Tráth dá raibh, ba mhór i gceist Íodh Márta ag na Rómhánaigh. Ar an 15ú lá den mhí a thiteadh sé ar an bhféilire a raibh siadsan dílis dó. B’ionann é le Lá an Luain dóibhsean – tubaiste agus anachain luaite leis ós rud é go mba é cothrom an lae sin a feallmharaíodh Julius Caesar sa mbliain 44 RC.
Féile thar a bheith casta a bhí sa gceann céanna, a deir siad agus níos mó baint aige le deasghnátha, le reiligiún agus le polaitíocht. Ar an gcaoi go mba é an scrios a bhí luaite leis an 15ú Márta, bhí ceangal ag mórchuid na ndátaí le gné éicint eile seachas na figiúirí leo féin.
I mí an Mhárta seo ag teacht a thiocfas Lá an Chomhairimh 2026 d’fhoireann sacair na hÉireann. Ag 19.45 tráthnóna Déardaoin an 26ú lá a thosós an imirt idir iadsan agus an tSeicia i Staid Letna – é siúd ar an mbruach thuaidh d’abhainn an Vltava i bPrág, ag breathnú anuas ar an seanbhaile, má tá tú eolach ar leagan amach na háite sin.
Má bhuann siad sin, cúig lá dár gcionn beidh foireann na hÉireann ag dul chun imeartha in aghaidh na Danmhairge nó na Macadóine i mBleá Cliath. Ach an iomaíocht sin a bhuachan beidh a n-aghaidh ar Chorn an Domhain 2026.
Tá siar agus aniar go leor i gceist sula dtiocfaidh sin, ach chuile rud a bheith ina cheart, ansiúd ag fanacht linn i nGrúpa A bheadh Meicsiceo, an Afraic Theas agus an Chóiré Theas.
Ós rud é go mbeidh 48 tír san iomaíocht sna babhtaí ceannais den chéad uair ariamh agus go bhfuil trí thír (Meicsiceo, Na Stáit Aontaithe agus Ceanada) agus 16 cathair i mbun óstála, is comórtas fadálach, leadránach a bheas sa 23ú eagrán don Chorn Domhanda – cluichí ar bun i Guadalajara, Cathair Mheicsiceo agus Monterey; mar aon le Vancouver agus Toronto; agus 16 cathair de chuid na Státaí ag síneadh ó Los Angeles go Boston, Seattle go Miami.
Ar an 11 Meitheamh a chuirfear tús leis an imirt nuair a imreoidh Meicsiceo agus an Afraic Theas a chéile. Beidh 104 cluiche imeartha faoin am a dtiocfaidh an babhta ceannais sa MetLife Stadium in East Rutheford. I Stát New Jersey atá sé sin, ach níl idir é agus ceartlár Manhattan ach cúpla míle agus is ann a imríonn na New York Giants agus na Jets.
Is aoibhinn don té a bheas beo ina dhiaidh!
Tá tús á chur le comórtas idirnáisiúnta nua do thíortha an rugbaí in 2026. Corn Domhanda na Náisiún Rugbaí an teideal oifigiúil atá ar an gceann a thabharfar don bhuaiteoir ar an gcraobh seo ina mbeidh tíortha Chraobh na Sé Náisiún, Fidsí; an tSeapáin, mar aon leis an Afraic Theas, an Nua-Shéalainn, An Astráil agus an Airgintín san iomaíocht.
Beidh a leithéid linn feasta i mí Iúil agus faoi Shamhain aon bhliain nach mbeidh Corn an Domhain féin ar bun nó aon bhliain nach dtiocfaidh na Leoin ar thuras.
Leathdhosaen cluichí a imreoidh na foirne – trí cinn sa leathsféar theas i mí Iúil agus trí cinn sa leathsféar thuaidh faoi Shamhain, tráth a mbeidh an babhta ceannais ar bun i Twickenham.
Ar mhaithe libhse atá saonta agus a chreidfeadh rud ar bith, bhí seo le rá ag an eagraíocht atá i mbun an chomórtais nuair a seoladh sin: “It provides unprecedented certainty and clarity of international competition between Rugby World Cups for teams outside of major annual international competitions.”
Déarfadh duine soiniciúil ar mo nós féin gur saint is bun agus barr leis, an aicíd chéanna a d’fhág FIFA ag cur le líon na dtíortha sa gCorn Sacair.
Le linn a gcuid taistil, imreoidh foireann rugbaí na hÉireann in aghaidh na hAstráile, na Seapáine agus na Nua-Shéalainne i mí Iúil agus in aghaidh na hAirgintíne, Fidsí agus na hAfraice Theas i mBleá Cliath faoi Shamhain.
Ansiúd i gCraobh na Sé Náisiún imreoidh siad an Iodáil (Satharn 14 Feabhra); An Bhreatain Bhig (Aoine 6 Márta) agus Albain (Satharn 14 Márta). Den chéad uair le mo chuimhne, nó b’fhéidir ariamh, is ar an Déardaoin a chuirfear tús le hiomaíocht na Sé Náisiún nuair a imreoidh Éire i bPáras ar an 5 Feabhra. Dé Sathairn, an 21 den mhí sin a imreoidh siad Sasana i Twickenham.
Beidh athrú suntasach ar leagan amach Chraobh Peile na hÉireann i ngrád na Sinsear in 2026 de réir moladh ar glacadh leis ag Comhdháil Bhliantúil CLG ag tús na bliana seo agus a bheas i réim go ceann trí bliana ar a laghad.
Tá deireadh curtha le córas na ngrúpaí faoi mar a bhíodh nuair a chríochnaíodh na craobhacha cúige. Anois is córas cáilithe a bheas i gceist ina mbeidh 16 contae san iomaíocht.
- Pota 1: Craobhairí na gCúigí agus Tánaistí na gCúigí
- Pota 2: Buaiteoir Chorn Tailteann 2025 (Cill Dara) + na seacht gcontae ab airde ar tháblaí na Sraithe Náisiúnta Peile 2025 (foirne Bhabhta 1 & Cill Dara bainte as an áireamh)
Tarraingeofar na foirne a thiocfas in aghaidh a chéile as an dá phota sin ar a seal (Babhta 1).
Imreoidh buaiteoirí na gcluichí sin a chéile (Babhta 2A) agus nuair a bheas an imirt eatarthu déanta beidh áit ag na buaiteoirí i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann.
Imreoidh caillteoirí Bhabhta 1 a chéile (Babhta 2B).
Imreoidh Caillteoirí 2A in aghaidh Bhuaiteoirí 2B agus as sin ar fad beidh na 8 bhfoireann a imreoidh i mBabhtaí Ceathrú Ceannais na hÉireann.
Mar is iondúil siad babhtaí ceannais chomórtais na gclub a thabharfaidh chugainn an iomaíocht is luaithe sa mbliain – na trí dheireadh seachtaine is túisce tugtha don pheil agus don iománaíocht sna grádanna éagsúla ar Pháirc an Chrócaigh.
Cuirfear tús le Sraithchomórtais Allianz an Domhnach deireanach d’Eanáir agus imeofar na babhtaí ceannais an deireadh seachtaine deireanach de Mhárta.
Ar an 11/12 Aibreán a thosóidh Craobhacha Peile na gCúigí agus na cinn iomána seachtain dár gcionn. Beidh Cluichí Ceannais na gCúigí thart faoin 16/17 Bealtaine agus sula mbeidh mí Iúil caite beidh a fhios cá bhfuil Coirn Mhig Uidhir agus Mhic Cárthaigh gaibhte.
Rud neamhghnách a fheicfear in 2026 is ea go mbeidh dhá chathair ag roinnt na gCluichí Oilimpeacha eatarthu – i Milano agus Cortina na hIodáile atá 400km (250m) óna chéile a bheas Cluichí an Gheimhridh ar siúl ón 6 – 22 Feabhra.
Líon beag iomaitheoirí a chuireann Éire chuig na Cluichí sin de ghnáth agus ní bheidh aon athrú i gceist an bhliain seo chugainn. Ní ainmneofar iad sin féin go mbeidh an iomaíocht sa mhullach orainn ach tharlódh go mbeadh Elle Murphy agus Cormac Comerford sa Sciáil Alpach agus duine nó beirt eile sa Sciáil Thrastíre agus i gceann de na rásaí gearra.
Níos gaire de láimh, beidh Craobhacha Dornálaíochta na hÉireann do na scothdhornálaithe ar siúl idir an dara agus ar an tríú deireadh seachtaine d’Eanáir.
An deireadh seachtaine céanna sin a chuirfidh Cumann Peil na mBan tús lena gcuid comórtas féin. Mar is iondúil is í iomaíocht na Sraithe is túisce, sin le beith curtha ó bhealach faoi lár an Aibreáin agus Craobhacha TG4 ina dtús ó dheireadh na Bealtaine amach. Ar an 2 Lúnasa a bheas na cluichí ceannais ar bun ar Pháirc an Chrócaigh.
Gar go maith de láthair, in Birmingham Shasana a bheas Craobhacha Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúl idir an 10 -16 Lúnasa seo chugainn. Dhá bhliain ó shin nuair a reáchtáladh sa Róimh iad thug Ciara Mageean bonn óir léi sa gcomórtas 1500m mar a rinne an fhoireann sealaíochta measctha 4x400m. Thug Sophie Becker an bonn airgid léi sa rás aonair den fhad sin. Faraor ní bheidh Mageean san iomaíocht an babhta seo ach seolann muid chuile bheannacht chuici.
Ar an Dún Beag a bheas Craobh Oscailte Gailf na hÉireann ar bun ón 9-13 Meán Fómhair. Beidh na cinn a dtugtar na Mór-Chomórtais orthu thart faoin tráth sin. Idir 9-12 Aibreán a fheicfear an imirt ar na Máistrí in Augusta. Ar chúrsa Aronamink taobh le Philadelphia a bheas an PGA idir 11-17 Bealtaine; Craobh Oscailte na Stát Aontaithe i Shinnecock Hills, Nua-Eabhrac, 18-21 Meitheamh agus Craobh Oscailte na Breataine i Royal Birkdale ceithre seachtaine ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar 'Bliain mhór spóirt romhainn agus Corn an Domhain ina lár istigh'