Bitesize Irish ag múineadh na Gaeilge tríd an amhránaíocht

As an obair a fhaightear an fhoghlaim a deirtear, agus bhí an méid sin ar a intinn ag Eoin Ó Conchúir agus cúrsa nua Gaeilge á fhorbairt aige. Labhair sé le Tuairisc

Bitesize Irish ag múineadh na Gaeilge tríd an amhránaíocht

Tá cúrsa nua Gaeilge bunaithe ar an amhránaíocht seolta ag an gcomhlacht ‘Bitesize Irish’. Lonnaithe i gcathair Luimnigh, tá Bitesize Irish ag soláthar cúrsaí Gaeilge ar líne ó 2010.

D’fhorbair foireann Bitesize Irish an cúrsa nua i gcomhar leis an bhforbróir ábhar foghlama Niall Ó Siadhail. Scríbhneoir é Niall Ó Siadhail a bhuaigh duais sa gcomórtas gearrscéalaíochta ag Gradaim Liteartha Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Niall a scríobh na míreanna atá ag dul leis an gcúrsa.

Tá Eoin Ó Conchúir, bunaitheoir Bitesize Irish, ag súil go mbainfidh daoine leas as an gcúrsa ní hamháin ar mhaithe le Gaeilge a fhoghlaim ach mar bhealach nua chun nasc a láidriú leis an gcultúr Gaelach.

“Ní hamháin go mbaineann an tionscadal seo le foghlaim na n-amhrán, ach le turas pearsanta chun nascadh le d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht féin.

“Táimid ag feiceáil daoine in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, i gCeanada, agus i dtíortha eile atá ag foghlaim na n-amhrán seo anois. Tá seans acu teacht ar scéal agus brí na n-amhrán.”

Ceithre amhrán atá ar fáil go dtí seo mar chuid den chúrsa nua ‘Sing in Irish’ ach tá sé i gceist ag an gcomhlacht tuilleadh amhrán a chur leis an gcúrsa de réir a chéile.

Is iad na hamhráin atá ar fáil ar an gcúrsa faoi láthair ná na hamhráin aitheanta Óró ‘sé do Bheatha Abhaile, Báidín Fheilimí, An Poc ar Buile agus Óró mo Bháidín. Cuirtear físeán ar fáil le gach amhrán ina leagtar amach comhthéacs cultúrtha agus staire an amhráin.

Tá liricí na n-amhrán curtha ar fáil freisin mar aon le treoir foghraíochta do dhaoine nach raibh an Ghaeilge acu ar scoil.

Múintear an fhoghraíocht trí thaifeadán fuaime agus iad ceangailte le cnaipí fuaime ar an gcomhéadan úsáideora a chuireann aistriúchán agus litriú foghraíochta ar fáil. Tá taifead déanta ar gach líne de gach amhrán as féin ionas gur féidir leis an bhfoghlaimeoir éisteacht leis na línte ceann ar cheann más gá.

As an obair a fhaightear an fhoghlaim a deirtear, agus bhí an méid sin ar a intinn ag Eoin Ó Conchúir agus a chomhghleacaithe agus an cúrsa seo á fhorbairt acu.

“Mé féin, tá mé an-spreagtha ag an smaoineamh foghlamtha leis an inchinn chlé agus an inchinn dheis. Tá an inchinn chlé an-loighciúil agus baintear úsáid as an taobh sin nuair atá tú ag foghlaim teanga agus ag breathnú ar rialacha gramadaí agus mar sin de. Bealach éagsúil foghlama ná trí rudaí a dhéanamh agus úsáid a bhaint as an inchinn dheis chruthaitheach.”

Déanann Bitesize Irish suirbhéanna leis na daoine a dhéanann a gcuid cúrsaí agus ceann de na rudaí a bhí á chloisteáil ar ais acu go minic ná go raibh suim ag daoine tuilleadh a fhoghlaim faoin gcultúr agus an oidhreacht.

“Tá ár gcustaiméirí ag rá linn go bhfuil na hamhráin ag cabhrú leo nasc nua a chruthú leis an gcultúr. Is bealach nua é chun an nasc sin a chruthú.

“Tá muid tar éis smaoineamh cheana ar bhealaí éagsúla chun an Ghaeilge a mhúineadh trí bheith ag déanamh rud éigin, mar shampla cócaireacht – tabhair oideas do dhaoine agus abair leo rud éigin a chócaráil agus foghlaimeoidh siad Gaeilge ar an mbealach sin.”

Tá rud éigin speisialta faoi na hamhráin, dar leis, a thugann comhthéacs cultúrtha do dhaoine i leith na Gaeilge. Roghnaíodh amhráin aitheanta. Dúirt duine amháin a rinne an cúrsa gur thug sé a ‘glór’ ‘ar ais di.

“Tá daoine ag déanamh nasc an-phearsanta leis na hamhráin. Domsa, sílim go bhfuil tú ag tabhairt fuinnimh don amhrán má tá tú á chasadh. Bíonn saghas ‘imposter syndrome’ ar dhaoine amanna agus ní airíonn siad go bhfuil sé de cheart acusan na hamhrán a chanadh.

“Ach feictear dúinn go dtugann an cúrsa úinéireacht do dhaoine ar na hamhráin agus ‘cead’ dóibh an nasc pearsanta a dhéanamh leo.”

Tugann siad cuireadh d’aoichainteoirí a theacht isteach ar an gcúrsa le labhairt leis na daoine atá á dhéanamh anois is arís chun spreagadh a thabhairt do na rannpháirtithe. Le deireanas tháinig an t-amhránaí agus ceoltóir Ciarraíoch, Amano Miura, isteach agus thug léacht maidir leis an taighde atá déanta aici ar an amhránaíocht ar an sean-nós ar fud na tíre.

Chabhraigh sé seo le daoine tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcomhthéacs áitiúil a bhaineann leis na hamhráin, a deir Eoin Ó Conchúir.

“Tá suim againn an comhthéacs áitiúil sin a thabhairt do dhaoine, labhairt faoi stair na n-amhrán agus na háiteanna as ar tháinig siad. Tháinig Amano isteach agus labhair sí faoin obair atá déanta aici, chuaigh sí ar fud na tíre ag labhairt le hamhránaithe ar an sean-nós agus ag foghlaim faoina gcuid amhrán agus na scéalta a théann leo.

“Bhí sise ag roinnt an ghrá atá aici don oidhreacht amhránaíochta agus ag cur fáilte isteach roimh na daoine ar an gcúrsa nasc a chruthú leis an oidhreacht sin.”

An fhoghraíocht ceann de na dúshláin mhóra a bhíonn ag daoine nár fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil, a deir sé.

Cuireann an suíomh cnaipí foghraíochta ar fáil chun go mbeidh daoine in ann éisteacht leis na focail trí chomhaid fuaime.

“Ó thaobh na gcustaiméirí de caithfear cuimhneamh ar dhaoine nár fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil agus bíonn an fhoghraíocht ina dúshláin dóibh.

“Baineann muid úsáid as cnaipí speisialta foghraíochta agus tá thart ar deich míle taifead againn sna cúrsaí ar fad, ní hamháin sa gcúrsa seo. Tá na cnaipí foghraíochta an-tábhachtach do dhaoine nár fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil nó a thagann go hÉireann as tíortha eile,” a deir Eoin Ó Conchúir.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Bitesize Irish ag múineadh na Gaeilge tríd an amhránaíocht'