Bliain chaithréimeach do mhná na Rinne agus Gaeil Átha Cliath agus na Gaillimhe

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltacht na Mumhan agus sna cathracha in 2021

Bliain chaithréimeach do mhná na Rinne agus Gaeil Átha Cliath agus na Gaillimhe

Port Láirge

Tar éis dóibh cluiche ceannais 2020 a chailliúint, bhí údar ceiliúrtha ag mná na Rinne agus Craobh Idirmheánach Camógaíochta Phort Láirge tugtha leo acu an mhí seo caite.

Fuair mná na Gaeltachta an ceann is fearr ar Mhaigh Dheilge sa chluiche ceannais a bhuíochas don teacht aniar a rinne siad sna nóiméid dheireanacha.

D’aimsigh Fiona Rochford, bean a bhuaigh Craobh Uile-Éireann le Loch Garman in 2012, 1-9 den 1-11 a scóráil an Rinn sa chluiche ceannais agus an Chraobh Idirmheánach buaite den dara huair le ceithre bliana acu.

D’éirigh le hiománaithe na Rinne cluiche ceannais an chontae a bhaint amach freisin sa Chraobh Idirmheánach ach briseadh croí a bhí i ndán dóibh nuair a rinne Dún Aill teacht aniar a thug an cluiche dóibh. Bhí farasbarr ceithre phointe agus fear sa bhreis ag an Rinn ag leath ama ach chríochnaigh Dún Aill níos láidre.

Ní raibh mórán ama ag na himreoirí teacht chucu féin i ndiaidh an chluiche sin mar bhí cuid mhaith acu ag imirt le foireann peile na Rinne a thosaigh a bhfeachtas craoibhe an tseachtain dár gcionn. Bhíodar ag snámh in aghaidh easa tar éis dóibh a gcéad chluiche sa ghrúpa a chailliúint agus na babhtaí dícháilithe a bhí ndán dóibh. Beidh siad slán sa Chraobh Shinsir Peile i bPort Láirge ar feadh bliana eile, mar fuair siad an ceann is fearr ar Chumann an tSlánaitheora.

Ciarraí

Bliain leamh go maith a bhí in 2021 d’fhoirne Gaeltachta Chiarraí agus iad fágtha mórán san áit ina raibh siad ag tús na bliana.

Thug foireann peile ban Chorca Dhuibhne spreagadh do lucht caide an cheantair mí Dheireadh Fómhair agus cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí bainte amach acu. D’éirigh le hOileán Ciarraí an ceann is fearr a fháil orthu, áfach, 2-16 in aghaidh 3-7.

Crá croí ceart ab ea na Deasúnaigh d’fhoirne Chorca Dhuibhne an deireadh seachtaine sin mar fuair fir Oileán Ciarraí an ceann is fearr ar an nGaeltacht i gcluiche ceathrú ceannais na Craoibhe Idirmheánaí Peile.

Níor éirigh tada níos fearr le Daingean Uí Chúis sa Chraobh Shinsir agus an ceann is fearr ag Ó Ceirín/Ó Rathaille orthu. D’éirigh leis an Daingean na babhtaí leathcheannais i gCraobh na gClubanna a bhaint amach níos luaithe sa bhliain ach bhuaigh Neidín orthu. Bhí cúrsaí níos fearr acu sa tsraith, áit ar chríochnaigh siad ar bharr Ghrúpa 1A agus bhí fir an Daingin buacach i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí Thiar don cheathrú bliain as a chéile nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an nGaeltacht mí na Nollag.

In Uíbh Ráthach, níor éirigh le Piarsaigh na Dromada teacht amach as Grúpa 1 sa Chraobh Idirmheánach. Chuadar chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Theas ach fuair Naomh Muire, Cathair Saidhbhín an ceann is fearr orthu an tseachtain roimh an Nollaig.

Corcaigh

Bhí údar díomá ag péire d’fhoirne peile Mhúscraí i mbliana sna babhtaí leathcheannais.

Sa Chraobh Shinsir A, chaill Béal Átha an Ghaorthaidh a ndeis ar an gcluiche ceannais a bhaint amach tar éis do Mhala an ceann is fearr a fháil orthu. Sé chúl ar fad a bhí sa chluiche ach scaoil Béal Átha an Ghaorthaidh isteach ceithre cinn acu, rud a d’fhág go raibh an iomarca le déanamh acu.

Buaileadh Cill na Martra an lá céanna i gcluiche leathcheannais sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach Peile in aghaidh Átha Trasna. Ba é an dara bliain as a chéile ar chlis ar Chill na Martra sna babhtaí sin agus cé go raibh an fhoireann ar fheabhas i mbabhta na ngrúpaí agus trí chluiche as trí cinn buaite acu, b’fhéidir gur chuir an bhearna fhada idir deireadh na mbabhtaí sin agus an cluiche ceathrú ceannais as dóibh. Cinnte níor chabhraigh sé leo gur bronnadh trí chárta dearg agus cárta dubh ar imreoirí Chill na Martra i dtreo dheireadh an chluiche in aghaidh Átha Trasna, ach bhí fir Mhúscraí cloíte faoin am sin.

Ba é sin an dara huair i mbliana ar chuir Áth Trasna deireadh le foireann Ghaeltachta. D’éirigh leo Naomh Abán a shárú sna babhtaí ceathrú ceannais. Rinne fir Bhaile Bhuirne go maith teacht slán ó Ghrúpa A ach bhí a gcéilí comhraic rómhaith dóibh sa chéad bhabhta eile.

Foirne na gCathracha

I mBaile Átha Cliath, bhuaigh mná na nGael Óg Roinn 8 na sraithe mí Mheán Fómhair, gan cluiche ar bith caillte acu linn an chomórtais. Mí na Samhna, fuair siad an ceann is fearr ar Chluain Tarbh chun Comórtais an Choirn a thabhairt leo. Chuaigh siad chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe i rith an tsamhraidh ach fuair Cluain Dolcáin an ceann is fearr orthu ansin.

D’éirigh le hiománaithe na nGael Óg trí chluiche as trí cinn a bhuachan i nGrúpa 3 de Chraobh Shóisir C an chontae ach fuair Baile Buadáin an ceann is fearr orthu sna babhtaí ceathrú ceannais. Sa pheil, chríochnaigh peileadóirí an chumainn sa tríú háit i nGrúpa 3 de Chraobh Shóisir 1 Bhaile Átha Cliath.

In Aontroim, d’éirigh le fir Laochra Loch Lao cúpla cluiche as a chéile a bhuachan i gCraobh Shóisir Peile an chontae ach sa tríú háit as na cúig fhoireann i nGrúpa 1 a fágadh iad. Is i lár an tábla a chríochnaigh mná an chumainn i Roinn 3 freisin agus trí chluiche as ocht gcinn buaite acusan.

Thiar i nGaillimh, bhuaigh Gaeil na Gaillimhe corn den chéad uair i stair an chumainn nuair a d’éirigh leis an bhfoireann peile ban Craobh Shóisir B an Iarthair a thabhairt leo in aghaidh na Ceathrún Rua sa chluiche ceannais.

Bhí an-bhliain ag foireann na bhfear freisin agus d’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Shóisir C an Iarthair. D’éirigh le Naomh Micheál, a chuaigh ar aghaidh agus a bhuaigh cluiche ceannais an chontae, an ceann is fearr a fháil orthu.

Fág freagra ar 'Bliain chaithréimeach do mhná na Rinne agus Gaeil Átha Cliath agus na Gaillimhe'