Bliain eile ar mhaith leis an rialtas dearmad a dhéanamh uirthi

Ní hamháin go bhfuil Sinn Féin sa gcéad áit i measc pháirtithe an Deiscirt, ach tá siad níos láidre ná aon pháirtí eile sna pobalbhreitheanna ó thuaidh freisin

Bliain eile ar mhaith leis an rialtas dearmad a dhéanamh uirthi

Bliain eile ar mhaith leis an rialtas dearmad a dhéanamh uirthi ab ea an bhliain seo.

2021 – bliain eile den Covid-19, bliain eile gan aon réiteach againn ar fhadhbanna i gcúrsaí tithíochta agus sláinte, bliain eile faoi scáth an Bhreatimeachta, bliain gan beart de réir briathair faoi chúrsaí aeráide agus bliain eile den chur i gcéill.

Agus bliain eile ar mhaith leis an rialtas dearmad a dhéanamh uirthi.

Bliain í freisin ina raibh dul chun cinn leanúnach ar siúl ag Sinn Féin sa gcaoi is go mbítear ag caint coitianta anois faoin bpáirtí a bheith i mbun rialtais go luath, ó dheas agus ó thuaidh.

Baineadh preab as an gcóras polaitiúil in 2020 nuair fuair Sinn Féin níos mó vótaí céad rogha san olltoghchán ná aon pháirtí eile, ach in ionad cúlú ó shin i leith is amhlaidh atá an páirtí imithe i dtreise.

Sa bpobalbhreith is deireanaí ag an Irish Times tá siad 15% pointe céatadáin chun tosaigh ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil, 35% in aghaidh 20%. Sna 31 pobalbhreith a foilsíodh sna meáin mhóra ó dheas i mbliana fuair Sinn Féin ar an meán os cionn 30% den tacaíocht, i gcomparáid le 25% ag Fine Gael, 16% ag Fianna Fáil agus idir 4% agus 5% a bhí ag an gComhaontas Glas, na Daonlathaithe Sóisialta agus Páirtí an Lucht Oibre.

Ní hamháin go bhfuil Sinn Féin sa gcéad áit i measc pháirtithe an Deiscirt, ach tá siad níos láidre ná aon pháirtí eile sna pobalbhreitheanna ó thuaidh freisin. Tá siad sé phointe chun tosaigh ar an DUP, an páirtí Aontachtach is láidre (ar éigean) agus gach seans go mbeidh Michelle O’Neill ina céad-aire i ndiaidh thoghchán an Tionóil i mí na Bealtaine seo chugainn. Buille mór dá bhféinmheas do lucht tacaíochta na hAontachta.

Agus arís tá an Taoiseach, Micheál Martin, curtha dá bhuille ag Sinn Féin. Bíonn sé ag cur i gcoinne reifreann faoin teorainn, ná fiú dul i mbun cainteanna faoi cén cineál Éire Aontaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, cé gur léir go bhfuil an reifreann sin ar an gclár oibre náisiúnta anois agus díospóireacht ar siúl cheana féin faoi.

Maidir le polasaithe an rialtais, ní raibh aon ábhar ceiliúrtha ansin ach an oiread. Bhí chuile rud faoi scáth Covid-19 agus cé go bhfuil ráta vacsaínithe in Éirinn ar na rátaí is airde san Eoraip is beag buíochas a fuair an rialtas as.

Mar a bhí an Nollaig seo caite tá an rialtas san fhaopach. Ar thaobh amháin tá siad faoi bhrú ó lucht gnó, is lucht an fháilteachais go háirithe, deireadh a chur leis na srianta agus an stát a oscailt, agus, ar an taobh eile, tá siad faoi bhrú ag figiúirí Covid a atá ag dul ó smacht arís agus móramh an phobail atá ar son tús áite a thabhairt do chosaint na sláinte poiblí seachas leas an lucht ghnó.

Tá éiginnteacht ag baint leis an straitéis atá ag an rialtas, agus an chuma ar chúrsaí nach bhfuil aon phlean cuimsitheach oibrithe amach acu, ach go bhfuil siad ag obair de réir pholasaithe fánacha, píosa anseo, píosa ansiúd, agus go minic na píosaí ag teacht salach ar a chéile.

Tá ag éirí leis an rialtas agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha i dtaobh an Bhreatimeachta agus an Phrótacail.  Is mór an chabhair ar ndóigh gur fear é Joe Biden, Uachtarán an Stát Aontaithe, a bhreathnaíonn air féin mar Éireannach is atá bródúil le fírinne as a chuid Éireannachais.

Tá muid fós sáinnithe i gcluiche fichille idir an Bhreatain agus an Eoraip, agus muid dílis gan cheist don Eoraip is ag súil go seasfaidh siad linn.  Ar ndóigh, níl aon ról againn maidir leis na cainteanna atá ar siúl taobh istigh den Aontas Eorpach i leith athchóiriú an Aontais: mar is iondúil, glacfaimid le cibé rud a nglacfaidh na máistrí leis.

Níl an rialtas ag déanamh aon phioc níos fearr maidir leis na mórfhadhbanna polaitiúla, sláinte is tithíochta, an teip is cúis cuid mhaith leis an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh ag Sinn Féin.

Bhí an Comhaontas Glas an-mhórtasach as Plean Aeráide a chur tríd an rialtas.  Ach baineadh cuid mhaith den loinnir den obair sin nuair a dúirt an Taoiseach gur 10% a bhí i gceist go fírinneach leis an laghdú a dhéanfaí ar astaíochtaí meatáin. Go gairid roimhe sin ag COP26 i nGlaschú mhaígh Martin gur 30% a bheadh ann.

Buille eile ar ndóigh do spiorad an Chomhaontais Ghlais ab ea tuairisc Chomhairle Comhairleach um Athrú Aeráide a cháin an rialtas agus an Roinn Iompair go láidir as teip a gcuid polasaithe go dtí seo, teip ar cosúil a leanfaidh ar aghaidh.

Mar sin féin, tá an rialtas fós in oifig, agus iad meáite ar fhanacht ann chomh fada agus is féidir.  Tuigeann siad go maith mura seasfaidh siad le chéile go gcrochfar iad.

Ar deireadh thiar tá Sinn Féin sásta, ach tá díomá ar pháirtithe an rialtais agus iad ag súil go dtiocfaidh feabhas ar rud éigin, áit éigin, am éigin san athbhliain.

Fág freagra ar 'Bliain eile ar mhaith leis an rialtas dearmad a dhéanamh uirthi'