar ealaíontóir digiteach. Anam ar fán, púca nó taibhse, is brí leis an bhfocal ‘haint’.

Is cosúil gur inis sé dá thuismitheoirí agus é ina dhéagóir go raibh sé aerach agus gur socraíodh go ‘leigheasfaí’ é le teiripe leictri-thritheamhach. Tá an focal féin scanrúil! Cailleadh é le linn seisiún teiripe agus b’éigean é a thabhairt ar ais ón mbás! Ón lá sin amach, an créatúr, bhí sé idir dhá shaol. As áit éigin idir an dá shaol sin a tháinig an ceol.