Blas na fola fachta ag gadhair Chiarraí Theas anois

San athimirt ar chluiche ceannais Chiarraí inniu, beifear ag súil le cluiche níos oscailte ná mar a bhí coicíos ó shin

Kerry Senior Football Championship Final, Fitzgerald Stadium, Killarney, Co. Kerry 8/11/2015 Killarney Legion vs South Kerry ames O’Donoghue of Killarney Legion and Bryan Sheehan of South Kerry after the final whistle Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
©INPHO/Cathal Noonan

Is deacair aon ní a rá faoi athimirt an lae inniu i gCill Airne gan tagairt a dhéanamh don méid a thit amach coicíos ó shin i Stáid a’ Ghearaltaigh.

Bhí a ngob chun cinn ag Ciarraí Theas agus iad pointe chun tosaigh ag déanamh ar an líne. Bhí an dá nóimeat a fógraíodh chun am a caitheadh le gortuithe a chúiteamh geall leis bheith istigh nuair a fuair an Léigiún deis amháin eile chun an cluiche a chur ar comhtharrac.

Ach chuaigh an iarracht amú.

Taibhsíodh don uile dhuine go raibh sé i ndán do Chiarraí Theas a gcéad chraobh ó 2009 a bhuachtaint agus go mbeadh ar an Léigiún fanacht bliain amháin eile chun an gorta deich mbliana is trí fichid a chur ar neamhní.

Ar chúis éigin, cheadaigh an réiteoir, Séamus Ó Maolmhíchíl, nóimeat go leith eile le cois an dá nóimeat a bhí imeartha agus sa tréimhse sin, d’éirigh le fear lár páirce an Léigiúin, Jamie Ó Súilleabháin, pointe an chomhscóir a aimsiú agus é ag an am gcéanna ag cinntiú go mbeadh athimirt againn.

Ní mó ná sásta a bhí Ciarraí Theas leis an tslí ar thit rudaí amach. Taibhsíodh domhsa agus do scata eile a bhí neodrach ar an gclaí go raibh caite go héagórach leo. Más ea, áfach, choimeád a mbainisteoir stuama, John Siochrú na Rinn Airde, guaim air fhéin agus thug an bóthar abhaile air féin gan aon ní a scaoileadh uaidh.

Ní raibh an dráma ach ina thús, áfach.

Bhí cinneadh cruaidh le déanamh ag Bord CLG Chiarraí an oíche sin, nuair ba léir ná beadh curadh contae ag Ciarraí le dul sa ghleo i gcoinne churadh Chorcaí, Raonaithe Nemo, an Domhnach dar gcionn.

D’ardaigh na cleití sa Daingean nuair a fógraíodh an lá dar gcionn gurb iad an Léigiún a bheadh ag dul chun cinn thar ceann Chiarraí i gcraobh na Mumhan.

Is iad an Daingean curadh chraobh na gclub i gCiarraí de dheasca a mbua siúd sa chraobh thánaisteach, Craobh na gClub, níos túisce sa bhliain agus sa chás nach raibh aon fho-chumann eile tar éis an phríomhchraobh a bhuachtaint, taibhsíodh do scata gurb iad an Daingean a bheadh ag dul chun cinn.

Sa díospóireacht a lean, níor chuir éinne fodhlíthe CLG Chiarraí san áireamh.

I gcás na Craoibhe Sinsear Caide i gCiarraí, is iad an f0-chumann is sia a sheasann (An Léigiún 2015) sa chraobh sin a bheidh ag seasamh an fhóid do Chiarraí – le dhá eisceacht ar leith, a chinnteodh gurb iad curadh Chraobh na gClub (An Daingean 2015) a bheadh ag dul chun cinn.  Is iad an dá eisceacht a bhí i gceist:

  1. Nuair atá Craobh Shinsear an Chontae críochnaithe agus buaite ag comhfhoireann (Ciarraí Theas 2015) agus;
  2. Nuair nach bhfuil Craobh Shinsear an Chontae críochnaithe agus go bhfuil gach fo-chumann díbeartha as.

Ba léir go raibh eisceacht (a) comhlíonta dá mb’áil le daoine go raghadh an Daingean chun cinn i gCúige Mumhan ach ní raibh eisceacht (b) sa mhéid is nach raibh gach fo-chumann díbeartha as an gcraobh agus sa chás sin, bhí rogha ana shoiléir ag Bord CLG Chiarraí. An Léigiún a chur chun cinn thar ceann Chiarraí i gcraobh na Mumhan i gcoinne Ranaoithe Nemo.

Ba thrua dá réir sin do chlú na caide i gCiarraí, go raibh an Léigiún chomh bocht is a bhí Dé Domhnaigh seo caite ach ba mhó ná san an bhuairt a bheidh anois ar fhoireann Chill Airne agus iad ag tabhairt faoi athimirt an lae amáraigh.

Beidh siad buartha de bharr an easpa smachta atá tagtha sa treis ana-mhór ina gcuid imeartha le seachtainí anuas. Tá san á nochtadh féin i bhfoirm cabaireachta óna gcuid imreoirí agus neafaiseacht i mbun seilbhe agus ní bheidh siad buacach má leananna sé air.

Beidh siad buartha, chomh maith, toisc nach léir dúinn gur féidir leis na tosaithe eile atá acu aon scóranna a aimsiú nuair atá Conor Keane agus James O’ Donoghue plúchta agus ceansaithe.

Agus thar aon ní eile, beidh an Léigiún buartha toisc go bhfuil blas na fola fachta ag gadhair Chiarraí Theas anois agus an chuma ar an scéal gur ag éirí orthu a bhíonn an tráth seo den mbliain i gcónaí.

Tá cuid d’fhoirne Uíbh Ráthaigh, An Rinn Ard, Dairbhre agus Piarsaigh na Dromad, tar éis ardú céime a bhaint amach ina rannóga éagsúla sraithe le seachtain anuas. Tá foireann eile ó Chiarraí Theas, curadh idirmheánach an chontae, Naomh Muire, tar éis stánáil a thabhairt do churadh an Chláir agus is léir ós na gothaí, ón dtost agus ón easpa gliothraim atá ag teacht aneas, go bhfuil foireann Chiarraí Theas á ngríosadh féin chun catha amárach.

Beimidne, nach mbaineann le ceachtar den dá champa, ag súil le cluiche níos oscailte (mo ghraidhin sinn!) ná mar a bhí coicíos ó shin.

Beifear ag súil le níos mó ná scór suarach amháin ón imirt ós na tosaithe go léir a chuirfear chun páirce.

Beifear ag súil le cinnireacht i bhfad níos mó a fheiscint ó imreoirí contae ar nós James O’Donoghue, Jonathan Lyne agus Podge O’ Connor an Léigiúin. Cé go ndein Killian Young agus Bryan Sheehan a gcion féin do Chiarraí Theas coicíos ó shin, tá níos mó iontu chomh maith.

B’fhéidir nach maith an rud é bheith ag súil le míorúiltí i laethanta dorcha an gheimhridh ach is mó de scóip chun iontais atá i bhfir Uíbh Ráthaigh agus measaim gur leo a bheidh tionlacan (Corn) an Easpaig Moynihan ag dul ó dheas tráthnóna amárach.