Bliain ó maraíodh George Floyd, an bhfuil aon athrú ar chúrsaí?

Go dtí seo i mbliana tá os cionn 7,500 duine maraithe de bharr foréigean gunnaí sna Stát Aontaithe

Bliain ó maraíodh George Floyd, an bhfuil aon athrú ar chúrsaí?

Tá sé bliain an tseachtain seo ó bhásaigh George Floyd. Bliain ó chuir gníomh Derek Chauvin agus iompar na bpóilíní sna Stáit Aontaithe trí chéile alltacht ar an domhan.

Bhí sé á thuar go forleathan go mbeadh athruithe móra mar thoradh ar an méid a tharla i Minneapolis bliain ó shin. Bhí slógaí frithchiníocha ar fud na cruinne. Tarraingíodh aird ar chás an chine ghoirm ar fud na cruinne.

Ach an bhfuil aon athrú tarlaithe? An bhfuil feabhas tagtha ar an scéal, go háirithe sna Stát Aontaithe féin?

Más aon chomhartha an líon eachtraí lámhaigh agus na daoine atá maraithe de bharr ionsaithe gunna i Meiriceá, is amhlaidh gur chun donachta atá an scéal ag dul.

Díol uafáis na staitisticí ón tseachtain seo caite. Tharla eachtraí an deireadh seachtaine seo caite inar maraíodh ceathrar nó os a chionn i naoi gcinn de stáit – Illinois, New Jersey, Ohio, Indiana, South Carolina, Virginia, Texas, Georgia and Minnesota.

Go dtí seo i mbliana tá os cionn 7,500 duine maraithe de bharr foréigean gunnaí sna Stát Aontaithe – sin ardú 23% i mbliana ar líon na ndaoine a bhásaigh de bharr a gcaite. Ní léir aon bhrú polaitiúil a bheith ann cás na ngunnaí a leasú. Tá reachtaíocht in ainm George Floyd ag déanamh a bealaigh go mall righin réidh tríd an gcomhdháil; reachtaíocht a bhfuil sé mar aidhm léi aghaidh a thabhairt ar an gciníochas agus an ciapadh i measc na bpóilíní.

Tá sráid i bpríomhchathair na tíre a bhfuil Black Lives Matter Plaza baiste uirthi. Ach cé mhéad duine ar cuimhin leo an cás ba chúis le bunú Black Lives Matter in 2013? Nuair a lámhachadh Trayvon Martin in 2012 bhí an scéal ina cause célébre. Cúisíodh George Zimmerman as an dúnmharú agus frítheadh neamhchiontach é ar bhonn féinchosanta. Cuireadh ina leith nach raibh de chúis aige le Martin a chaitheamh ach dath a chraicinn. Cuireadh i leith na bpóilíní i Sanford Florida go raibh siad féin ciníoch.

Bunaíodh Black Lives Matter mar thoradh ar an eachtra sin agus cuireadh dlús leis anuraidh nuair a maraíodh George Floyd. An cheist, ar athraigh meon na Meiriceánach in aon chor ó shin? Tá an ciníochas córasach sa gcóras dlí agus cirt sa méid is go bhfuil claonadh ann i gcónaí breithiúnas a thabhairt in aghaidh duine den chine gorm. Is den chine sin 13.2% de dhaonra na Stát Aontaithe ach 40% díobh siúd atá i bpríosún. Tá tú faoi mhíbhuntáiste ó chaitear ar an sop tú más den chine gorm thú.

Mar bharr ar an mí-ádh tá an iomarca saoirse ag pobal na Stát Aontaithe fad is a bhaineann sé le gunnaí. Tá an oiread cumhachta ag an NRA, cumann náisiúnta lucht raidhfilí, agus a bhí riamh agus stopann a gcuid stocaireachta aon dul chun cinn ó thaobh reachtaíochta. Tá sé mar aidhm ag an Uachtarán Biden smacht breise a chur i bhfeidhm ar rialacháin airm. Faraor, léiríonn eachtraí sa tír le blianta anuas go bhfuil níos mó ná leasuithe ar rialacháin airm agus ar an reachtaíocht a bhaineann leis na póilíní ag teastáil. Cén chaoi a n-athraíonn tú claonadh na mblianta agus na nglúnta? Sin an dúshlán is mó atá le sárú go fóill.

Fág freagra ar 'Bliain ó maraíodh George Floyd, an bhfuil aon athrú ar chúrsaí?'