Leagadh bláthanna faoi bhrat na hÉireann i mBaile na nGall i nGaeltacht Chorca Dhuibhne inniu i gcuimhne ar Emma Nic Mhathúna, cothrom an lae ar bhásaigh sí bliain ó shin.
Sa bhaile Gaeltachta sin a chaith Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, an chuid deiridh dá saol.
A simple tribute beneath the tricolour in the little fishing village of Baile na nGall – where Emma Mhic Mhathúna and her five children made home.
Today is the first anniversary of her death. #CervicalCheck #WestKerry #Emma pic.twitter.com/9ZsprQ47MH
— Seán Mac an tSíthigh (@Buailtin) October 7, 2019
Bhí cás Emma Mhic Mhathúna, a bhí 37 bliain d’aois agus cúigear clainne uirthi, go mór i mbéal an phobail ó cuireadh faoi agallamh ar dtús í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBealtaine 2018.
Bhí sí ar dhuine de bhreis is 220 bean a raibh ailse cheirbheacs orthu agus a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh.
I ráiteas a d’eisigh a hathair Peter thar cheann a cúigear leanaí inniu, dúradh:
“Múchadh solas geal inár saol nuair a tháinig tost ar ghlór álainn cróga Emma. Bhíothas buíoch go raibh deireadh lena fulaingt agus a pian agus go raibh sí féin agus a Mam le chéile arís.
“Tragóid ab ea í gur chaill cúigear páistí iontacha a mam agus iad an-óg agus gur caillleadh í ar bhealach gur deacair a bheith ag smaoineamh air gan trácht ar é a thuiscint.”
Ghabh muintir Emma Mhic Mhathúna buíochas leis na daoine ar fad a thug tacaíocht dóibh ó bhásaigh sí.
Chuaigh scéal agus crógacht Emma Mhic Mhathúna go mór i bhfeidhm ar dhaoine agus meastar gur chabhraigh sí le brú a chur ar an Rialtas dul i ngleic leis an gconspóid faoi thástálacha CervicalCheck.

Thángthas ar réiteach €7.5 milliún san Ard-Chúirt mí Iúil sa chás a thóg Emma Mhic Mhathúna in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Quest Diagnostics, saotharlann tástála ailse sna Stáit Aontaithe.
Go gairid ina dhiaidh sin, thug sí le fios go raibh an ailse a bhí uirthi imithe in ainseal.
Aimsíodh na hearráidí sna torthaí nuair a rinne CervicalCheck iniúchadh ar na tástálacha.
Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ar dhuine de na daoine a dúirt gur údar mór bróin bás Emma Mhic Mhathúna agus dúirt sé go ndeachaigh a crógacht i bhfeidhm go mór air.
Eoinín na nÉan
Bean mhisneach chróga a d’imigh óna cuid gasúr ró-luath go héagórach ach tá súil agam go bhfaighidh mná na hÉireann cothrom na féinne agus go mbeidh sin ag a teaghlach agus againn ar fad mar chuimhne uirthi.
Solas na bhFlaitheas dá hanam uasal agus sólás do teaghlach ar fad.